An t-albam a leag go talamh mé…

Tá fiche bliain ann ó d’eisigh PJ Harvey an chéad albam aonair aici, To Bring You My Love. Spreag an t-albam Alex Hijmans chun dul i mbun pinn an tráth sin, agus arís inniu.

PJ Harvey

Stócach naoi mbliana déag d’aois a bhí ionam, cónaí orm fós i dteach mo mháthar san Ísiltír. Bhí sí sin agus mo dheartháir óg bailithe leo áit éigin agus bhí an teach dom féin agam. An t-am ceart chun dlúthcheirnín nua a bhí díreach ceannaithe agam sa siopa ceoil áitiúil a shá isteach sa chóras steiréó.

An chéad rud eile, bhí mé sínte ar urlár an tseomra suite.

Unknown-1

Ní fabht leictreach sa chóras fuaime a thug turraing dom ach an t-amhrán To Bring You My Love, goltraí bhagrach a chuireann tús leis an tríú halbam (agus an chéad albam aonair) ag an gceoltóir Sasanach PJ Harvey, albam atá fiche bliain d’aois inniu.

Ba é an chaoi nach raibh a leithéid cloiste agam riamh cheana. Bhí an chuma ar To Bring You My Love (an t-amhrán) gur tháinig sé caol díreach ón saol eile. Ní liricí drochfháistineacha ar nós ‘I’ve lain with the devil / cursed God above / forsaken heaven / to bring you my love’ amháin ba chúis leis an tuairim sin ach an ceol féin, a bhí chomh garbh le cloch agus chomh binn le meal ag an am céanna agus ionraic, neamhleithscéalach síos tríd.

Mhúch mé an ceol agus luígh siar ar urlár an tseomra suite.

Ansin, d’éist mé leis an amhrán arís. Agus arís. Agus arís eile.

Dhún mé mo shúile agus chonaic tírdhreach garbh gruama. Chonaic mé seanbhothán ar an iargúil agus seanbhean ina suí ar chathaoir luasctha ar an bpóirse. An chéad rud eile, bhí mé i mo shuí ag bord na cistine, peann i mo lámh agus páipéar os mo chomhair, scéal na seanmhná á scríobh agam. Faoin am go raibh sé ag dul ó sholas bhí an chéad ghearrscéal dár scríobh mé riamh scríofa agam.

Is maith liom a chreidiúint go dtarlaíonn eachtra i saol gach ealaíontóra a chuireann ar a shúile dó gur ealaíontóir é féin. I mo chás-sa, ba é To Bring You My Love (an t-albam ar fad, ní an chéad amhrán amháin) a las splanc na cruthaíochta i m’aigne. Ní beag an sprioc a chuir mé romham. Theastaigh uaim ealaín a chruthú a mbeadh an tionchar céanna aici ar dhaoine is a bhí ag ceol PJ Harvey ormsa: ealaín a leagfadh duine go talamh.

Ar an drochuair, rinne mé an seanbhotún úd a dhéanann mórchuid ealaíontóirí óga agus chaith mé roinnt mhaith blianta ag iarraidh aithris a dhéanamh ar ealaín mo laoich. Gearrcéalta teibí lán tagairtí agus tarlúintí osnádúrtha nár thuig mé féin i gceart an toradh; níor foilsíodh ach fíor-chorrcheann acu. Ní go dtí go raibh mé sna tríochaidí, agus cónaí orm i réaltacht osréalach na Brasaíle, gur thuig mé gur gaire mo ghlór mar scríbhneoir don réalachas ná don réalachas draíochta a spreag i mbun pinn an chéad lá riamh mé.

Ach fillim ar To Bring You My Love go rialta. Má tá fuaimriain ag tírdhreach mo shamhlaíochta, seo é. Fiú agus mo chuid scríbhneoireachta ficsin lonnaithe i réaltacht choinchréideach, uirbeach den chuid is mó na laethanta seo, is é an sprioc a bhíonn agam i gcónaí ná go mbeadh codarsnacht dhraíochtúil inti idir gairbhe agus binneas agus go mbeadh sí ionraic, neamhleithscéalach, mar atá To Bring You My Love agus go deimhin albaim PJ Harvey ar fad.

 

Fág freagra ar 'An t-albam a leag go talamh mé…'

  • Ronan Doherty

    Nár dhúirt Seosamh Mac Griann go raibh sé ag iarraidh leabhar a scríobh a bhainfeadh an cloigeann den chine daonna? Mian coitianta go leor é seo, más ea!