An spiaire Naitsíoch agus foghlaimeoir Gaeilge a tháinig chun na Gaeltachta ag bailiú eolais

Tabharfar léargas sa chlár nua, Nazi sa Ghaeltacht, ar dhá shaol an Ollaimh Ludwig Mühlhausen a tháinig go baile beag Gaeltachta i ndeisceart Dhún na nGall, sa bhliain 1937

An spiaire Naitsíoch agus foghlaimeoir Gaeilge a tháinig chun na Gaeltachta ag bailiú eolais

Craolfar clár faisnéise nua Gaeilge ar BBC2 ag deireadh na míosa faoin tréimhse a chaith an scoláire Gearmánach agus an spiaire Naitsíoch, Ludwig Mühlhausen, i nGaeltacht Thír Chonaill roimh thús an Dara Cogadh Domhanda.

Tugtar léargas sa chlár nua, Nazi sa Ghaeltacht, a stiúir Antaine Ó Donnaile, ar dhá shaol an Ollaimh Mühlhausen, a tháinig go Teileann, baile beag Gaeltachta i ndeisceart Dhún na nGall, sa bhliain 1937.

Teangeolaí ab ea Ludwig Mühlhausen a tháinig go hÉirinn le seanchas a bhailiú agus Gaeilge a fhoghlaim agus chaith sé sealanna i nGaeltacht Chiarraí agus Chonamara sula ndearna sé a bhealach go Teileann.

Cé nárbh aon rud as an ghnáth é go mbeadh tréimhsí á gcaitheamh ag scoláirí ón mhór-roinn in Éirinn le Gaeilge a fhoghlaim agus béaloideas a bhailiú, léirítear sa chlár Nazi sa Ghaeltacht go raibh údar eile le turas an Ollaimh Mühlhausen.

Sa chlár uair an chloig, atá á léiriú ag Macha Media, leanann an t-iriseoir Kevin Magee cosán Mühlhausen ó Ghaeltacht Dhún na nGall go Beirlín, turas ina n-aimsíonn sé comhad rúnda ón am sin a chuir seirbhís faisnéise na hÉireann i dtoll a chéile agus fianaise eile go raibh an scoláire Gaeilge ina oifigeach de chuid an SS, Airm na Naitsíoch.

Ba ó mhuintir Theilinn féin a chuala láithreoir an chláir faoi Ludwig Mühlhausen den chéad uair agus é ar cuairt sa cheantar thar na blianta.

Ag labhairt dó faoin chlár, dúirt an láithreoir Kevin Magee, gur deis a bhí sa turas dul go bunúdar an scéil.

“Bhí mé ag iarraidh a fháil amach an raibh fírinne ar bith sna ráflaí seo faoin Nazi sa Ghaeltacht, mar sin thosaigh mé ag fiosrú, ag labhairt le muintir na háite, ag cur ceisteanna agus ag iniúchadh foinsí éagsúla. De réir a chéile bhí mé ábalta an scéal iomlán a nochtadh.

“Nuair a thosaigh mé ar mo thuras níor shíl mé go bhfaighinn amach go raibh Mühlhausen chomh tiomanta agus a bhí don Naitsíochas.

Maireann scéalta faoi Ludwig Mühlhausen beo i measc mhuintir Theilinn go fóill agus sa chlár seo cluintear ó dhaoine ar chas a dtuismitheoirí air.

Deir Magee gur chreid muintir Theilinn go raibh eolas á bhailiú aige faoin cheantar agus áit fhóirsteanach á lorg aige le fomhuireán a thabhairt isteach ann.

“Ceann de na chéad rudaí a rinne sé nuair a bhí sé socraithe i dTeileann ná pictiúr mór de Hilter a chur in airde sa seomra leaba s’aige. Ghlac sé grianghraif ar fud an cheantair agus d’úsáid sé tromán luaidhe le doimhneacht Chuan Theilinn a thomhas.

“Rith sé le muintir na háite ina dhiaidh sin go mb’fhéidir go raibh sé ag iarraidh a fháil amach an mbeadh an áit oiriúnach le fomhuireáin a theacht isteach ann.”

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt stiúrthóir an chláir, Antaine Ó Donnaile gur “turas eipiciúil” é scéal Ludwig Mühlhausen, atá ar nós scéinséir de chuid an dara cogadh domhanda”.

“Scéal iontach atá ann. Tá muintir Theilinn ag caint faoi ó bhí sé ansin roimh an dara cogadh domhanda agus tá fianaise againn agus doiciméid faighte againn anois a chruthaíonn gur spiaire a bhí ann, go raibh sé ag bailiú eolais, agus gur bhain na Naitsithe úsáid as an eolas sin le linn an chogaidh.

“Níl aon amhras ach gur Naitsí ceart a bhí ann. Bhí sé freagrach do Henrich Himmler bhí sé ag bailiú eolais do na Naitsithe faoin dóigh a d’oibir tír na hÉireann roimh an chogadh,” a dúirt stiúrthóir an chláir, Antaine Ó Donnaile.

Craolfar Nazi sa Ghaeltacht Dé Domhnaigh an 26 Iúil ar BBC a Dó Thuaisceart Éireann ar 10 i.n.

Fág freagra ar 'An spiaire Naitsíoch agus foghlaimeoir Gaeilge a tháinig chun na Gaeltachta ag bailiú eolais'

  • Nóirín Ní Dhomhnaill

    An mbeidh an clár le feiceáil ar TG4?