An tAE le cosc a chur ar fhormhór d’ola na Rúise

Dúirt ceannasaí na Comhairle Eorpaí, Charles Michel, go bhfágfadh an cosc go mbeadh an Rúis d’uireasa cuid mhór dá gciste cogaíochta

An tAE le cosc a chur ar fhormhór d’ola na Rúise

Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, agus Charles Michel

Tá plean aontaithe ag ceannairí an AE bac a chur ar bhreis is dhá thrian den ola a fhaightear ón Rúis.

Beidh cosc ar an ola a thagann ar muir ach ní bheidh ar an ola a iompórtáiltear trí phíblíne, socrú a rinneadh chun an Ungáir, a bhí ag cur i gcoinne an phlean, a shásamh.

Dúirt ceannasaí na Comhairle Eorpaí, Charles Michel, go bhfágfadh an cosc go mbeadh an Rúis d’uireasa cuid mhór dá gciste cogaíochta.

Tá an cosc ar ola na Rúise mar chuid den séú babhta smachtbhannaí atá fógartha ag an AE ó cuireadh tús leis an ionradh ar an Úcráin i mí Feabhra.

Faoi láthair faigheann an tAE 27% dá chuid ola agus 40% dá chuid gáis ón Rúis. Íoctar timpeall €400 billiún leis an Rúis ar na hiompórtálacha seo. Níl aon chosc curtha go fóill ar ghás na Rúise.

Má chomhlíonann na Ghearmáin agus an Pholainn na gealltanais atá tugtha dóibh i leith iompórtáil ola trí phíblíne beidh cosc ar 90% d’ola na Rúise roimh dheireadh na bliana.

Faoi na smachtbhannaí is déanaí beidh cosc ar an Sberbank, an banc is mó sa Rúis, a bheith páirteach sa chóras íocaíochta Swift, cuirfear cosc ar thrí chraoltóir stáit eile de chuid na Rúise agus cuirfear a thuilleadh srianta ar dhaoine a mheastar a bhí freagrach as coireanna cogaidh san Úcráin.

Tá sé breis is trí seachtaine anois ó mhol Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, go gcuirfí cosc iomlán ar cheannach ola ón Rúis i bhfeidhm faoi dheireadh na bliana seo ach is beag dul chun cinn a rinneadh go dtí inniu.

D’fhógair an Ungáir go dteastódh cúig bliana agus na billiúin euro ón tír sin chun uasghrádú a dhéanamh ar na scaglanna ola atá acu.

 

Fág freagra ar 'An tAE le cosc a chur ar fhormhór d’ola na Rúise'

  • Antóin

    Is iomaí tír eile anois taobh amuigh den AE a thiocfaidh ag suirí agus ag tochmharc leis an Rúis. Nach olc an ghaoth?