‘Ar aghaidh leat, a Theachta Fitzmaurice, bunaigh Clann na Tuaithe…’

Agus é fógartha ag Michael Fitzmaurice go bhfuil ceangal á bhunú aige le Shane Ross agus neamhspleáigh eile, tá súil ag ár gcolúnaí go mbunófar comhghuailliócht a sheasfaidh an fód do pobal ilchineálach na tuaithe

joe cooke graphic
Léaráid: Tuairisc.ie

‘Bog man’ a thug duine de na Tráchtairí Móra ar an Teachta Dála Michael Fitzmaurice an lá faoi dheireadh. Má tá ciall ar bith ag Michael, agus creidim go bhfuil, glacfaidh sé leis an ainm mar onóir.

Dhá rud a d’fhéadfadh Michael a mhilleadh anois: go gcuirfeadh na hionsuithe a dhéanfas na Tráchtairí Móra air múisiam air agus, rud i bhfad níos contúirtí ná sin, go ngéillfeadh sé iomarca dá gcuid bladaireachta.

Ní tuar maith dó go bhfuil an Sunday Independent tosaithe á mholadh cheana féin.

Má thiteann Michael Fizmaurice isteach sna cluichí beaga polaitíochta a imrítear i mBaile Átha Cliath beidh deireadh leis.

Ar an taobh eile den scéal, tá an-deis aige anois tús a chur le gluaiseacht nua a bhféadfadh tionchar mór a bheith aici ar an tír seo go ceann blianta; comhghuaillíocht a bhunú a sheasfadh go neamhleithscéalach ar son phobal na tuaithe.

Is minic a deirtear gur i mBaile Átha Cliath atá na vótaí agus gur ann atá an chumhacht dá réir. Sin í an fhírinne ach céard faoi chóimheá na cumhachta?

Is léir don dall faoi seo go mbeidh sé deacair ag páirtí ar bith cumhacht rialtais a bhaint amach sa tír go ceann fada. Tá muid i ré an chomhrialtais go cinnte anois. Ní raibh aon deis níos fearr ag muintir na tuaithe riamh eagraíocht a bhunú a mbeadh na páirtithe móra ag brath uirthi go huile agus go hiomlán an lá a mbeadh na vótaí comhartha agus rialtas nua le cur le chéile.

Michael-Fitzmaurice-from-MichaelFitzmaurice.ie_
An Teachta Dála Michael Fitzmaurice. Pictiúr: michaelfitzmaurice.ie

Tá roinnt mhaith aithne agam ar an Teachta Dála Michael Fitzmaurice. Bhí mé in éineacht leis ar agóidí in oirthear na Gaillimhe agus ag Dáil Éireann faoi na cearta bainte móna. Ba mhaith uaidh an cás sin a chur chun cinn. Fear mór láidir é a bhfuil an-teacht i láthair ann agus a labhraíonn go hionraic agus go hoscailte.

Cara dlúth leis é an bhFeisire Eorpach Luke Ming Flanagan. Rinne na Tráchtairi Móra chuile iarracht staicin áiféise a dhéanamh de siúd freisin ar feadh i bhfad ach níor éirigh leo. Chuaigh mé féin agus Pádraic an Táilliúra Ó Conghaile ag stocaireacht do Mhing i gConamara roimh thoghchán na hEorpa. Rud amháin a thug muid faoi deara faoi an fonn a bhíonn air rud a fhoghlaim tar éis dó a admháil nach bhfuil an t-eolas aige.

Bhí muid ag caint leis sa Spidéal faoi chúrsaí iascaireachta agus chomh riachtanach agus a bheadh sé an t-ábhar sin a tharraingt anuas go minic sa mBruiséil. Déanfaidh mé an fhírinne libh, a dúirt sé, is beag é m’eolas ar chúrsaí iascaireachta. Ní bheidh tú i bhfad mar sin, a dúirt an bheirt againne leis agus thug muid siar caoldíreach é go dtí céibh Ros a’ Mhíl gur chuir muid ag caint é le Cathal Groonell, fear na monarchan éisc, agus le Máirtín Ó Conghaile, a bhfuil obair mhór déanta aige ag iarraidh a chur ina luí ar na húdaráis calafort domhainmhara a dhéanamh i Ros a’Mhíl.

