An Tánaiste Frances Fitzgerald éirithe as ‘chun toghchán a sheachaint’

Dúirt an Tánaiste lena comhghleacaithe rialtais ar maidin go raibh fúithi éirí as dá deoin féin 'ar leas na tíre' agus chun toghchán tobann a sheachaint

An Tánaiste Frances Fitzgerald éirithe as ‘chun toghchán a sheachaint’

Tá an Tánaiste Frances Fitzgerald éirithe as, rud a fhágann nach mbeidh aon olltoghchán ann roimh an Nollaig.

Tuairiscítear go ndúirt an Tánaiste lena comhghleacaithe rialtais ar maidin go raibh fúithi éirí as dá deoin féin chun toghchán tobann a sheachaint agus gur ghlac an Taoiseach Leo Varadkar lena cinneadh. Chuir an Taoiseach an méid sin in iúl do cheannaire Fhianna Fáil Micheál Martin i ndiaidh chruinniú an rialtais.

Bhí vóta mímhuiníne le bheith ann sa Dáil anocht faoi ról an Tánaiste sa chonspóid is déanaí faoi chás an sceithire Maurice McCabe agus is cosúil gur ghéill Fitzgerald don bhrú a chuir a comhghleacaithe rialtais, i bhFine Gael agus i gcomhghuaillíocht na neamhspleách, uirthi seasamh ar leataobh roimhe sin.

Thug an Tánaiste féin le fios aréir nach raibh sé i gceist aici éirí as agus sheas an Taoiseach Leo Varadkar léi, ach tháinig cor mór sa chonspóid tráthnóna inné nuair a chuir an Roinn Dlí agus Cirt tuilleadh cáipéisí ar fáil a léirigh go bhfuair an Tánaiste trí ríomhphost ar fad á cur ar an eolas faoin straitéis dlí a bhí beartaithe ag iarchoimisinéir an Gharda Síochána Nóirín O’Sullivan in aghaidh McCabe.

Sheas a comh-airí leis an Tánaiste sular cuireadh amach an t-eolas breise sin, ach thráigh an tacaíocht sin ó shin.

Meastar anois go bhfuil dochar mór déanta ag an gconspóid don Rialtas agus d’fhéadfadh go bhfuil dochar mór déanta aici chomh maith don Taoiseach agus dá sheasamh ina pháirtí féin. Ar an taobh eile den scéal, meastar gur chun leasa a rachaidh an scéal d’Fhianna Fáil agus do Mhicheál Martin.

De réir an eolais nua a tháinig chun solais tráthnóna inné, rinne an Roinn Dlí agus Cirt teagmháil le Frances Fitzgerald trí huaire le linn shamhradh na bliana 2015 faoin straitéis dlí i gcoinne McCabe – ar an 15 Bealtaine agus an 4 Iúil.

Sheol Rúnaí Príobháideach Frances Fitzgerald ríomhphost ar an 25 Bealtaine 2015 inar tugadh le fios go raibh an t-eolas i ríomhphost an 15 Bealtaine “nótáilte” ag an aire.

Bhain an dá ríomhphost a seoladh ar an 4 Iúil 2015 le fiosrúcháin ó na meáin faoi straitéis “ionsaitheach” a bheith á húsáid ag an iarchoimisinéir i gcoinne Maurice McCabe agus le conas ab fhearr don aire déileáil lena leithéid d’fhiosrúcháin.

Léiríonn na ríomhphoist sin chomh maith go raibh an Roinn Dlí agus Cirt i dteagmháil leis an iarchoimisinéir agus oifig phreasa an Gharda Síochána faoi conas déileáil le ceisteanna ó na meáin faoin straitéis dlí i gcoinne McCabe.

Maíonn an Tánaiste i gcónaí nach ndearna sí aon rud míchuí sa tslí ar dhéileáil sí leis an eolas a cuireadh ar fáil di, agus dúirt sí go gcosnódh sí a dea-cháil go daingean ag binse fiosrúcháin Charleton san athbhliain.

Fág freagra ar 'An Tánaiste Frances Fitzgerald éirithe as ‘chun toghchán a sheachaint’'

  • serendipity@gmail.com

    Más maith is rímhithid. Ar mhiste do Leo srl dul i mbun rialú a dhéanamh ar an gcíorthuathaill sa tír shuaite seo anois? Agus tús áite a thabhairt di?