An tine faoin RHI á fadú an athuair agus an fiosrú poiblí ar bun

Ní i bhfuaire atá an chonspóid ba chúis le titim Stormont ag dul agus na seisiúin phoiblí den bhfiosrú faoi lán seoil

An tine faoin RHI á fadú an athuair agus an fiosrú poiblí ar bun

Ba chosúil ar feadh tamaill go raibh an chonspóid ba chúis le titim Stormont imithe i bhfuaire ach tá an tine faoin RHI á fadú an athuair agus an Fiosrú Poiblí faoin scéim lochtach i mbun éisteachtaí. Tá na ceisteanna ar fad ar ais i mbéal an phobail; ceisteanna faoi easpa cumais, mí-éifeacht, caimiléireacht, pátrúnacht mhíchuí, airgead poiblí a bheith ag imeacht in aer agus comhairleoirí fostaithe neamhthofa seachas airí a bhí i gceannas ar obair i Stormont.

Ba bheag trácht a bhí ar an gconspóid le linn na gcainteanna – in aisce – faoi athnuachan Stormont ach ba í a chuir an lasair sa bharrach bliain ó shin. Fuair an pobal amach ag an am sin go raibh baol ann go gcosnódh an scéim fuinnimh inathnuaite do ghnólachtaí £500 milliún ar an sparán poiblí i dtréimhse fiche blain. £700 milliún punt ata luaite leis anois. Anuas air sin thug an bheirt airí ón DUP a bhí freagrach as an scéim óna tús, Arlene Foster agus Jonathan Bell, fogha go fíochmhar faoina chéile. Ba é an t-aighneas idir an bheirt a bhuail an buille marfach ar an gcomhoibriú idir Sinn Féin agus an DUP go háirithe nuair a dhiúltaigh Arlene Foster seasamh i leataobh le linn scrúdú gairid ar an bpraiseach.

Naoi mí i ndiaidh bhunú an fhiosraithe d’oscail an cathaoirleach, an t-iarBhreitheamh Sir Patrick Coghlin na seisiúin phoiblí i seomra an tSeanaid i Stormont Dé Máirt seo thart. Gheall sé go mbeadh a bhinse neamhchlaonta, trédhearcach, ionraic agus neamhspleách. De réir na dtéarmaí tagartha fiosrófar conas a bunaíodh an scéim, conas a reáchtáladh í, conas a riaradh i, conas mar a láimhseáladh an obair nuair a fuarthas amach go raibh róchaiteachas tubaisteach i gceist agus conas a tharla sé go raibh moill na lochtanna a cheartú – moill a cheadaigh ardú drámatúil ar líon na n-úsáideoirí.

Chaith abhcóide an Fhiosraithe David Schofield an tseachtain ag leagan amach an chláir oibre maidir le stair na scéime  agus na ceisteanna a bhaineann leis na lochtanna a bhí air a chíoradh. Thug sé achoimre ar na mílte leathanach d’fhianaise atá bailithe ag an bhFiosrú agus dúirt gur ar éigean má tá abairt iontu nach bhfuil conspóideach.

Is léir go mbeidh a lán ag sárú ar a chéile.

Ag croí na ceiste á bhualadh aige, dúirt Schofield go bhfuair an Fiosrú amach nach raibh an mhí féin caite nuair a bhí comhlacht a dhíolann coirí agus breosla ag moladh na scéime dá gcuid chustaiméirí mar bhealach chun airgead mór a shaothrú.

Dúirt Schofield go gcloisfear fianaise gur tugadh foláireamh don Roinn Fiontair gur cheart moill a chur ar an scéim in 2012 go dtí go gcuirfí i bhfeidhm srianta agus coinníollacha mar a bhí ar an gcóras sa Bhreatain, ach gur theastaigh ón Aire Arlene Foster bogadh ar aghaidh ar an toirt. Beifear ag iarraidh comhaid a scrúdú féachaint an raibh a fhios ag Foster faoin bhfainic. Cloisfear leaganacha difriúla freisin faoi conas a socraíodh go gceadófaí fordheontas a bhí níos airde ná costas na mbrícíní adhmaid, an breosla bithmhaise a bhí in úsáid.

