An Spidéal ag súil leis an sméar mhullaigh a chur ar bhliain stairiúil

Imreoidh An Spidéal agus seaimpíní Ros Comáin, Fíorta, i gcluiche ceannais idirmheánach Chonnacht tráthnóna agus fir Chois Fharraige ag iarraidh craobh an chúige a thabhairt leo den chéad uair

An Spidéal ag súil leis an sméar mhullaigh a chur ar bhliain stairiúil

Liam Ó Ceallaigh, An Spidéal. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

An Spidéal v Fíorta – Páirc Naomh Iarlaith, 1.30pm

Beidh deis ag peileadóirí an Spidéil a n-ainm a chur sa Táin tráthnóna agus an cumann as Cois Fharraige i gConmara ag iarraidh Craobh Chonnacht a bhuachan den chéad uair. Seaimpíní Ros Comáin, Fíorta, a bheidh rompu i dTuaim tráthnóna.

Imreofar am breise inniu má chríochnaíonn na foirne ar comhscór agus ní bheadh aon iontas ar aon duine dá mbeadh an scéal amhlaidh.

Sna trí chluiche craoibhe is deireanaí atá imeartha ag an Spidéal, chríochnaigh siad ar comhscór lena gcéilithe comhraic tar éis 60 nóiméad. Tharla sé i gcluiche ceannais an chontae in aghaidh Mhicheál Breathnach, in athimirt an chluiche sin agus tharla sé arís an deireadh seachtaine seo caite nuair a bhí am breise ag teastáil uathu chun Béal an Mhuirthead a chloí i gcluiche leathcheannais an chúige.

Murach na deiseanna a cuireadh amú agus easpa scóranna ón imirt, d’fhéadfadh cuid de na cluichí sin a bheith buaite níos éasca ag fir Chois Fharraige. Mar sin féin, an stuaim agus an teacht aniar atá iontu na buanna is fearr atá ag foireann óg seo an Spidéil agus aon uair a bhí rudaí ag dul ina gcoinne i mbliana, léirigh siad na tréithe sin go paiteanta.

I gcoinne Átha Cinn i mbabhta leathcheannais an chúige, sa dá chluiche i gcoinne Mhicheál Breathnach agus arís in aghaidh Bhéal an Mhuirthead, bhí an Spidéal chun deiridh i dtreo dheireadh na himeartha ach níor chailleadar a misneach riamh. Bua iontach é sin agus gach seans go mbeidh sé ag teastáil arís tráthnóna.

Bhí athimirt ag teastáil ó Fhíorta chomh maith chun craobh an chontae a thabhairt leo ach rinne siad scrios ar Ghaeil na Seamróige i gcluiche leathcheannais Chonnacht an deireadh seachtaine seo caite. Bua 2-12 in aghaidh 0-6 a bhí acu ar fhoireann Shligigh agus áit i gcluiche ceannais an lae inniu a luach saothair.

Bhuaigh siad an cluiche sin agus gan fáil acu ar an sárthosach Niall Kilroy. Deirtear go bhfuil gortú ag cur as don imreoir idirchontae ach gach seans go rachaidh sé chun páirce tráthnóna. Ní hé Kilroy amháin a bheidh ag déanamh imní don Spidéal, áfach, mar chruthaigh Aengus Lyons, Oisín Lyons agus Eamonn Bannon go maith ina gcuid gcluichí go dtí seo i mbliana.

Beidh an Spidéal ag brath ar Chonall Ó Caoimh, Éamonn Ó Conláin agus Liam Ó Ceallaigh chun súil a choinneáil ar na tosaithe sin agus ar na deartháireacha Uí Laoi, Antaine, Finnian agus Cormac, chun an sprioc a aimsiú ar an taobh eile den pháirc.

Sméar mhullaigh ar bhliain den scoth a bheadh d’fhir Bhaile an Droichid dá n-éireodh. Chuaigh an Spidéal chomh fada le cluiche ceannais sóisir Chonnacht in 2009 ach bhí briseadh croí i ndán dóibh nuair a chaill siad le haon phointe gágach amháin tar éis am breise i gcoinne Choillte Mach. Tá scata imreoirí ón bhfoireann sin fós ag treabhadh leo agus iad ag iarraidh cúiteamh a dhéanamh i mbliana.

Fág freagra ar 'An Spidéal ag súil leis an sméar mhullaigh a chur ar bhliain stairiúil'