ANAILÍS: An bhfuil cos ag Trevor Ó Clochartaigh ar thairseach na Dála?

Tá an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh ainmnithe mar iarrathóir Shinn Féin i nGaillimh Thiar don chéad olltoghchán eile. Cén seans atá aige?

Trevor_Ó_Clochartaigh_2013

Sa chéad olltoghchán eile beidh an seans is fearr ag Sinn Féin ó na 1920aidí ar shuíochán Dála i nGaillimh Thiar agus má fhaigheann siad an suíochán sin is é an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh as Conamara a bheidh ag dul go Dáil Éireann thar a gceann.

Cé go raibh scéalta ann go raibh lucht Sinn Féin i gcathair na Gaillimhe chun cur i gcoinne an tSeanadóra, thug sé leis an t-ainmniúchán gan mórán stró, is cosúil.

Tá an cruóg sin curtha de aige anois agus tá Sinn Féin láidir freisin, de réir na bpobalbhreitheanna ar aon nós. An bhfuil cois ar thairseach na Dála ag Trevor Ó Clochartaigh mar sin?

Ní bheidh an Seanadóir Ó Clochartaigh ag déanamh aon áibhéil agus é i mbun meastacháin ar na vótaí a thabharfar dó. Níor éirigh leis faoi dhó cheana i dtoghcháin Chomhairle Contae i gConamara (2004 agus 2009) agus ní raibh aon ghair aige ar shuíochán san Olltoghchán i 2011.

Fuair sé suíochán Seanaid ina dhiaidh sin ach eagraíonn páirtí Shinn Féin na vótaí d’aonturas do thogchán an tSeanaid. Tuige mar sin a mbeadh geallghlacadóirí ag comhaireamh an tsuíochain Dála dó, an iarraidh seo?

Tá buntáistí ag an gClochartach. Mar Sheanadóir tá stáitse polaitíochta aige agus tá leas bainte aige as – tá eolas níos forleithne air. Tá riar Comhairleoirí Contae agus Cathrach de chuid Shinn Féin ina thoghcheantar anois nach raibh ann cheana agus tá borradh faoi Shinn Féin sna pobalbhreitheanna.

Ach sa deireadh, caithfidh na vótaí a dhul sna boscaí.

Bhí 3,808 vóta nó 6.3% den iomlán a caitheadh san Olltoghchán i nGaillimh Thiar i 2011 ag Ó Clochartaigh. D’imigh sé as an iomaíocht ar an 9ú comhaireamh agus 4,683 vóta aige faoin tráth sin. Cúig shuíochán atá i nGaillimh Thiar agus bhí seachtar fanta nuair a cuireadh an Clochartach amach. Bhí 7.5% (4,550) ag Seán Kyne as Fine Gael ar an gcéad chomhaireamh agus ba é an duine deireannach a toghadh.

Ar ndóigh, ní féidir a rá go dtoghfaí Trevor Ó Clochartaigh anois dá dtiocfadh sé aníos go dtí an vóta a bhí ag Seán Kyne i 2011. Bhí beirt iarrthóirí láidire de chuid Fhine Gael taobh thiar den Teachta Kyne an uair sin agus fuair sé slám láidir vótaí uathu. Cadhain aonraic é Trevor Ó Clochartaigh do Shinn Féin agus é ag brath ar aistriúcháin ó iarrthóirí den éite chlé, go háiríthe.

Is é a thús agus a dheireadh go dteastóidh cúpla míle eile vóta uaidh nach raibh aige i 2011.

Ach tá páirc na polaitíochta athraithe chomh maith.

Ceaptar nach gcoinneoidh Derek Nolan (Lucht Oibre) a shuíochan, go háiríthe agus an taoille ag imeacht ón bpáirtí. Táthar den bharúil freisin nach gcoinneoidh Fine Gael an dá shuíochán i nGaillimh Thiar; ní raibh ach 17 vóta le spáráil ag Seán Kyne i 2011 nuair a fuair sé an cúigiú suíochan. Imeoidh sé féin nó Brian Walsh an chéad uair eile, a deirtear.

De réir na ngeallghlacadóirí tiocfaidh Catherine Connolly (Neamhspleách) agus Trevor Ó Clochartaigh ( Sinn Féin) isteach in áit pé beirt a chaillfidh suíochán.

Ach coinnigh greim ar an adhastar go fóilleach!

Tá ceantar i ndeisceart Mhaigh Eo, a gcaithfear tuairim is 4,000 vóta ann, istigh le Gaillimh Thiar an uair seo. Dá gcuirfeadh Fine Gael an Teachta Dála, John O’ Mahony (as Maigh Ei) san iomaiocht d’fhéadfadh seans níos fearr a bheith ag an bpáirtí sin ar an dá shuíochán arís. Bheadh O’ Mahony ag teacht isteach as Muigheo, gan aon mhairg pholaitiúil air i nGaillimh, agus an cháil air gurb é a bhí ina bhainisteoir ar fhoireann na Gaillimhe nuair a bhuaigh siad Craobhacha Peile na hÉireann i 1998 agus i 2001. Dá mbeadh dhá shuiochán ag Fine Gael bheadh Catherine Connolly no Trevor Ó Clochartaigh le cur as an gcomhaireamh – sin má ghlacann tú leis go bhfuil Éamon Ó Cuív, Noel Grealish agus duine d’iarrthóirí Fhine Gael réasúnta slán.

An buntáiste atá ag Catherine Connolly ná gur dóigh go dtitfeadh cuid mhaith de vóta Derek Nolan (Lucht Oibre) ina treo istigh sa gcathair rud a laghadódh an seans a bheadh ag Trevor Ó Clochartaigh sa gcás go mbeadh John O’ Mahony san iomaíocht. Ach is iomaí cor agus lúb a bhíonn ar bhóthar na polaitíochta agus beidh sé tamall eile sula a mbeidh an scéal níos soiléire.

Fág freagra ar 'ANAILÍS: An bhfuil cos ag Trevor Ó Clochartaigh ar thairseach na Dála?'

  • Páid Ó Donnchú

    Anailís chruinn. Sílim féin go rachfaidh go leor vótaí nua Mhaigh Eo i dtreo uí Chuív.