Anseo sa Ghaeltacht agus in áiteanna go leor tá an cheist á cur, cé acu is measa bás nó malairt beatha?

Níor ghá aon uirlis teicneolaíochta chun a chur ar ár súile go raibh, go bhfuil agus go mbeidh dúshláin ollmhóra le forbairt foirne agus cur chun cinn na gcluichí dúchasacha sna blianta amach romhainn

Anseo sa Ghaeltacht agus in áiteanna go leor tá an cheist á cur, cé acu is measa bás nó malairt beatha?

Ní inniu ná inné a tuigeadh dúinn i gCiarraí gurb é bánú na tuaithe agus an t-athrú a ghabhann leis ó thaobh gluaiseachta daonra agus díothú pobail an dúshlán is mó a bhí roimis Chumann Lúthchleas Gael amach.

N’fheadar an toisc go raibh an Ciarraíoch Pat Spillane ar cheann dá ruathair aonair ar an Late Late Show le déanaí nó toisc go bhfuil ag teip ar chumainn áirithe sa chontae foirne a chur chun páirce do chluichí tábhachtacha craoibhe le seachtainí anuas, ach tá an chaint ar bhánú tuaithe agus díothú pobail an-mhór sa treis arís.

Tá Ciarraí ar cheann de cheithre chontae sa tír – Tír Eoghain, Ros Comáin agus an Iarmhí na trí chontae eile – atá ag baint earraíochta as uirlis ríomhaireachta atá forbartha le déanaí chun cabhrú le fochumainn CLG pleanáil a dhéanamh ar a bhfuil rompu amach ó thaobh daonra agus líon na n-imreoirí a bheadh meáite ar theacht faoina anáil.

B’fhéidir, leis an aithne a bhíonn ag pobail bheaga tuaithe ar an uile dhuine atá ina gcomharsanacht féin, gur beag a rachadh i ngan fhios dóibh maidir le líon na ndaoine óga atá ag teacht in inmhe ina bparóistí féin. Seans gur sna bailte móra agus sna cathracha is mó a bheadh leas le baint as an uirlis seo toisc go mbeifí ábalta líon na leanaí nach bhfuil ag imirt na gcluichí Gaelacha a thomhas, a mheas agus a scagadh dá réir. 

Mar sin féin, is léir don uile dhuine go bhfuil a mhaitheasaí féin ag baint leis an uirlis chun na dúshláin a bhaineann le hathruithe suntasacha i ndaonra áite a aithint agus chun dul i ngleic leo.

Bhíos féin ag cruinniú i dTrá Lí i dtosach na míosa seo ag ar míníodh an cur chuige atá ag CLG Chiarraí chun dul i ngleic leis na dúshláin seo.

Níor ghá aon uirlis teicneolaíochta chun a chur ar ár súile go raibh, go bhfuil agus go mbeidh dúshláin ollmhóra le forbairt foirne agus cur chun cinn na gcluichí in Uíbh Ráthach, mar shampla. Níl an daonra ann a bhíodh ann tráth, níl leanaí ag freastal ar na scoileanna sa dúthaigh agus cheal deiseanna cinnte fostaíochta, níl an chosúlacht ar an scéal go mbeidh aon bhorradh míorúilteach ar dhaonra na háite agus ar líon na n-imreoirí óga dá réir.

Is é an réiteach a bhí in Uíbh Ráthach le breis is deich mbliana anuas ná cónascadh a dhéanamh idir foirne fé aois chun a chinntiú go bhféadfaí foirne trí dhuine dhéag nó cúig dhuine dhéag a chur chun páirce. Ní hé an réiteach is fearr ar an scéal chun aitheantas an chumainn aonair a chaomhnú ná chun tine na sinsear a adhaint is a chothú ach ar a laghad chinntigh sé go mbeadh cluichí rialta ag an té a shantaigh iad. Bhí san go breá nó go dtug cumann iomráiteach Dhairbhre, cumann Mhíchíl Uí Chonaill féin, le fios an tseachtain seo caite ná féadfaidís foireann a chur chun páirce in aghaidh Dhubhátha i gcluiche craoibhe sóisir. Ní don gcéad uair i mbliana, ní raibh cúig dhuine dhéag fásta ag Dairbhre le cur chun páirce agus b’éigean dóibh an cluiche a ghéilleadh. Is ainnis an scéal é ach an rud a bhíonn, bíonn sé.

