An tír faoi thoinn á mapáil dúinn uilig

Níl aon bhaint ag obair thábhachtach Infomar le hacmhainní nádúrtha ná le forbairt acmhainní farraige. Níl de shuim ag na heolaithe ach go mbeadh na mapaí cruinn do lucht farraige…

An tír faoi thoinn á mapáil dúinn uilig

Is cuid an-bheag d’obair na n-eolaithe sin atá ag obair le ‘Infomar’ na longa ‘báite’, níl ann ach b’fhéidir 1% den obair uile. Ach 99% den am, is faoi na longa sin a bhíonn daoine fiosrach – an Lusitania, an Kowloon Bridge, an Manchester Merchant…Cén t-eolas atá acu fúthu sin?

Meastar go bhfuil os cionn 4,000 long bháite, a bhfuil eolas ar fáil fúthu, i bhfarraigí na hÉireann. Bheadh longa ó chabhlach Armáid na Spáinne ina measc. Le teacht an 18ú agus an 19ú haois agus an méadú mór ar thrádáil idir tíortha, mhéadaigh freisin ar líon na long a briseadh thart ar an gcósta.

Ach ba le linn an dá Chogadh Domhanda a rinneadh an scrios ba mhó thart ar an tír – meastar go bhfuil os cionn 1,800 long ón dá chogadh mór sin i measc na long a bhfuil eolas orthu.

Bhí mé ag caint le mo mhac Eoin Mac Craith faoina chuid oibre in Infomar agus nádúrtha go maith, dhírigh mé m’aird ar na longa stairiúla. Tá scéalta faoi gach ceann acu – seans gurb í an RMS Lusitania an ceann is mó a bhfuil eolas ag an ngnáthphobal fúithi. Ach ní hamhlaidh a théann na heolaithe amach ar thóir na long sin – is amhlaidh a thagann siad orthu le linn na suirbhéireachta mara.

Tá an t-achar de ghrinneall na farraige ar leis an tír seo é iontach mór ar fad.

Ceaptar go bhfuil sé ionann is deich n-uaire chomh mór leis an tír féin.

Ba é cabhlach na Breataine a dhéanadh an mhapáil sa sean-am. Go deimhin is ar an mBreatain fós a thiteann an fhreagracht os cionn 40% de chairteacha loingseoireachta an domhain a dhéanamh.

Thosaigh an tír seo ag déanamh ár gcuid mapála féin leis an ‘Irish Seabed Survey’ roimh thús na mílaoise seo. Ach ba le teacht an tionscadail ‘Infomar’ a cuireadh dlús leis an obair ar scála mór.

Comhpháirtíocht idir an GSI (Suirbhé Geolaíochta na hÉireann) agus Foras na Mara (Marine Institute) atá in ‘Infomar’. Déanann an GSI an tsuirbhéireacht gar don chósta lena gcuid bád féin (An Keary, an Geo, an Lir, an Mallet) agus déanann Foras na Mara an tsuirbhéireacht sna huiscí doimhne sna longa móra ‘An Celtic Explorer’ agus an ‘Celtic Voyager’.

Sonóir nó sonar an teicneolaíocht a úsáidtear leis an mapáil sin a dhéanamh. Nuair a bhí an Captaen Bligh cáiliúil i mbun suirbhéireachta ar son chabhlach na Breataine, i gCuan Bhaile Átha Cliath, d’úsáidtí líne ingir agus meáchan luaidhe ar a bun. Gan dabht ní bhídís in ann ach méid áirithe de ghrinneall na farraige a bhualadh.

Cé go raibh na cairteacha iontach agus go leor leor mionsonraí orthu, fós féin bhí bearnaí iontu. Leis an teicneolaíocht atá in úsáid anois, is féidir le ‘Infomar’ teacht ar rudaí nach raibh le feiceáil ar na seanchairteacha – carraigeach báite, longa cogaidh, longa lasta a chuaigh go tóin poill, chomh maith le gnéithe eile nach bhfacthas cheana.

I gCuan Mhanainn in iarthar na hÉireann, tháinig siad ar spíce de charraig a bhí ag gobadh aníos 29 méadar ón ngrinneall in uisce nach raibh ach thart ar 40 méadar ar domhain. Níl bealach loingseoireachta sna huiscí sin agus is mór an mhaith nach bhfuil mar ba mhór an chontúirt a bheadh inti sin d’aon long.

