An t-iarThaoiseach, an tUachtarán agus an cuireadh chuig Comhar Creidmheasa Chorca Dhuibhne

Thug Uachtarán na hÉireann Micheál D Ó hUigínn cuairt ar Chomhar Creidmheasa Chorca Dhuibhne sa Daingean an deireadh seachtaine seo caite. Conspóid faoi chuireadh go dtí ócáid eile ar fad a spreag an cuireadh teacht…

An t-iarThaoiseach, an tUachtarán agus an cuireadh chuig Comhar Creidmheasa Chorca Dhuibhne

Cuireadh a fuair sé i ndiaidh easaontais le hiar-Thaoiseach ba chúis le cuairt Uachtarán na hÉireann Micheál D. Ó hUigínn ar Chomhar Creidmheasa Chorca Dhuibhne i gCiarraí ag an deireadh seachtaine.

Ba í conspóid an tsearmanais eaglaise in Ard Mhacha ar dhiúltaigh an tUachtarán freastal air sa bhfómhar agus an chonspóid a lean a spreag an cuireadh le teacht go dtí an Comhar Creidmheasa.

An t-iarThaoiseach John Bruton a tharraing na comhair chreidmheasa isteach sa chonspóid sin nuair a dúirt sé le seanbhlas gur ócáid thábhachtach a bhí sa searmanas murab ionann agus “cuireadh chuig oscailt Comhar Creidmheasa i gcontae Chiarraí”.

Bhí Bruton ar dhuine de na daoine a rinne cáineadh ar an Uachtarán nuair a chinn sé gan freastal ar shearmanas eaglaise in Ard Mhacha a reáchtáladh chun comóradh 100 bliain a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na críochdheighilte sa tír. Mhaígh an tUachtarán gurbh léir gur ócáid “pholaitiúil” a bhí ann.

Ag tagairt don mhéid a bhí le rá ag Bruton, mhol an tUachtarán Ó hUigínn go hard obair na gcomhar creidmheasa agus is ag an bpointe sin a chinn Comhar Creidmheasa Chorca Dhuibhne cuireadh a thabhairt dó cuairt a thabhairt orthu an chéad uair eile a mbeadh sé sa cheantar.

“Scríobhamar chuige agus ghabhamar buíochas leis as na dea-fhocail a bhí aige i leith na gluaiseachta agus thugamar cuireadh dó, dá mbeadh sé i gCiarraí aon uair, bualadh isteach chugainn,” a mhínigh Micheál Ó Cinnéide, Bainisteoir Chomhar Creidmheasa Chorca Dhuibhne.

“Ní raibh a fhios againn ag an am go raibh sé le teacht go dtí an Dingle Lit ach ansin, b’fhéidir seachtain ó shin, fuaireamar glaoch óna oifig ag rá go dtabharfadh sé cuairt ghairid orainn agus tháinig sé.”

Thapaigh an tUachtarán an deis bualadh isteach go dtí an Comhar Creidmheasa Gaeltachta agus é ann d’Fhéile Litríochta an Daingin an deireadh seachtaine seo caite.

Bhuail an tUachtarán agus a bhean Saidhbhín isteach chuig an Comhar Creidmheasa sa Daingean, áit a ndearnadh bronnadh orthu agus rinne an tUachtarán píosa beag cainte.

Thagair sé do thábhacht na heagraíochta do phobal na Gaeltachta agus do phobal na tuaithe.

“Dúirt sé arís go raibh an-mheas aige ar an obair a bhí á déanamh ag an gcomhar creidmheasa,” arsa Mícheál Ó Cinnéide.

Dúirt Ó Cinnéide gur mhór an onóir dóibh é an tUachtarán a bheith ina measc agus go raibh comhair chreidmheasa na tíre faoi chomaoin ag Ó hUigínn as ucht a chuid tacaíochta i dtaobh na gluaiseachta. Dúirt sé gur léir go bhfuil tuiscint ag an Uachtarán ar thábhacht an chomhair creidmheasa do phobail na tíre.

“Ní cúrsaí airgeadais agus eacnamaíochta amháin a bhíonn ar bun againne. Is eagraíocht sinne atá ag freastal ar an bpobal. Tá buntáistí sóisialta agus cultúrtha ag baint leis an earnáil comhair chreidmheasa agus sinn ag freastal ar phobal na háite.”

Thagair an tUachtarán freisin don tábhacht a bhaineann le seirbhísí trí Ghaeilge a chur ar fáil sa Ghaeltacht agus an ról a bhí ag comhair chreidmheasa ansin.

“Dúirt sé go raibh sé tábhachtach go gcuirfí seirbhísí trí Ghaeilge ar fáil do lucht na gceantar Gaeltachta agus nach mairfeadh an teanga mura mbeadh na seirbhísí seo ar fáil agus nach mairfeadh an teanga mura bhféadfaí í a úsáid i gceantair Ghaeltachta,” a dúirt Ó Cinnéide.