Tabharfaidh Janette O’Hagan fianaise. Is ise an bhean ghnó a thug rabhadh don Roinn go raibh leas á bhaint as an scéim chun airgead a shaothrú murab ionann agus chun breosla a spáráil. Scrúdóidh an fiosrú conas a chaill feidhmeannaigh agus Arlene Foster an deis sin chun an scéim a cheansú.

Faoin am a bhfuarthas amach in 2015 go raibh costas na scéime imithe ó smacht, bhí Jonathan Bell tagtha i gcomharbacht ar Arlene Foster sa Roinn Fiontair agus bhí sise ina haire airgeadais. Tá an fhianaise a sholáthair Jonathan Bell don bhFiosrú ag teacht leis na líomhaintí a rinne sé in agallamh teilifíse a bhain stangadh as daoine anuraidh. Maíonn Bell gur chuir comhairleoirí speisialta an DUP, na SPADs mar a thugtar orthu, moill ar na hiarrachtaí stop a chur le daoine nua cur isteach ar an scéim. Cuirfidh finnéithe eile ina choinne sin. Ina measc sin, beidh an t-iarchomhairleoir Andrew Crawford a déarfaidh, dar lena abhcóide, gur theastaigh uaidhsean go gceansófaí an scéim mí sular déanadh amhlaidh. De réir ríomhphoist atá i seilbh an Fhiosraithe, chonaic Andrew Crawford ag teacht an t-ardú tobann ar líon na ndaoine a bheadh ag iarraidh a bheith páirteach sa scéim. Dúirt sé leis an bhFiosrú gurb é sin a bhí le cloisteáil ‘ar an tsráid’.

Ta carn mór teachtaireachtaí ar téacs, ríomhairí boise agus ar na meáin shóisialta bailithe ag an bhfiosrú chomh maith le cáipéisí oifigiúla. Tá ábhar breise fós á chuardach áfach agus baol ann nár coinníodh miontuairiscí ar roinnt cruinnithe agus teileachomhdhálacha.

Ní chloisfear Arlene Foster agus Jonathan Bell ag an bhFiosrú go ceann i bhfad. Daoine a bhí i mbun obair theicniúil ag an tús agus daoine sóisearacha eile a éistfear i dtosach. Ba chosúil gur ráiteas fánach a bhí ann ach díol suntais ab ea é go ndúirt Schofield go dtabharfadh an t-ord reatha sin níos mó saoirse do dhaoine sóisearacha chun a leagan féin den scéal a thabhairt, gan a bheith faoi anáil ráitis na ndaoine móra.

Tá dlíodóirí san airdeall do gach siolla ó bhéal fhinnéithe a gcéilí comhraic. Ar ndóigh, tá an cogadh idir Jonathan Bell agus ceannaireacht an DUP á fhearadh ag an bhfiosrú chomh maith. Spórt fola a mbainfidh daoine áirithe spraoi as. Ach tá obair níos tábhachtaí ná sin le déanamh ag an bhFiosrú. Nochtfar go lom conas mar a thug ranna rialtais, státseirbhísigh, polaiteoirí sinsearacha agus a gcuid saineolaithe faoi ghnóthaí ar mhaithe leis an bpobal. Is bocht an teist ar a bhformhór an méid atá feicthe go dtí seo. Údar imní do phríomhaisteoirí an dráma seo gan dabht ach údar imní freisin é do gach saoránach. Bímis ag súil ar a laghad go ndéanfaidh an Binse a ghnó go críochnúil.

Fág freagra ar 'An tine faoin RHI á fadú an athuair agus an fiosrú poiblí ar bun'