B’iontach go deo an ceacht a thug siad an lá sin do Luke Ming Flanagan agus b’aireach mar a d’éist seisean le chuile fhocal dár labhair siad.

Bheadh baint mhór ag an bhFeisire Flanagan leis an eagraíocht tuaithe atá i gceist agam. Aríst thosódh na Tráchtairí Móra ag caint ar an ‘Ming Dynasty’, ach cén dochar: daonlathaí é Ming agus is beag é a aird ar a gcuid leasainmneacha.

Polasaí neamhleithscéalach tuaithe atá ag teastáil. Seo í an tír is lárnaí san Eoraip. Níl sa gcorás rialtais áitiúil atá againn ach mugadh magadh.

Sin é an chéad éileamh mór ba chóir a bheith ag Michael Fitzmaurice agus ag a ghluaiseacht nua. Ní aistriú státseirbhíseach go dtí na réigiúin atá mé a rá ach aistriú cumhachta agus airgid.

Tá go leor rudaí eile ann is ceart a éileamh freisin:

* Forbairt ar na hoifigí poist agus éirí as dúnadh scoileanna beaga agus beairicí Gardaí;

* Athbhreithniú ar na Ceantair Speisialta Chaomhnaithe;

*Faoiseamh do na hiascairí ó rialacha peannaideacha an Aontais Eorpaigh;

* Córas nua-aimseartha leathbhanda ar fud na tuaithe ar fad;

* Neartú agus daonlathú Údarás na Gaeltacha;

* Réiteach ar chás na bportach;

*An polasaí traenála printíseach a bhfuil Michael Fitzmaurice ag obair air faoi láthair;

*Infheistíocht láidir i Slí an Atlantaigh Fhiáin;

*Go leor pointí eile a thiocfadh chun cinn nuair a thosódh an díospóireacht faoin gclár oibre.

Sa mbliain 1938 bunaíodh Clann na Talmhan. Bhí tionchar acu ar pholaitíocht na hÉireann ar feadh cuid mhaith blianta. Toghadh dáréag (12) Teachta Dála dá gcuid sa mbliain 1943. Rinne siad leas. I 1948, ní fhéadfaí comhrialtas a chur le chéile dá n-uireasa. Ceapadh Joe Blowick ina Aire Talmhaíochta agus Michael Donnellan ina Rúnaí Parlaiminte.

Ach ar ndóigh chaithfí sainmhíniú na tuaithe a athrú go mór an iarraidh seo. Ní feilméaraí amháin atá faoin tuath ach pobal ilchineálach. Ní stráicí fairsinge talún amháin atá ann ach bailte móra freisin. Chaithfí an polasaí a chur i bhfeiliúint don saol atá ann anois.

The ‘Country and Western Alliance’ a déarfas na Tráchtairí Móra Sofaisticiúla aríst. Ach ní ar an gcósta thiar amháin a d’fhéadfaí Teachtaí Dála a thoghadh le cur ar son an leagain amach nua seo.

Tabhair faoi deara na toghcheantair inar toghadh dáréag Teachtaí Dála Chlann na Talmhan i 1943   —- An Cabhán, Corcaigh Thuaidh, Dún na nGall Thoir, Gaillimh Thoir, Ciarraí Thuaidh; Maigh Eo Theas (beirt), Ros Comáin (beirt), Tiobraid, Árann, Port Láirge, Cill Mhantáin.

Céad fáilte roimh an dream a bhí i gceist ag Brian Merriman sa dán Cúirt an Mheán Óiche nuair a thug sé “gramaisc na móna” ar a leithéidí.

Tá Lá na Lóbasach tagtha. A thuataigh, a chlabhtaí, a chábóga, a lucht an chnoic, a mhuintir na mara. Dúisígí feasta.

Buaileadh muid an t-iarann nuair atá sé te. Ar aghaidh leat, a Theachta Fitzmaurice. Bunaigh Clann na Tuaithe.

Fág freagra ar '‘Ar aghaidh leat, a Theachta Fitzmaurice, bunaigh Clann na Tuaithe…’'