Tharla cónascadh foirne cheana ag leibhéal na bhfoirne do dhaoine fásta in Uíbh Ráthach. Tháinig an tSnaidhm agus Doire Fhíonáin le chéile tamall siar ach ní mór an dul chun cinn a dheineadar mar chomhfhoireann. Táid ann i gcónaí ach iad ag strácáil in íochtar ranna na sraithe i gCiarraí. Níos faide siar arís, b’éigean do Naomh Micheál Bhaile an Sceilg agus an Fhaill Mhór, dhá pharóiste lastoir agus laistiar de chathair Uíbh Ráthaigh, teacht le chéile chun foireann a chur chun páirce. Bhí rath éigin ar an gcleamhnas sa mhéid is go mbaineadh craobh Uile-Éireann amach ins an ghrád idirmheánach ach táid siúd, leis, ag sleamhnú is ag cúbadh fé thromualach na bhfigiúirí, na matamaitice is an lagdhaonra. Ní sheasóidh aon chumann gan imreoirí.

D’fhágas an cruinniú sin i dTrá Lí roinnt seachtainí ó shin in ísle brí. Tuigeadh dom ar an bpointe a nochtadh na figiúirí daonáirimh a bhaineann le naíonraí, le bunscoileanna agus le meánscoileanna Chorca Dhuibhne gur gearr uainn an lá go mbeidh cónascadh foirne i gceist ar an leithinis againn féin. Tá an cónascadh san ag tarlúint cheana i measc chuid des na foirne fé aois ach tá cumainn áirithe, mo chumann féin ina measc, ag dul ar an gcloich is airde ó thaoide an bhánaithe. Tá seifteanna ann chun a chinntiú gur féidir cúig dhuine dhéag a chur chun páirce bliain ar bhliain ach tagann an lá go dtuigtear do dhaoine nach féidir éanlaith a chur as toir nuair nach ann dóibh.

Níl an lá san tagtha go Cumann Caide na Gaeltachta go fóill agus gura fada uainn é. Go deimhin féin, is iad an Ghaeltacht an t-aon chumann lasmuigh des na bailte móra i gCiarraí a raibh ar a gcumas foirne astu féin a cur chun páirce i ngach grád ó faoi 8 go sinsir anuraidh.

Lomfhianaise é seo ar an obair atá ar bun le hóige na Gaeltachta agus ar an spéis dhiamhair sa chaid atá le sinsearacht sa dúthaigh.

Ach is iad na figiúirí an máistir a bheidh orainn sa chás seo i ndeireadh na dála.

Nuair a nochtfaidh na figiúirí a bhfiacla géara, is ansan a thuigfear dúinn go léir gurb é an neart is mó atá ag CLG mar eagraíocht – an iomaíocht, an mórtas cine, an sprid a chruthaíonn agus a chothaíonn gráin shíoraí ar chéile comhraic thar teora soir nó siar – an laige is mó atá san eagraíocht chomh maith.

Is leasc leis an uile dhuine a bhfuil tréithe na hiomaíochta, an mhórtais chine agus na spride pobail iontu, dul in aontas leis an dtreibh thar teora, ach cé acu is measa bás nó malairt beatha?

Más fíor go múineann gá seift, beidh seifteanna le feiscint ó thalamh fén dtuath againn sna blianta amach romhainn. Tá am an ghátair chugainn.                      

Fág freagra ar 'Anseo sa Ghaeltacht agus in áiteanna go leor tá an cheist á cur, cé acu is measa bás nó malairt beatha?'