Bíonn an t-ádh ar dhaoine áirithe – mar shampla, altraí agus aeróstaigh – nach gcaitheann siad smaoineamh ar chor ar bith ar an rogha éadaigh a chaithfidh siad chuig an obair. Tá an rogha déanta dóibh féin agus dá gcomhghleacaithe agus níl le déanamh acu ach a bheith cinnte go bhfuil an t-éadach sin glan agus néata agus ní thabharfaidh aon duine suntas dóibh. Ach an té atá ag obair san áit nach bhfuil culaithe éadaigh réamhshocraithe, bíonn air á chinntiú go bhfuil sé dea-ghléasta i bhfeistis atá oiriúnach don obair, a bhfuil beagán stíle ag baint leis agus nach dtarraingeoidh aon drochshúil óna chomrádaithe ná óna chustaiméirí.
Is tús maith é treabhsar deas a aimsiú sr féidir a bheith compordach ann agus atá néata, dea-dheartha agus dea-dhéanta.
Tá rogha dheas aimsithe agamsa sa ngailearaí pictiúr anseo a d’fheadfaí a chaitheamh ag an obair aon lá den tseachtain. Bheadh bróga ísle oiriúnach lena bhformhór agus d’fheadfaí bléasar deas (ní gá gur dath dorcha a bheadh air) a chaitheamh freisin.
1. H&M, €20.
2. Zara, €29.95.
3. Oasis, €47.
4. Zara, €39.95.
5. River Island, €50.
6. Oasis, €53.
7. Zara, €39.95.
8. Topshop, £22.
9. Zara, €39.95.
Fág freagra ar 'An té a chaitheann an treabhsar…'