‘Tá sé in am na laigí atá sa státseirbhís ó thaobh na Gaeilge de a leigheas’ – Uachtarán na hÉireann

Dúirt an tUachtarán an méid sin agus é ar cuairt ar Chonamara mar chuid de cheiliúradh 25 bliain TG4

‘Tá sé in am na laigí atá sa státseirbhís ó thaobh na Gaeilge de a leigheas’ – Uachtarán na hÉireann

Uachtarán na Gearmáine, Frank-Walter Steinmeier, Elke Büdenbender, Sabina Higgins agus Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn. Pictiúr: Andrew Downes, Xposure/TG4

Deir Uachtarán na hÉireann Micheál D. Ó hUigínn go bhfuil sé in am na laigí atá sa státseirbhís ó thaobh freastal ar phobal na Gaeilge a leigheas.

Bhí Uachtarán na hÉireann ag labhairt ar maidin agus é i gConamara le hUachtarán na Gearmáine, Frank-Walter Steinmeier. Thug an bheirt cuairt ar sheit Ros na Rún ar An Spidéal mar chuid de cheiliúradh 25 bliain TG4.

Thréaslaigh an tUachtarán Ó hUigínn a saothar le TG4 agus mhol sé lucht bunaithe an stáisiúin as an obair mhór a bhí déanta acu chun an Ghaeilge a chur i lár an aonaigh. Dúirt sé, áfach, go raibh níos mó oibre ag teastáil chun an teanga a shlánú.

“Agus muid ag ceiliúradh an méid atá déanta ag eagrais ar nós TG4, iarraim ar dhaoine iarracht fhiúntach a dhéanamh [an Ghaeilge a chur chun cinn], go háirithe ag gach leibhéal den tseirbhís phoiblí. Caithfidh muid na laigí sin a leigheas,” a dúirt an tUachtarán.

“Níl an seans agamsa [é a dhéanamh] ach [is féidir] an dúshlán a thabhairt dóibh agus tá sé sin déanta agam anois.”

Tá iarracht déanta dul i ngleic le cuid de na fadhbanna a bhíonn ag pobal na Gaeilge agus iad ag plé leis an stát sa Bhille Teanga nua atá le hachtú roimh dheireadh na bliana. I measc na leasuithe atá sa bhille, tá leasú a leagfadh síos sa dlí gur cainteoirí Gaeilge a bheadh i 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoin mbliain 2030 agus ceann eile a d’fhágfadh go mbeadh ar gach oifig agus seirbhís stáit sa Ghaeltacht a bheith ábalta feidhmiú trí Ghaeilge.

Sabina Higgins, Micheál D. Ó hUigínn agus Frank-Walter Steinmeier. Pictiúr: Andrew Downes, Xposure/TG4

Dúirt an tUachtarán Ó hUigínn go raibh “a lán le déanamh” chun an Ghaeilge a thabhairt slán agus d’iarr sé ar mhuintir na hÉireann “seans a thabhairt” don teanga. Mhol sé go ndéanfadh gach duine “iarracht mhór amháin” an teanga a chur chun cinn.

“Ní haon ghaisce mór a bheidh ann d’aon duine rá gur muidne a chaith an teanga i leataobh,” a dúirt an tUachtarán Ó hUigínn.

D’iarr sé ar dhaoine atá ar bheagán Gaeilge úsáid a bhaint as an méid atá acu agus chuir sé béim ar leith ar thionchar na dtuismitheoirí ar fud na tíre maidir leis an teanga a scaipeadh i measc an aosa óig.

Mheas an tUachtarán Ó hUigínn gur iontach an rud é go bhfuil daoine óga anois “ag baint spraoi” as an Ghaeilge a labhairt agus go raibh an-bhaint ag TG4 le daoine a bhí ag tabhairt “an dara seans den teanga”.

Dúirt an tUachtarán go raibh “crógacht” an stáisiúin le ceiliúradh agus é ag tabhairt don chonspóid a bhain le bunú Theilifís na Gaeilge agus don “bhfrithfheachtas” a bhí ann ina choinne.

“Bhí daoine ann, agus chaithfeá a bheith macánta faoi seo, cheap siad gur rud seafóideach a bhí ann. Is cuimhin liom na maslaí, ‘Teilifís Delorean’ á tabhairt air agus mar sin de.”

Ina ainneoin sin, dúirt an tUachtarán go raibh rath ar leith ar an stáisiún ó bunaíodh é, “ní hamháin ó thaobh lucht féachana de, ach ó thaobh caighdeán na gclár agus na cinntí a rinneadh ó thaobh na heagarthóireachta de”. Dúirt go raibh TG4 “thar a bheith luachmhar” ó thaobh na fostaíochta agus mhol sé an oiliúint a chuir an stáisiún ar go leor daoine.

Fág freagra ar '‘Tá sé in am na laigí atá sa státseirbhís ó thaobh na Gaeilge de a leigheas’ – Uachtarán na hÉireann'

  • Seán Ó Ciarba

    Bhí áthas orm cabhrú le mo chomhleacaithe deileáil le cúrsaí
    I nGaeilge nuair a bhíos ag obair San Aonad Tógála. Tuigim nach raibh Gaeilge ar a dtoil ag an-chuid
    de na stát seirbhísigh a bhí ag obair ann. Cinnte tá sé thar a bheith in am bheith I ndairíre faoin dteanga. Ní mór ar a laghad beirt nó triúr le scoth na Gaeilge a cheapadh do gach rannóg.

  • Mairead

    Náireach nach bhfuil Gaeilge riachtanach sa Státseirbhis.

    Máiread.