Chreid an t-iar-aire rialtais Justin Keating, a bhásaigh in 2009 ach a bhfuil ábhar as a leabhair nótaí díreach foilsithe, gurbh ionann nasc a dhéanamh idir an Ghaeilge agus náisiún na hÉireann agus gan aon cheacht a fhoghlaim ó theacht chun cinn na Naitsithe sa Ghearmáin.
“One is tempted to the cliché, ‘How stupid can we be?’ But this nationalist Celtic fantasy world has long lost touch with reality. ‘Gan teanga, gan tír,’ they say: no country without a language. A dangerous myth. I wish they knew the history of German nationalism and fascism,” a dúirt an polaiteoir de chuid Pháirtí An Lucht Oibre ina leabhar nótaí do dhírbheathaisnéis nár éirigh leis a scríobh sular bhásaigh sé.
Maíonn Keating, an craoltóir agus léachtóir a bhí ina aire tionsclaíochta agus tráchtála i rialtas Liam Cosgrave idir 1973-1977, gur bhain an stádas mar ‘an chéad teanga náisiúnta’ a bronnadh ar an nGaeilge i mBunreacht 1937 le ‘miotas ciníoch na féiniúlachta Ceiltí’.
Dar leis gur fhág stádas bunreachtúil na Gaeilge gur deineadh imeallú ar chuid mhór den phobal.
“The claim for Irish as the first national language marginalizes – indeed externalizes – a very significant section of our population”.
Deir sé go raibh mian Éamoin de Valera agus dhaoine eile maidir le haontú na tíre bunoscionn lena ndearcadh faoin nGaeilge.
“He [De Valera] claimed that the passion of his life was national unity. And yet his language claim made unity impossible. Clever and all as he was, he does not seem to have noticed a contradiction, and neither did those who followed him. That same contradiction is more obvious in IRA/Sinn Féin…”
Maidir le córas na Gaeilge éigeantaí sa chóras oideachais, deir Keating gur dhein a leithéid dochar ‘uafásach’ do mhúineadh ábhair eile agus gurbh é an toradh a bhí ar an gcóras sin go raibh an ghráin ag daoine ar an nGaeilge agus gur deineadh ‘scrios’ ar a “subtle and beautiful language”.
“In the light of all this, a 1937 description of Irish as ‘the first national language’ is as preposterous as it would be funny, had it not caused so much pain and damage to the education system,” a scríobh sé.
Tráchtann an t-iar-aire chomh maith in Nothing is Written in Stone, The Notebooks of Justin Keating ar mhiotas na féiniúlachta Ceiltí, ‘the deepest and most dangerous myth’.
Maíonn sé leis gur miotas é “that Gaelic was of great antiquity”.
‘The military ruling caste who conquered Ireland and installed the Irish language came very recently: after 1000 BCE,’ a deir sé.
Is léir go raibh amhras Keating faoin Stát a bheith ag tabhairt aitheantas ar bith don Ghaeilge. Mar iarbhall den Dáil agus den Seanad, bhí cárta aige ar a raibh ‘Tithe an Oireachtais/Former Member’ breactha air, ach ní mór an meas a bhí aige ar an gcúpla focal Gaeilge ar an gcárta céanna. Bhí a leithéid ‘unnecessary’ in Éirinn agus ‘perfectly useless’ lasmuigh den tír, sa chás, mar shampla, go mbeadh ‘gendarme’ sa Fhrainc á bhreithniú.
Eoghan o neill
Sin dearcadh nádúrtha a bhíonn ag cuid des na Anglos mar dar leo is í an béarla an Übersprache. Bheadh Trump an sásta le Justin, féach é ag ionsaí an español thall!
donncha Ó hÉallaithe
D’aontóinn le Justin Keating faoi stádas bunreachtúil na Gaeilge mar ‘an chéad teanga náisiúnta’ a bheith amaideach. Bhí sé amaideach i 1937 agus tá sé níos amaidí anois ná riamh, nuair a chuireann tú san áireamh nach dtugann an státchóras aird ar bith air.
Ach sé an trua nach raibh sé de mhisneach ag Justin Keating,a chuid tuairimí faoin Gaeilge a nochtadh nuair a bhí sé beo, agus iad a phlé amach mar chuid den díoscúrsa poiblí.
Seán Mag Leannáin
Dála go leor polaiteoirí eile ag an am, agus ó shin go dtí an lá inniu, bhí Justin ró-ghlic chun na tuairimí sin a nochtadh go poiblí. I bhfad níos fearr agus níos éifeachtaí neamhaird a thabhairt ar an teanga.
Gerry Sona
Thuig Séamas Ó Chonghaile ó 1916 go raibh sé tabhachtach an Gaeilge a athréimniú le saoirse ceart a bhaint amach. Sin an fath nach bhfuil muid saor ó na núachtain mar ‘An tOirish Sun’ agus a leithid go dtí an lá ata inniú ann. Agus amharc ar atá ag teacht mar ceannairí ar Fine Gael indiadh do Enda na bútaisí a crochadh suas.
