An séú plean teanga faofa agus €100,000 ceadaithe do Chomhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh

Tá €690,000 ceadaithe anois do na sé phlean teanga sa Ghaeltacht a bhfuil glactha leo go dtí seo ag Aire Stáit na Gaeltachta, Joe McHugh

An séú plean teanga faofa agus €100,000 ceadaithe do Chomhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh

Tá an séú plean teanga faofa ag Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh agus €100,000 thar thréimhse bliana á chur ar fáil do Chomhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh chun tús a chur le feidhmiú phlean Chiarraí Theas.

Tá €590,000 ceadaithe cheana do na cúig phlean eile a bhfuil glactha leo go dtí seo – Múscraí, Cois Fharraige, Na Déise, Cloich Chionnaola agus Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire, Loch an lúir.

Tá glactha anois ag na coistí pleanála teanga sna ceantair sin ar fad leis an maoiniú a cuireadh ar fáil dóibh, ó tháinig Fóram um Pleanáil Teanga Chois Fharraige ar réiteach le Roinn na Gaeltachta faoin leibhéal maoinithe a chuirfí ar fáil chun tús a chur le feidhmiú phlean an cheantair sin.

Trí cinn eile de phleananna teanga atá curtha faoi bhráid Aire Stáit na Gaeltachta ag Údarás na Gaeltachta le faomhadh– An Cheathrú Rua, Maigh Eo Thuaidh, agus Dúiche Sheoigheach agus Tuar Mhic Éadaigh.

Faoi Acht na Gaeltachta 2012, tá plean teanga le hullmhú i 26 limistéar pleanála teanga sa Ghaeltacht.

Thréaslaigh Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh a gcuid oibre le  Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh agus le “gach duine” a chabhraigh le hullmhú an phlean agus ghuigh sé gach rath orthu.

Idir an dá linn, tá eagraíocht neamhspleách náisiúnta le bunú a bheidh ionadaíoch ar na coistí pleanála teanga ar fud na Gaeltachta.

Ag comhdháil i gConamara faoin bpleanáil teanga a d’eagraigh an grúpa Teacht Aniar  a tháinig an moladh don eagraíocht náisiúnta chun cinn.

Aontaíodh ag an gcomhdháil sin go raibh gá le foras taighde neamhspleách a chuirfeadh comhairle ar na coistí pleanála teanga agus ar institiúidí stáit faoin bpleanáil teanga.

 

Fág freagra ar 'An séú plean teanga faofa agus €100,000 ceadaithe do Chomhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh'