Caithfidh go raibh oíche go maidin aréir san Ionad Comhdhála san ardchathair, áit ar bronnadh a ngradaim ar na Réalta Uile-Éireann. Ach is dócha go raibh cuid maith de na himreoirí iomráiteacha seo sa nead luath go leor agus iad ag dul chun páirce arís i rith an deireadh seachtaine in go leor comórtas clubanna atá ag teacht go ceann scríbe.
Dar ndóigh tá comórtais eile nach bhfuil ach díreach tosaithe.
Cuireadh tús le ceann díobh san, comórtas sinsir iomána na Mumhan, an Domhnach seo caite nuair a d’imir Baile Mhic Gonair Phort Láirge agus Mainistir na Corann Chorcaí i gcoinne a chéile. B’fhearr a chríochnaigh foireann na nDéise, ach ní dóigh go rabhadar róshásta lena dtaispeántas.
Amárach imreoidh siad seaimpíní úrnua an Chláir, Baile Aodha, i bPáirc an Bhreathnaigh. Dar ndóigh tá seantaithí ar an gcomórtas seo ag an dá fhoireann, go háirithe leaids na nDéise agus cúig fhogha i ndiaidh a chéile tugtha acu faoin gcomórtas agus gan aon chorn fós acu in ainneoin an ghaisce sin.
Dar ndóigh tá ainm an chlub curtha ar chorn an chúige ó 2001 ach d’ainneoin na gcúig sheans a bhí acu, tá an grúpa cumasach seo fós ag lorg bua. Tá réaltaí contae ar fud na páirce acu ach déarfainn nach bhfuil aon duine acu sin chomh tábhachtach le Páraic Mahony, fear na bpocanna saora. Chuir sé dosaen cúilíní ar chlár na scór seachtain ó shin agus is beag lá nach mbíonn an méid sin nó a thuilleadh aige.
Dhá bhliain ó shin agus Baile Aodha ar a gcéad aistear sa chomórtas seo, bhí feachtas iontach spreagúil suimiúil acu go dtí gurbh éigean dóibh aghaidh a thabhairt ar shaineolaithe Bhaile Héil ar Lá Fhéile Pádraig. An lá áirithe sin ní rabhadar cliste nó láidir go leor. Ach ní hin le rá nach bhfuil taithí acusan freisin agus, chomh maith leis sin, tá Tony Kelly acu. An lá a mbíonn Kelly i mbarr a mhaitheasa, is beag nach mbeadh sé ábalta cluiche a bhuachan as féin.
Anois nó go deo an cás ag Baile Gonair. An buntáiste é go raibh cluiche acu Dé Domhnaigh seo caite, nó an amhlaidh gur buntáiste ag Baile Aodha atá an buntáiste toisc go raibh lá saor acu an lá céanna? Is deacair a rá, agus is deacair a rá cé a bhuafaidh an ceann seo, ach más féidir le Baile Gonair Kelly a choimeád ciúin, nó ar a laghad, a thionchar a laghdú, is dócha nach mbeidh lá eile ag teastáil ón bPaorach.
Sa chluiche leathcheannais eile casfaidh seaimpíní nuachorónaithe Thiobraid Árann, Cluain Ultaigh Ros Mór, ar na Piarsaigh as Luimneach, atá ina mboic mhóra sa chomórtas seo ó 2011 agus ceithre chraobh sa mhála acu.
Ba mhór an t-údar díomá do na Piarsaigh an chríoch a bhí ar chluiche athimeartha chraobh na hÉireann i gcoinne Chuala níos túisce i mbliana agus déarfainn nach bhfuil ach sprioc amháin acu ó shin. Ach tá turas fada rompu agus tosóidh sé sin ar a haon a chlog amárach i bPáirc na nGael i Luimneach.
Thug siad an-taispeántas i gcluiche ceannais an chontae faoi na soilse seachtain ó shin. Tá foireann seo na bPiarsach breac le réaltaí agus seasfaidh an taithí agus an díocas chun an bhua a fháil leo.
Ní fhaca mé fir Thiobraid Árann ag imirt fós ach deirtear liom gur foireann chumasach iad. Tá ceannairí maithe acu, beirt a d’imir don chontae, John O’Keefe agus Timmy Hammersley ina measc, agus tá scata eile imreoirí acu a chaith geansaí an chontae ar fhoirne faoi aois. Mar sin féin, ar gcéad luí súl, is laige go mór a bhreathnaíonn siad i gcomparáid leis na Piarsaigh. Coicís ó shin a bhuadar a gcéad chraobh chontae ó 1997 agus tharlódh gurbh í sin an sprioc a bhí acu ag tosach na bliana. Is deacair iad a fheiceáil ag buachan sa cheann seo.
Fág freagra ar 'Anois nó go deo an cás ag Baile Gonair'