An ‘tsócmhainn’ is mó atá ag Cumann Lúthchleas Gael ná sprid dheonach na heagraíochta

Is nuair a dheineadar cleamhnas le Sky a chuaigh CLG ar chosán na tráchtála teilifíse

An ‘tsócmhainn’ is mó atá ag Cumann Lúthchleas Gael ná sprid dheonach na heagraíochta

Tuigeann lucht riartha Chumann Lúthchleas Gael nach aon ghnó amháin a chothaíonn tigh. Sin ceann des na cúiseanna go gcuadar in aon leaba leis an gcomhlacht Sky ar Lá na nAmadán 2014.

Cé go rabhthas ag gabháil trí eireaball an lag trá eacnamaíochta ba ghéire le cúpla glúin anuas, taibhsíodh do cheannairí na heagraíochta ag an am go mba mhaith an smaoineamh é cuid des na cluichí a bhí le craoladh a dhíol le comhlacht príobháideach agus go mba mhaith an mhaise dóibh foinse bhreise teacht isteach a bheith acu anuas ar theacht isteach ós na geataí, ó mhargaí tráchtála, ó chearta craolta agus ó scata foinsí eile. Taibhsíodh dóibh chomh maith, go mba shuarach iad na daoine a bhí ag gearán faoina leithéid agus faoin dtáille a bhí le gearradh as na cluichí breise sin a fheiscint ar Sky.

Bhí sé la háiteamh ag Cumann Lúthchleas Gael an uair úd ná beadh aon laghdú ag teacht leis an gconradh craoltóireachta nua ar líon na gcluichí a bheadh le feiscint ‘saor in aisce’ tríd na gnáthbhealaí teilifíse.

Ní raibh aon bhréag ansan acu toisc gurb amhlaidh go raibh na cluichí a bhí á ndíol le Sky ag teacht sa bhreis ar an méid a bhí á gcraoladh cheana féin le leithéidí RTÉ agus TG4. Nuair a tháinig rún ó bhonn aníos ós na fochumainn i gcontae Chiarraí fé bhráid chomhdháil bhliantúil Chumann Lúthchleas Gael in 2016 ag éileamh go gcuirfí deireadh leis an gconradh le Sky, dúirt Ard-Stiúrthóir CLG ag an am, Páraic Duffy, ná beadh aon chiall leis an rún ar bhonn tráchtála dá gcuirfeadh CLG srian orthu féin san idirbheartaíocht le comhlachtaí craolacháin agus go raghadh sé ana-dhian orthu ‘fíorluach na sócmhainní’ a bhí acu a bhaint amach gan iomaíocht cheart a bheith sa ‘mhargadh’.

Arís, ba dheacair áiteamh leis an dtuairimíocht sin ar bhonn tráchtála. Éileamh a chruthaíonn iomaíocht agus iomaíocht a chruthaíonn teacht isteach agus, ar an mbonn san, bheadh sé ciallmhar agus stuama ag CLG a bheith ag orlaíocht ar an iarann te. Fochaisí eile ar fad iad na focail ‘luach’ agus ‘sócmhainn’ ach tuilleadh fé sin níos déanaí.

Bhí go maith is ní raibh go holc. Chuaigh daoine i dtaithí ar Sky (de réir dealraimh) agus bhí daoine (de réir dealraimh) sásta íoc as an ‘dtáirge’ ar mhaithe lena gcontae a fheiscint sa chuilithe i lár na craoibhe.

Bhí cogar mogar i gcónaí ar chúl stáitse, áfach, ná raibh ag éirí chomh maith sin leis an gcraoladh a bhí ag Sky, ainneoin feabhas léirithe, láithrithe agus anailíse a gcláracha CLG. Ní nach iontach, agus táille le híoc, ní raibh na figiúirí (agus tá gach aon ghníomh tráchtála bunaithe ar fhigiúirí) go maith. Bhíodh, mar shampla, an meánlucht féachana ag cluichí ceannais ar Sky ar aon dul le cláracha ar nós Judge Judy agus Oireachtas Report ar RTÉ.

Anuas air sin, bhí míshuaimhneas, amhras agus easpa iontaoibh cruthaithe faid an ama ag an nglandealú idir briathra agus gníomhartha lucht riartha CLG maidir leis an gceist. Le breis is 20 bliain roimis an chonartha le Sky, bhíodh sé le rá ag CLG ná déanfaidís an margadh go deo le leithéidí Sky. Móidíodh in óráidí, in agallaimh agus i litreacha chuig rialtais éagsúla ná déanfaí a leithéid.

Bhí na cúiseanna leis an mhóid seo leagtha amach go soiléir is go paiteanta ag an Ard-Stiúrthóir féin, Páraic Duffy, nuair a labhair sé sa bhliain 2013 le Michael Moynihan, údar an leabhair GAAconomics. Dúirt Duffy ag an am ná díolfadh CLG na cearta craolta le Sky toisc ná féadfaí a leithéid a dhéanamh fiú dá mba 10% den ndaonra ná raibh Sky acu.

Dúirt sé sa leabhar, go raibh tuiscint ann gur leis an uile dhuine in Éirinn Cumann Lúthchleas Gael, go bhfuil sé préamhaithe i ngach paróiste, gach baile fearainn. Dúirt sé, leis, go mbeadh sé ina raic dá mbainfí cluichí den ardán saor in aisce, cé gur dhóigh leis go raibh teacht ar Sky ag scata sa tír. Sé mhí ina dhiaidh sin, d’fhógair Duffy an margadh le Sky. Briathra móra is mogaill fholmha. Ba dheacair don té a bhí scólta ag na briathra céanna aon mhuinín a bheith a thuilleadh i lucht inste scéil.

