‘An scoil Ghaeilge a mbíodh tú riamh ag brionglóideach fúithi’

Tá tús á chur an tseachtain seo le ‘Scoil Scairte’, cúrsa nua ar líne a bhfuil sé mar aidhm aige blaiseadh a thabhairt do dhaoine de chultúr comhaimseartha na nGael

‘An scoil Ghaeilge a mbíodh tú riamh ag brionglóideach fúithi’

Cuirfear tús amárach le ‘Scoil Scairte’, cúrsa nua Gaeilge ar líne ina mbeidh an láithreoir teilifíse agus údar aitheanta Manchán Magan páirteach ann.

Is é aidhm an chúrsa, a deir lucht a eagraithe, blaiseadh a thabhairt do dhaoine de chultúr comhaimseartha na nGael agus deis a thabhairt dóibh teacht ar an teanga in athuair.

‘An scoil Ghaeilge a mbíodh tú riamh ag brionglóideach fúithi’ an cur síos a dhéanann lucht bunaithe an chúrsa air.

“Aistear tumtha” a théann go “croílar agus anam” na teanga, a deirtear atá sa Scoil Scairte. Tagairt é teideal an chúrsa do na scoileanna cois claí a bunaíodh in Éirinn le linn an ochtú haois déag.

Beidh seisiún ar líne á reáchtáil uair sa tseachtain as seo go ceann naoi seachtaine mar chuid den Scoil Scairte agus tá maoiniú á chur ar fáil don chúrsa ag Foras na Gaeilge.

I measc na ndaoine a bheas i mbun na seisiún ar líne, beidh na rapairí as Béal Feirste, Kneecap, an t-amhránaí Inni-K, an file aitheanta Louis de Paor, ​​an t-údar Úna-Minh Kavanagh agus an craoltóir agus tráchtaire Ola Majekodunmi.

Ag cur síos dó ar an chúrsa a d’ullmhaigh sé i gcomhar le The Trailblazery, dúirt Manchán Magan go raibh sé ag súil go rachaidh an cúrsa i ngleic leis an cháineadh “seanchaite” a dhéantar ar an Ghaeilge tríd an teanga “bheo” a chur i láthair i gcomhthéacs comhaimseartha.

“Creidim go paiseanta go bhféadfadh an Ghaeilge muid a threorú ar ais chuig na rudaí is tábhachtaí sa saol agus tuiscint a thabhairt dúinn ar an domhan, a bhfuil an chuma air gur in olcas atá sé ag dul…”

Dúirt Manchán go raibh “síolta na críonnachta, an tsuaimhnis agus na hinmharthanachta” sa teanga agus go raibh sé “thar am” iad a roinnt le pobal níos leithne.

Tá €225 ar thicéad don chúrsa sa Scoil Scairte.

Idir an dá linn, beidh Manchán Magan ag dul ar camchuairt an mhí seo chugainn lena sheó nua Arán & Im, a léiríodh i gcomhpháirt le hAmharclann na Mainistreach.

I mbun arán taois ghéir a bhácáil atá Manchán Magan sa léiriú nua agus léargas á thabhairt aige “ar iontais na Gaeilge”, ar “fhocail mhealltacha” agus ar “an iliomad nathanna a thugann beocht do chumhacht agus mistéir an tsaoil nádúrtha”.

Beidh seónna aige i gCorcaigh, Longfort, Sligeach, Cill Dara, Cill Chainnigh, Loch Garman agus Baile Átha Cliath le linn na camchuairte.

Fág freagra ar '‘An scoil Ghaeilge a mbíodh tú riamh ag brionglóideach fúithi’'

  • Máire

    Cén fáth a mbeinn ag brionglóideach faoin scoil seo? Tá a lán obair le déanamh ag na daoine sin ar a gcuid Gaeilge féin, agus tá siad ag iarraidh €225

  • Seán