Ní dhéantar an obair ar mhaithe le haon dream ar leith ach roinntear an t-eolas go forleathan saor in aisce. Go deimhin tá cáil idirnáisiúnta ar ‘Infomar’ toisc go bhfuil siad chun tosaigh ó thaobh sonraí nó data a thabhairt amach saor in aisce don phobal – www.infomar.ie

Is iad lucht Shuirbhé Hidreagrafach na Breataine a dhéanann na cairteacha loingseoireachta d’uiscí na hÉireann go fóill ach úsáideann siad an t-eolas a chuireann ‘Infomar’ ar fáil dóibh. Malartú seirbhísí saor in aisce atá i gceist.

Nuair a thagann na heolaithe ar longa báite nach raibh eolas acu fúthu go dtí seo, bíonn orthu an t-eolas sin a chur chuig Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta. Tá aonad seandálaíochta faoi uisce acu sin nua. D’fhéadfadh sé gur ‘uaigh’ faoi uisce a bheadh ann agus caithfidh siad a bheith cúramach faoin eolas a thugann siad amach faoi.

Fiú amháin i gcás longa a bhfuil eolas acu fúthu cheana féin, coinnítear súil orthu toisc a mhéid eolais is féidir a bhailiú orthu. Le gairid, nuair a rinneadh suirbhéireacht arís ar an ‘Manchester Merchant’ i gCuan an Daingin, chonacthas go ndearna Stoirm Lorenzo an-chuid damáiste don long agus bhí ceann de na coirí móra tite ar leataobh.

Gach cúpla bliain, déanann siad suirbhéireacht arís ar an RMS Lusitania. Agus de réir mar a fheabhsaíonn an teicneolaíocht, faightear íomhá níos gléine den long. Ní raibh sa chéad íomhá a rinne siad ach sórt daba nó bloba – anois is féidir leo macasamhail 3-D priontáilte a dhéanamh.

Nuair a bhí scata eolaithe ó ‘Infomar’ ar cuairt mar thurasóirí chuig Stór Guinness i mBaile Átha Cliath uair amháin, thug siad faoi deara go raibh macasamhail den long SS WM Barkley ar taispeáint ann. Long de chuid Guinness a bhí inti a thóg Rialtas na Breataine ar láimh don Chéad Chogadh Domhanda. Ach fuaireadar amach go raibh an long róthrom ar ghual agus thugadar ar ais í. Ach mar a tharla, ghlac SS WM Barkley páirt sa gcogadh ar aon nós nuair a phléasc U-bhád leis na Gearmánaigh í sa bhfarraige amach ón gcósta thoir i 1917.

DCIM100MEDIADJI_0041.JPG

Bhí na heolaithe ó ‘Infomar’ díreach tar éis an long a mhapáil iad féin i mbun a gcuid oibre dóibh. Rinne siad íomhá 3-D den long bháite agus bhronnadar ar an Storehouse é – seans nach raibh a fhios acusan go raibh suirbhéireacht agus mapáil déanta ar an bpíosa sin farraige.

Faoin mbliain 2026 a bheidh an dara cuid de Shuirbhéireacht Infomar déanta. Idir seo agus sin tá píosaí móra den scairbh nó an tseilf 70-80 míle farraige amach fós le déanamh. Agus tá roinnt mhaith píosaí eile cois cósta fós le mapáil. Sin í an obair is moille mar go mbíonn orthu dul isteach is amach sna cuanta agus dul chomh fada isteach agus is féidir le taoide ard.

Níl aon bhaint ag an obair thábhachtach seo le hacmhainní nádúrtha, ná le dream ar bith a mbeadh suim acu dul ag forbairt acmhainní sa bhfarraige. Níl de shuim ag na heolaithe ach go mbeadh na mapaí cruinn do lucht farraige. Is féidir le gach duine úsáid a bhaint as an eolas toisc go dtugtar amach saor in aisce é – iascairí, mairnéalaigh, feirmeoirí éisc, lucht oidhreacht na mara, tumadóirí, lucht pleanála mara, lucht maoirseachta tuilte ar an gcósta agus go leor eile nach iad. An tír faoi thoinn á nochtadh dúinn uilig.

Fág freagra ar 'An tír faoi thoinn á mapáil dúinn uilig'

  • Tash

    GRMA as an tuairisc fíor suimiúil seo.
    Tá na léirscáíl digiteach siúd an-dheas ar fad. Is féidir an patrúin céann a fheiscint sna carragacha ag grinneal na farraige is atá ar na cnoic agus na sléibhte.
    An bhfuil aon phlean ann chun cairteacha loingseoireachta náisiúnta a chuir ar fáil do mhairnéalaigh? Támuid fós ag braith go hiomlán ar an Admiralty as achmainí gairmiúil mar sin.
    Bheadh sé go haoibheann cairteacha a úsáid le logainmneacha Gaelacha ortha.