An tarraingt déanta i dTír Chonaill do Chomórtas Peile na Gaeltachta 2020

Beidh na babhtaí leathcheannais agus ceannais sna comórtais shinsir agus shóisir á reáchtáil ag Gaeil Fhánada mí Bealtaine agus na buaiteoirí ag dul ar aghaidh go dtí an comórtas náisiúnta i Leitir Móir i gcontae na Gaillimhe

An tarraingt déanta i dTír Chonaill do Chomórtas Peile na Gaeltachta 2020

Imreoir Chill Charthaigh, Mark McHugh. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Curaidh áitiúla na bliana seo caite a thabharfaidh aghaidh ar a chéile sa chéad bhabhta agus an tarraingt déanta do Chomórtas Peile na Gaeltachta Dhún na nGall 2020.

Casfaidh Cill Charthaigh agus Na Dúnaibh ar a chéile sa chéad bhabhta ar an 1 Márta.

Bhuaigh Cill Charthaigh an chraobh shinsir i dTír Chonaill anuraidh agus d’éirigh leo dul chomh fada le cluiche ceannais an chomórtais náisiúnta i gCorca Dhuibhne deireadh seachtaine na Cincíse.

Bhí an-deireadh seachtaine ag na Dúnaibh i gCiarraí chomh maith agus an chraobh shóisir náisiúnta buaite acu don dara bliain as a chéile. Tá an cumann anois ag imirt sa chomórtas sinsir tar éis dóibh a bheith ag imirt sa ghrád Idirmheánach i nDún na nGall anuraidh.

Tabharfaidh na comharsana, Ard an Rátha agus Naomh Conaill, aghaidh ar a chéile i gcluiche suimiúil eile sa chéad bhabhta den chraobh shinsir.

Is iad na cluichí eile a bheidh ann sa chéad bhabhta – An Tearmann v Cloich Cheann Fhaola, Naomh Columba v Gleann Fhinne, An Clochán Liath v Baile na nGallóglach agus Gleann tSúilí v Naomh Náille.

Tá cead ar aghaidh go dtí an babhta ceathrú ceannais faighte ag foireann shinsir Ghaoth Dobhair, babhta ina dtabharfaidh siad aghaidh ar Naomh Micheál.

Rinneadh an tarraingt don chomórtas sóisir aréir chomh maith. Imreofar ceithre chluiche sa réamhbhabhta ag tús mhí an Mhárta – An Tearmann v Naomh Conaill; Naomh Columba v Gleann Fhinne; Gaoth Dobhair v Na Rosa; agus Naomh Náille v Naomh Micheál.

Beidh na babhtaí leathcheannais agus ceannais sna comórtais shinsir agus shóisir á reáchtáil ag Gaeil Fhánada mí Bealtaine.

Rachaidh na buaiteoirí ar aghaidh ar son ghaeltacht Dhún na nGall ag an gcomórtas náisiúnta atá á eagrú ag Naomh Anna, Leitir Móir, i gConamara idir 29 Bealtaine agus 1 Meitheamh.

Comórtas Sinsir Dhún na nGall

Babhta 1

1. An Tearmann v Cloich Cheann Fhaola

2. Na Dúnaibh v Cill Charthaigh

3. Naomh Columba v Gleann Fhinne

4. An Clochán Liath v Baile na nGallóglach

5. Gleann tSúilí v Naomh Náille.

6. Ard an Rátha v Naomh Conaill

Babhta Ceathrú Ceannais

7. Buaiteoirí 1 v Buaiteoirí 2

8. Buaiteoirí 3 v Buaiteoirí 4

9. Buaiteoirí 5 v Buaiteoirí 6

10. Gaoth Dobhair v Naomh Micheál

Babhta Leathcheannais

11. Buaiteoirí 7 v Buaiteoirí 8

12. Buaiteoirí 9 v Buaiteoirí 10

Comórtas Sóisir Dhún na nGall

Réamhbhabhta

1. An Tearmann v Naomh Conaill

2. Naomh Columba v Gleann Fhinne

3. Gaoth Dobhair v Na Rosa

4. Naomh Náille v Naomh Micheál

Babhta 1

5. Buaiteoirí 1 v Buaiteoirí 2

6. Buaiteoirí 3 v Buaiteoirí 4

7. Cill Charthaigh v Cloich Cheann Fhaola

8. Gleann tSúilí v Ard an Rátha

Babhta Ceathrú Ceannais

9. Buaiteoirí 5 v Buaiteoirí 6

10. Naomh Muire v Buaiteoirí 7

11 Buaiteoirí 8 v An Clochán Liath

Babhta Leathcheannais

12. Buaiteoirí 9 v Buaiteoirí 10

13. Gaeil Fhánada v Buaiteoirí 11

Fág freagra ar 'An tarraingt déanta i dTír Chonaill do Chomórtas Peile na Gaeltachta 2020'