Puililiú!
Maidir leis na cártaí sin a iompraíonn siad timpeall leo ina bpócaí, féach go bhfuil na státseirbhísigh agus na taidhleoirí Éireannacha ar aon bharúil le Keating. Fós féin, agus cé go bhfuil an Ghaeilge ina teanga náisiúnta mar dhea, agus ina céadteanga oifigiúil mar dhea, sea… agus ina teanga oifigiúil oibre den Aontas Eorpach, go deimhin (agus ní mar dhea, a bhuíochas le sláine agus ionracas an réimis AE), ní fheicfidh tú ar chártaí na státseirbhíseach Éireannach ach Béarla…ó, agus an chláirseach bhreá órghreanta, dar ndóigh. Nuair a thiontaíonn tú an cárta, feicfidh tú an bán!!! An bán, seasann sin do stádas oifigiúil de facto na Gaeilge sa Stát Éireannach!
Hya
Rinne JK sáriarracht chun brabach agus tairbhí acmhainní nádúrtha na tíre a choimeád i seilbh mhuintir na hÉireann. Fear ildánach, tréithiúil, cumasach, oilte a bhí ann, dá bhrí sin, is móide go mór an díomá atá orm go raibh meon aigne chomh cúng, chomh namhdach aige i leith na teanga seo. Nach suim na bpáirteanna é an t-idirnáisiúnachas de na ‘náisiúin’ uile a thagann faoina lé, mar a bheadh fo-abhainte ag cothú na mórabhann? Ní hionann a bheith naisiúnta agus faisisteach, is saobhadh damanta ar an gcoincheap a leithéid a cheapadh. Má oibrigh Keating chun maoin aiceanta na hÉireann a chaomhnú ar bhonn náisiúnta cad a rinne sé chun a ‘subtle and beautiful language’ a chothú, an mhaoin náisiúnta is luachmhaire ar fad ar fad? Laoch eile dem chuid ar lár.
Moire
Ar thug einne riamh i bPairti seo “an lucht oibre” tacaiocht don teanga bheag seo againn? Seachas Nollaig de Brun? Agus is le teann naire a chuaigh siud i mbun i a fhoghlaim. Dream gan bhri, gan ghus, fallsa, liom leat is ea iad, bhuel polaiteoiri tri cheile adeirim!
donncha Ó hÉallaithe
An bhfuil dearmad déanta agat, a Mhoire, ar an dtacaíocht a thug Michael D. Higgins agus é ina Aire de chuid an Lucht Oibre do bhunú TnaG?
Seán Ó Riain
Nil a leitheid de rud ann agus “an chéad teanga náisiúnta”! Nár léigh an tAire ‘éirimiúil’ Bunreacht na hÉireann riamh? “Teanga náisiúnta agus príomhtheanga oifigiúil” is ea an Ghaeilge. Is fuath le seoiníní é sin. Agus táid i gcumhacht! A province once again!!
Seán Mag Leannáin
Leis an fhírinne a rá ní raibh sí riamh ina príomhtheanga oifigiúil agus is fada an lá ó bhí sí ina teanga náisiúnta sa tír. Ón uair ar bhain muid neamhspleáchas amach ní raibh intí dáiríre ach teanga shiombalach na hÉireann. Is ar éigean má tá an stádas seo fiú aici anois. Faraor géar, an chuma air anois nach bhfuil inti ach teanga shambolic na hÉireann!
Seán Ó Riain
Iadsan a bhíonn ag caint ar an “gcéad teanga oifigiúil/náisiúnta”, is ag brath ar an leagan Sacsbhéarla a bhíd. Is iomaí Gaeilgeoir ná léann an leagan Gaeilge den Bhunreacht, bíodh gur aige atá an tosaíocht ó thaobh dlí. Tá an Bhunreacht, agus gach focal de, i bhfeidhm go dlíthiúil go dtí go n-athróidh pobal na hÉireann i reifreann é. “Fíoras dlíthiúil” é, dar leis an gCúirt Uachtarach. Ní hé an Bunreacht a dhein teanga náisiúnta den Ghaeilge, níor dhein sé ach a aithint gurb í an Ghaeilge, agus an Ghaeilge amháin, a thugann brí d’fhormhór logainmneacha agus sloinnte na hÉireann, agus dá bhrí sin gurb í an Ghaeilge amháin teanga náisiúnta na hÉireann.
Mánus
Is í an Ghaeilge teanga na tíre (32 condae).
Hya
Micheáil D Ó hUiginn, sea, tuigeann sé an tábhacht a bhaineann le teanga ársa na tíre seo agus tugann ómós cuí dá réir di, mar is ceart dÚachtarána na hÉireann, b’in eisceacht ar gach aon chuma, ach ní scaoth breac.
Mártan Ó Náraigh
An Ghaeilge, ochón. An seanbhó mharbh á crú go fóill. Ina dhiaidh gach rud, bhí an ceart, agus an fhírinne shearbh, ag Keating.