Agus é ar cuairt ar Chonamara an mhí seo caite, dúirt an tUachtarán Ó hUigínn go bhfuil sé in am na laigí atá sa státseirbhís ó thaobh freastal ar phobal na Gaeilge a leigheas.

Fág freagra ar 'An t-iarThaoiseach, an tUachtarán agus an cuireadh chuig Comhar Creidmheasa Chorca Dhuibhne'

  • Gerry Sóna

    Go dtí seo ,diúltaíonn ann ‘Irish League of Credit Unions’ Gaeilge a úsáid. Chuir me ceist chucu go minic thar na blianta ag iarraidh orthu an Ghaeilge a úsáid ar fhéilirí s’acu a scaipeann siad fud fad na tíre ach níor tharla seo.Agus Tráth na gCeist’ s’acu i mBéarla amháin. B’fhéidir go mbeadh leithéid an Comhar Chreidmheasa seo brú a chur ar an gceanncheathrú rudaí a dhéanamh ar son Gaeil na tíre.

  • Seán Mag Leannáin

    Níl aon Ghaeilge ar shuíomh idirlín Chomhar Creidmheasa Chorca Dhuibhne. Chomh fada agus is eol domsa níl ach dhá Chomhar Creidmheasa sa tír a bhfuil seirbhís i nGaeilge le fáil iontu agus a bhfuil suíomh idirlín i nGaeilge acu. Is iad sin Comhar Creidmheasa Cholm Cille in Indreabhán agus Comhar Creidmheasa Ghaoth Dobhair. Ó thaobh chur i láthair seirbhísí Gaeilge de, ní fhaigheann siad mórán tacaíochta – má fhaigheann siad tacaíocht ar bith – ón gceanncheathrú ILCU. Mar sin tá an-mholadh tuillte ag an dá Chomhar Creidmheasa seo agus d’fhéadfadh siad – an dá eagras pobail deonacha seo – bheith ina ndea-shampla do na eagrais agus na Ranna Stáit sna Gaeltachtaí. Mar an gcéanna leis na cumainn CLG sna Gaeltachtaí tá siadsan fosta i bhfad chun tosaigh ar na Ranna Stáit ó thaobh úsáid agus chur chun cinn na Gaeilge de. Mo náire iad na Ranna Stáit nach dtugann aird ar bith ar an nGaeilge agus deirim sin mar iar-státseirbhíseach.

  • Comhar Chreidmheasa Chorca Dhuibhne

    Mar fhreagra ar Sheán Mag Leannáin – Tá suíomh idirlín Chomhar Chreidmheasa Chorca Dhuibhne go hiomlám dhátheangach. Féach an nasc seo: https://cccdteo.ie/. Más rud é go dtéann tú isteach ar an leagan Béarla don suíomh trí thimpiste, tá rogha agat cliceáil ar an leagan Gaeilge, thuas ag barra an leathanaigh ar thaobh na láimhe deise. Tá Aip Shoghluaiste as Gaeilge ag CCCD chomh maith, an chéad institiúid airgeadais sa tír go raibh a leithéid acu! Ní hamháin go mbíonn na seirbhísí ar fad ar fáil go dátheangach ag CCCD, ach tá duaiseanna náisiúnta buaite againn dá réir; Q-mharc Gnó le Gaeilge 2018&2021, Gradam Margaíochta le Gaeilge 2019 ó Institiúid Mhargaíochta na hÉireann. Táimid luaite chomh maith i bPlean Teanga Chiarraí Thiar mar eiseamláir de dhea-chleachtas ó thaobh úsáid na Gaeilge de i gcúrsaí gnó. Aontaímid leat nach bhfuil mórán tacaíochta ar fáil d’ár leithéidí na seirbhísí seo a sholáthar as Gaeilge ach bímid ag treabhadh linn in ainneoin na ndeacrachtaí sin. Léirigh Uachtarán na hÉireann meas orainn agus ar ár gcuid oibre nuair a tháinig sé ar chuairt chugainn agus táimid an-bhuíoch as an dtacaíocht seo uaidh agus as an aitheantas seo atá tuillte againn.

  • Seán Mag Leannáin

    Tá an-áthas orm mo leithscéal a ghabháil le Comhar Creidmheasa Chorca Dhuibhne. Fágann sin go bhfuil trí Chomhar Creidmheasa ar a laghad a bhfuil seirbhís trí Ghaeilge le fáil iontu. Is iontach an scéal é sin nuair a smaoiníonn tú ar na deacrachtaí a mbíonn le sárú acu. Tréaslaím go sonrach le Comhar Creidmheasa Chorca Dhuibhne as an éacht a rinne siad leis an Aip Shoghluaiste as Gaeilge a chur ar fáil dá gcuid ball – “an chéad institiúid airgeadais sa tír go raibh a leithéid acu.” Cruthaíonn sé arís an seanfhocal “áit a bhfuil toil tá bealach” agus ar ndóigh – mar atá sna Ranna Stáit – “áit nach bhfuil toil níl bealach’.