Thit port na habhann i ndeireadh na bliana seo caite agus d’fhógair Sky go raibh deireadh ag teacht lena margadh le CLG tar éis naoi mbliana. San idirbheartaíocht a lean, fógraíodh go mbeadh GAAGo, comhfhiontar seana-bhunaithe idir RTÉ agus CLG ag craoladh cuid des na cluichí ná beadh le feiscint ar na gnáthbhealaí teilifíse feasta.

Ní raibh aon cheilt ná uisce fé thalamh i gceist an uair seo agus tuigeadh luath go maith, an rud a thuig diaspóra na hÉireann a bhí ag brath air le blianta, go mbeadh táille le híoc as seirbhísí craolta GAAGo a bheith agat.

Ní go dtí go raibh an dara cluiche clasaiceach iomána in imeacht coicíse á chailliúint ag daoine go dtit an t-aer ar an dtalamh, áfach. Tá sé ina raic ó shin.

Go dtí seo sa chaibideal seachtaine fé GAAGo cloisim daoine ag rá go bhfuil na haon ní ag teastáil gan faic, saor in aisce ó dhaoine ar nós mo leithéidse. Tá sé ráite liom agus léite agam gur tuairim dhúr, righin agus seanchaite í an tuairim nár cheart íoc as cluichí a fheiscint.

Cé go seasaim leis an dtuairim, aithním go bhfuil athrú ó bhonn tagtha ar réimse na craoltóireachta le trí bliana anuas. Thug an ghéarchéim sláinte múnlaí nua craoibhe agus craoltóireachta dúinn – múnlaí a fhágann go bhfuil tranglam cluichí ag titim ceann ar cheann anuas sa mhullach ar a chéile. Má ghlacann tú leis ná fuil slí sna sceidil thraidisiúnta chraoltóireachta chun freastal ar na cluichí breise seo go léir agus má ghlacann tú leis go gcaithfidh CLG teacht isteach éigin a chruthú as cearta craolta, conas is féidir ord a chur ar an dtranglam céanna gan craoladh bunaithe ar tháille a bheith ann?

Cuireadh an cheist níos mó ná babhta amháin orm le seachtain anuas, ‘cad iad na híobairtí atáthar toilteanach a dhéanamh chun go mbeadh cluichí á gcraoladh saor in aisce feasta?’. Cén géilleadh a chaithfear a dhéanamh?

Níl freagra na ceiste chomh simplí is a d’fhéadfadh a bheith dá dtuigfí brí agus éirim na bhfocal ‘sócmhainn’ agus ‘luach’ timpeall deich mbliana ó shin. Is í an ‘tsócmhainn’ is mó a bhí, atá agus a bheidh ag Cumann Lúthchleas Gael ná sprid dheonach na heagraíochta. Dá mbeadh luach curtha air sin sara dtosnaíodh amach guaille ar ghuaille le Sky ar chosán na tráchtála, bheadh an saol i bhfad níos simplí inniu.

Níl aon chúlú ar an gcosán san anois.

Fág freagra ar 'An ‘tsócmhainn’ is mó atá ag Cumann Lúthchleas Gael ná sprid dheonach na heagraíochta'

  • jpmorley0@gmail.com

    Caithfidh go bhfuil slí timpeall air seo ach cuimhneamh air …agus na daoine ‘cearta’ a chur ina bhun! Táimse ,leis, oibrithe faoin gceist seo ach ní hamhlaidh go bhfuilim scun scan i gcoinne aon táille a íoc. ‘Sí an fhadhb is mó atá ann ná go ndéanann CLG talamh slán de go bhfuil córas ríomhaireachta ó cheann ceann na hÉireann atá oiriúnach chun GAAGO a iompar. Nó, neachtar acu, go bhfuilimid uile inniúil ar ríomhaire a úsáid …i gcás go bhfuil ríomhaire ar bith sa tigh, rud nach bhfuil ag scata.*Ní fhágann san ach an teilifís amháin mar bhealach chun a chinntiú go mbeidh na cluichí is ansa lenár gcroí le feiscint againn. D’fhéadfaí táille mheasartha éigin sa bhreis a ghearradh (anuas ar an gceadúnas teilifíse) chun séithleán eile teacht isteach a sholáthar do CLG, ón uair go bhfuilid chomh dealbh dearóil sin. Easpa samhlaíochta, easpa tuisceana, easpa comhbhá leis an aineol IT agus dearg-aineolas CLG faoin lag/neamhchóras ‘leathanbhanda’ sa tír, go háirithe faoin tuath, agus sainnt thar meán, is bun leis an gcibeal seo, dar liom. Ba cheart cloí leis an mbosca teilifíse chun an fhadhb seo a fhuascailt, tá fáil ag an díthreabhach féin air sin i gcorp an lae inniu. * Ba mhór an díol trua an tsean-lánúin léirithe, chraptha sa tsiopa ag impí ar an bhfreastalaí ‘speáint dóibh conas GAAGO a oibriú ar an laptop bunachaite a bhí ceannaithe acu uaidh. Iad fiain chun iománaithe Luimnigh a fheiscint agus iad chomh dall le circ ar an dteicneolaíocht. An mó duine eile ar fuaid na dúthaí atá sa chan céanna? Nó an deis ag JP Luimneach í seo aríst chun slám airgid a chur i mbéal bearnain? JP mar Uachtarán ar CLG? Réiteodh san é gan aon silí seailí….