An tOspidéal Náisiúnta Máithreachais – scéal fada nach léir a chríoch fós

Ceathrar airí a bhí ag plé le cás an Ospidéil Náisiúnta Máithreachais le hocht mbliana anuas agus gan aon fhuascailt air go fóill

An tOspidéal Náisiúnta Máithreachais – scéal fada nach léir a chríoch fós

Na hairí sláinte a bhí ag plé le cás an Ospidéil Náisiúnta Máithreachais - James Reilly, Leo Varadkar, Simon Harris agus Stephen Donnelly. Pictiúir: INPHO

In 2013, d’fhógair an t-aire sláinte James Reilly gur in aice le hOspidéal Naomh Uinseann i ndeisceart Bhaile Átha Cliath a thógfaí an tOspidéal Náisiúnta Máithreachais nua.

In 2015, d’fhógair an t-aire sláinte Leo Varadkar gur in aice le hOspidéal Naomh Uinseann a thógfaí an t-ospidéal nua.

In 2016, d’fhógair an t-aire sláinte Simon Harris gur in aice le hOspidéal Naomh Uinseann a thógfaí an t-ospidéal nua, tar éis dó glacadh le margadh idir an rialtas agus Ospidéal Naomh Uinseann a mhol an t-eadránaí Kieran Mulvey.

In 2021, d’fhógair an tAire Sláinte Stephen Donnelly go raibh súil aige gur in aice le hOspidéal Naomh Uinseann a thógfaí an t-ospidéal nua, agus go bhféadfaí teacht ar chomhshocrú faoi neamhspleáchas cliniciúil an ospidéil.

Má tá léitheoir ar bith ag éirí tuirseach faoin tráth seo den síor-athrá gan toradh dá bharr, glac leis go bhfuil tuirse, amhras agus mífhoighne intuigthe. Má bhreathnaítear ar an tuairisc thomhaiste, atá ar fáil anseo, inar mhol Kieran Mulvey comhréiteach ar an aighneas cúig bliana ó shin, is deacra an fáth nár cuireadh i bhfeidhm nó i leataobh é faoin am seo.

Mhol Mulvey go mbunófaí comhlacht nua chun dul i mbun an ospidéil nua ar a mbeadh ceathrar ionadaí an ceann ón Ospidéal Náisiúnta Máithreachais agus ó Ospidéal Naomh Uinseann, chomh maith le hionadaí a d’ainmneodh an t-aire sláinte. Fiú má chuir an phaindéim moill eile ar thógáil an ospidéil, is fíor freisin go raibh ceathrar airí ag plé leis an scéal ar feadh ocht mbliana.

Bhí réiteach simplí á mholadh ag an bhfreasúra sa Dáil i rith na seachtaine ar an aighneas idir an rialtas agus Siúracha na Carthanachta, an t-ord ar leo suíomh Ospidéal Naomh Uinseann agus atá ag éileamh go mbeadh seilbh indíreach acu air go leanúnach.

Dúirt Teachtaí ó Shinn Féin, ón Lucht Oibre agus ó na Daonlathaithe Sóisialta, gur chóir don rialtas ordú ceannaigh éigeantaigh nó CPO a úsáid chun seilbh iomlán stáit a dheimhniú ar ionad an ospidéil.

B’fhearr leis an Aire Sláinte Stephen Donnelly go mbeadh seilbh ag an stát ar an suíomh ar a dtógfar an t-ospidéal. Ach dúirt sé leis an bhfreasúra go bhféadfaí neamhspleáchas iomlán an ospidéil a dheimhniú dá uireasa.

Níor chuidigh an Tánaiste le seasamh an aire nuair dúirt Leo Varadkar nach raibh sé sásta leis na socruithe a bheas i bhfeidhm san Ospidéal Náisiúnta Máithreachais nuair a aistreofar é ó lár na cathrach go dtí an suíomh nua.

An suíomh atá beartaithe don an Ospidéel Náisiúnta Máithreachais. Pictiúr: Sasko Lazarov / RollingNews.ie

Tá súil ag Donnelly go reáchtálfar cruinniú go luath idir an Roinn Sláinte agus Ospidéal Naomh Uinseann ach is ar éigean a réiteofar go luath an t-aighneas agus an mhímhuinín is cúis leis. Is léir cheana féin áfach nach mbeidh aon dul as aige ach an fód a sheasamh ar dhóigh a dheimhneoidh neamhspleáchas iomlán an ospidéil.

Mura n-athraíonn Ospidéal Naomh Uinseann, na Siúracha agus an Vatacáin a dtuairimí, ní shíltear go n-úsáidfear ordú leis an suíomh a ghabháil go héigeantach mar atá an freasúra a mholadh. Ar thrí chúis: toisc nach bhféadfaí a bheith cinnte cén toradh a bheadh ar achomharc a dhéanfaí ina choinne, ná faoin achar ama a thógfadh sé ceann scribe cinnte a bhaint amach sna cúirteanna, ná faoi mhéid an chúitimh a bheadh ar an stát a íoc.

Déanfaidh Donnelly agus státseirbhísigh a roinne iarracht eile teacht ar mhargadh sásúil le hOspidéal Naomh Uinseann agus leis na Siúracha. Faraor, fiú má bhíonn toradh sásúil ar an iarracht, ní shroichfear críoch an scéil léanmhair seo ar feadh tamaill eile.

Lá breithe sona an rialtais?

Cuireadh an rialtas ar bun bliain ó shin go díreach, ar 27 Meitheamh 2020. De réir an mhargaidh a rinneadh sular bunaíodh é, is ag deireadh na bliana seo chugainn a éireoidh Micheál Martin as a phost mar Thaoiseach chun deis a thabhairt do Leo Varadkar a bheith i gceannas arís.

Níor athraigh na príomhábhair ar chlár oibre an rialtais ó shin – láimhseáil na paindéime, lán-athbheochan an gheilleagair agus soláthar tithe/árasán ar chostas inacmhainne. Tabharfaidh an pobal an chéad bhreith ar chaighdeán na hoibre ar an 8 Iúil nuair a vótálfar i bhfothoghchán Chuan Bhaile Átha Cliath Theas.

Dúirt an Taoiseach agus an rialtas nua á bhunú go raibh rún daingean ag an rialtas ábhar dóchais a thabhairt arís do dhaoine go mbeidís ábalta áit chónaithe a cheannach nó a fháil ar cíos.

An bhfuil dóchas dá leithéid tairgthe ag an rialtas, agus cé mhéad vótálaí a cheapann go mbeadh cúis dóchais níos láidre acu dá mbeadh Sinn Féin nó páirtí eile sa rialtas? Beidh tionchar nach beag ag na freagraí ar an dá cheist ar thoradh an fhothoghcháin.

Fág freagra ar 'An tOspidéal Náisiúnta Máithreachais – scéal fada nach léir a chríoch fós'