An smaoineamh maith é tuilleadh neamhspleáchais agus saoirse a thabhairt do scoileanna na tíre?

Tá gach cosúlacht ar an scéal go bhfuil neamhspleáchas méadaithe i ndán do scoileanna na hÉireann. Bheadh deis agus dúshlán in éineacht ag baint lena a leithéid de shaoirse…

classroom

Mar chuid de Bhuiséad 2016 a d’fhógair rialtas Shasana le déanaí, tá neamhspleáchas breise i ndán do scoileanna uile na tíre sin. Ábhar spéise dúinne é seo in Éirinn, sa mhéid is go bhfuil sé molta anseo chomh maith go méadófaí an ról atá ag scoileanna i mbainistiú a gcúraimí féin feasta. Ach is iomaí sin cúram a bhaineann le saol na scoile, agus má tá an neamhspleáchas le méadú, is gá gach ceann de na cúraimí a mheas go cúramach.

Is iomaí difríocht a bhíonn le sonrú ó thír go chéile sa mhéid údaráis a bhíonn ag scoileanna i riaradh a gcúraimí. Sna tíortha sin a mbíonn lárú iomlán déanta ar an gcóras oideachais, cuirtear d’iachall ar an scoil áitiúil polasaí an údaráis náisiúnta a chur i bhfeidhm go docht dílis. Bíonn an scoil spleách go hiomlán ar údarás seachtrach, agus is beag ról a bhíonn ag an bpobal scoile in aon chinneadh mór a bhaineann leis an soláthar oideachais go háitiúil.

A mhalairt a bheadh i gceist i dtíortha eile, ina bhfeidhmíonn an scoil go neamhspleách ar na húdaráis sheachtracha, nó ina bhfeidhmíonn an scoil go neamhspleách go pointe áirithe.

Sampla den mhúnla sin is ea na scoileanna acadaimh (academy schools) i Sasana. Cé gur scoileanna iad atá maoinithe ag an stát, agus gur cuid den earnáil phoiblí iad, tá mórán saoirse acu taobh istigh de chreat dlíthiúil an stáit. Tá saoirse acu a gcinntí féin a dhéanamh maidir le heagrú na scolaíochta, an chláir foghlama, téarmaí fostaíochta na múinteoirí (líon, tuarastal, saoire), agus araile. Tugtar cead a cinn don scoil fad is atá an creat rialaithe á chomhlíonadh. An príomhoide atá freagrach as gnáthobair na scoile, agus is é an academy trust a fheidhmíonn mar bhord bainistíochta.

Faoi láthair, is scoileanna acadaimh iad 60% de mheánscoileanna agus 15% de bhunscoileanna na tíre sin. Ach mar chuid den bhuiséad a d’fhógair George Osborne, Seansailéir an Státchiste, an 16 Márta beidh ar gach bunscoil agus meánscoil athrú ina scoil acadaimh roimh 2020, nó 2022 ar a dheireanaí.

Déarfadh mórán gur céim bhreise í seo i dtreo an phríobháideachais san earnáil oideachais, gur straitéis faoi cheilt í chun idé-eolaíocht an nua-liobrálachais a chur chun cinn, agus na scoileanna a chur i gcomórtas lena chéile. Dar leo gur breithiúnas éagórach a dhéantar ar fhiúntas na scolaíochta atá á soláthar sna scoileanna dá bharr, agus é bunaithe mar shampla, ar thomhas cúng míshásúil amhail torthaí foghlama na bpáistí ar thrialacha caighdeánaithe.

Cinnte, dhealródh gurb iad cúrsaí airgeadais níos mó ná aon tairbhe oideachasúil, atá chun tosaigh i réasúnaíocht an rialtais. Mar shampla, is díol suntais é gurb é an tAire Airgeadais agus ní an tAire Oideachais a d’fhógair a leithéid de phlean.

Agus cad faoi chás na hÉireann? Ar cheart níos mó saoirse a thabhairt do scoileanna na tíre seo a gcuid cúraimí féin a stiúradh?

D’fhéadfaí a áiteamh, b’fhéidir, go bhfuil neamhspleáchas nach beag ann cheana féin. Is é an Bord Bainistíochta atá freagrach as mórán de ghnáthchúraimí na scoile, earcú na múinteoirí i measc rudaí eile, agus cé go bhfuil curaclam náisiúnta i bhfeidhm, mar aon le trialacha  caighdeánaithe agus scrúduithe náisiúnta, fágtar go leor saoirse ag an scoil an teagasc agus an clár foghlama a chur in oiriúint dá riachtanais áitiúla.

