Aon duine atá dáiríre faoi athbhunú Stormont ba chóir acht Gaeilge a bheith ina líne dhearg acu

Tá sé thar am ag an dá rialtas a ndualgas maidir le hacht Gaeilge agus an comhionannas a chomhlíonadh

Aon duine atá dáiríre faoi athbhunú Stormont ba chóir acht Gaeilge a bheith ina líne dhearg acu

Pictiúr: Eamonn Farrell/RollingNews.ie

Táthar ag cur tús le cainteanna idir na páirtithe ó thuaidh amárach agus iarracht eile á déanamh an Feidhmeannas a in Stormont a chur ar a bhonn arís. Is maith sin cinnte, ach más maith nach mithid?

Bhí dualgas ón tús ar an dá rialtas i dtaobh Chomhaontú Bhéal Feirste, Comhaontú Aoine an Chéasta, agus Comhaontú Chill Rímhinn, ach is beag iarracht a dhein rialtais i mBaile Átha Cliath le brú a chur ar na Sasanaigh a gcuid gealltanas a chomhlíonadh.

Agus toisc nach raibh aon bhrú orthu bhí rialtais na Breataine sásta gan tada a dhéanamh. Agus ar ndóigh ó fuair an DUP smacht ar rialtas Westminster ba lú fós an fonn a bhí ar na Sasanaigh aon rud a bhrú orthu nach dteastódh uathu.

Cuimhnímis mar sin féin gur i gCill Rímhinn a d’aontaigh an dá rialtas go gcuirfí Acht Teanga i bhfeidhm sa tuaisceart, acht a chinnteodh bunchearta do lucht na Gaeilge.

Níor labhair an DUP amach in aghaidh an choda sin den Chomhaontú ag an am, ach níor thug rialtas Westminster aon Acht isteach. Ina ionad sin, mhaígh siad gur ghnó don Fheidhmeannas é, agus dhiúltaigh an DUP an beart a dhéanamh in Stormont toisc nár cuireadh aon bhrú orthu.

Tá iarracht náireach ar siúl – ag RTÉ go speisialta ach ag bunaíocht an deiscirt i gcoitinne – tabhairt ar dhaoine dearmad a dhéanamh air sin ar fad agus an tuiscint á scaipeadh go bhfuil an fhreagracht chéanna ar an DUP agus Sinn Féin maidir le socrú a dhéanamh.

Tá líne dhearg ann (nó is cóir í a bheith ann). Is ionann ó thaobh cearta is stádais de an dá phobal ó thuaidh. Ní saoránaigh den dara grád iad náisiúnaithe an Tuaiscirt nó iad siúd a thugann Éireannaigh orthu féin. Tá siad ar aon dul leis na haontachtóirí, is tá an meas céanna agus na cearta céanna tuillte acu agus ag siombail a náisiúntachta, an Ghaeilge, mar shampla.

Rinneadh socrú cheana idir an DUP agus Sinn Féin, ar ndóigh, ach ní raibh lucht ceannais an DUP in ann tacaíocht a gcuid ball a fháil dó. Is cinnte nár shocrú iontach ar bith é, ó thaobh na Gaeilge de go háirithe. Bhí a lán éiginnteachta ag baint leis agus bheadh deiseanna móra ag DUP moill a chur ar a chur i bhfeidhm.

Ach ní raibh a gcuid ball sásta fiú leis an socrú teoranta sin.

Ní bhfuair Sinn Féin aon tacaíocht ó na páirtithe ó dheas, mar ba thábhachtaí leosan tabhairt faoi Shinn Féin ná cabhrú leo cearta a bhaint amach do náisiúnaithe an Tuaiscirt.

Ba é an rud a spreag an iarracht fuascailte is deireanaí seo ná na méad a bhí le rá ag an sagart ag sochraid Lyra McKee. Gan aon dabht tá gnáthdhaoine sa Tuaisceart ag súil leis an ngnáthpholaitíocht a thabhairt ar ais.

Ach tá a fhios ag madraí na sráide nach bhfuil gnáthnáisiúnaithe sásta glacadh a thuilleadh le saoránacht den dara grád.

Faraor, ní thiocfaidh aon athrú ar mheon an DUP mura gcuirfear brú cinnte orthu – faoi mar a cuireadh i gCill Rímhinn nuair a tugadh rogha d’Ian Paisley glacadh leis an socrú nó le comhriail idir an dá rialtas.

Is mór an trua é ach ní dócha go bhfuil an rialtas i mBaile Átha Cliath faoi láthair ag iarraidh rogha ar bith ar an dóigh sin a thabhairt don DUP. Oireann sé an iomad dóibh an milleán a chur ar na páirtithe, agus ar Shinn Féin ach go háirithe.

Má tá rud ar bith fiúntach le teacht as na cainteanna seo caithfidh an dá rialtas – agus an rialtas i mBaile Átha Cliath go háirithe– a bhfreagracht féin a aithint. Agus mura bhfuil an DUP sásta Acht Teanga a thabhairt isteach – mar atá in Albain agus sa mBreatain Bheag – agus bearta comhionannais eile, tá an dualgas ar pharlaimint Westminster é a dhéanamh.

B’fhearr cinnte dá mbeadh na haontachtóirí sásta a leithéid a dhéanamh iad féin agus tacú leis na bearta cothromais seo, ach aon duine atá dáiríre ag iarraidh go rachadh an feidhmeannas i mbun oibre arís ba chóir an comhionannas a bheith ina líne dhearg acu.

Tá fadhb ag na Sasanaigh faoi seo freisin ar ndóigh, mar tá an rialtas thall ag brath ar an DUP le fanacht in oifig (cé gur léir anois nach bhfuil aon chumhacht ag Theresa May is a cairde).

Murach an DUP ní bheadh iarracht May teacht ar shocrú leis an Aontas Eorpach ina phraiseach chomh mór sin. Feictear domsa go bhfuil polaiteoirí thall – ar son agus in aghaidh an Bhreatimeachta – ag éirí bréan den DUP.

Ach cibé rud a tharlóidh ansin, caithfidh rialtas na hÉireann seasamh leis an éileamh ar chomhionannas stádais don dá phobal, prionsabal a leagadh síos i gComhaontuithe Aoine an Chéasta agus Chill Rímhinn.

Is dóigh liom faraor nach mbeidh sna cainteanna ach cur i gcéill arís agus nach ndéanfaidh na rialtais an gnó atá le déanamh acu.

Fág freagra ar 'Aon duine atá dáiríre faoi athbhunú Stormont ba chóir acht Gaeilge a bheith ina líne dhearg acu'

  • Aililiú!

    Ní “siombail” de chuid ár náisiúntachta an Ghaeilge – is é dlúth agus inneach ár náisiúntachta í.