Ach tá sé molta ag an Roinn Oideachais i ndoiciméad comhairliúcháin a tháinig amach tamaillín roimh Nollaig go méadófaí ar an neamhspleáchas sin. Moladh is ea é a fógraíodh sa chlár rialtais a d’fhógair Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre in 2011. Bhí téarma an rialtais nach mór caite faoin am ar dhírigh siad ar an gceist seo, ach is fíor a rá go bhfuil cuid mhaith de na moltaí atá sa doiciméad á gcur i bhfeidhm le tamall anuas.

Lorg an rialtas tuairimí an phobail i bpróiseas comhairliúcháin a mhair go dtí mí Eanáir. Ní léir fós cén toradh a bheidh air seo, ach tá sé ráite ag Fine Gael ina bhforógra toghcháin go leanfaidís leis an gcomhairliúchán dá mbeidís sa chéad rialtas eile. Neosfaidh an aimsir.

Ar thrí ghné de shaol na scoile atá na moltaí dírithe: bainistíocht agus éiteas na scoile, teagasc agus foghlaim, agus cúrsaí airgeadais. Sa tslí seo, bheadh creat de pholasaí curtha ar fáil ag an Roinn, agus saoirse éigin ag an scoil taobh istigh de sin feidhmiú mar is fearr de réir na riachtanas áitiúil.

Maidir le bainistíocht scoile, moltar go ndéanfaí ról na dtuismitheoirí a láidriú. Bheadh tábhacht i gcónaí le féinmheastóireacht scoile, próiseas ina dtugann an scoil féin breithiúnas ar chaighdeán an tsoláthair oideachais sa scoil. Réiteodh an scoil plean feabhais agus bheadh ar an scoil tuairisc bhliantúil a sholáthar do thuismitheoirí ar an dul chun cinn. Leanfadh an chigireacht ar aghaidh leis na meastóireachtaí seachtracha, mar a tharlaíonn faoi láthair, ach laghdófaí ar mhinicíocht na meastóireachta sin de réir mar a bhí scoileanna ag feidhmiú go sásúil.

Maidir leis an dara heilimint, teagasc agus foghlaim, moltar go mbeadh an curaclam náisiúnta leagtha amach i dtéarmaí níos leithne, bunaithe ar thorthaí foghlama a bheadh le baint amach. Chuirfí treoirlínte ar fáil, agus d’fhágfaí go leor saoirse leis an scoil a cuid féin a dhéanamh den churaclam agus na modhanna teagaisc is oiriúnaí a roghnú. Agus i gcás cúrsaí airgeadais, an scoil féin a bheadh freagrach as cinntí a bhainfeadh le buiséad, caiteachas, agus úsáid na n-acmhainní.

Léiríonn an achoimre seo gur coincheap casta é an neamhspleáchas a bhaineann le mórán gnéithe de shaol na scoile. Ar ndóigh, is féidir meascán den neamhspleáchas agus den spleáchas a bheith ann, sé sin, mórán saoirse ag an scoil i gcúrsaí áirithe, ach na rialacha agus polasaithe caighdeánaithe céanna i bhfeidhm i ngach scoil i gcúrsaí eile. Agus braitheann an tairbhe atá le baint ar mhórán cúinsí, rud a fhágann gur deacair é tátal bailí a bhaint ón taighde acadúil atá déanta ar an gceist. Leas Mhurchaidh agus aimhleas Mhánais, mar a deirtear.

Ach dar le ceardchumainn mhúinteoirí chuirfeadh formhór na moltaí ar bhóthar a n-aimhleasa scoileanna na tíre agus tá diúltaithe ag lucht ceardchumainn don doiciméad den chuid is mó. Thacóidís, áfach, le neamhspleáchas i gcúrsaí éiteas scoile, le leathnú an chórais phátrúnachta, agus le roinnt moltaí eile go pointe áirithe.   

Fad is atáimid idir dhá rialtas, ní léir cén toradh a bheidh ar na moltaí seo ná ar an gcomhairliúchán atá déanta. Cinnte, is moltaí suntasacha atá iontu, iad bailithe le chéile in aon cháipéis amháin a ardaíonn ceisteanna nach bpléitear rómhinic. Ach is gá an bóthar seo a thaisteal go réidh, chun muinín agus dea-thoil an phobail scoile a chinntiú agus chun go rachaidh pé athruithe a dhéantar chun leas pháistí uile na tíre.

Is Stiúrthóir ar an bhForbairt Ghairmiúil Leanúnach i gColáiste Mhuire Gan Smál an Dr Cathal de Paor