An saol beagáinín leamh agat? Téigh ag caint leis an reibiliúnaí réamhscoile

Más fút tástáil a dhéanamh ar na gnáth-thuiscintí agus na gnáthnósanna saoil atá agat, b’fhiú duit seal a chaitheamh i bhfochair gasúir réamhscoile

An saol beagáinín leamh agat? Téigh ag caint leis an reibiliúnaí réamhscoile

Má dúirt tú riamh leat féin, ‘faraor nach bhfuil mo shaol beagáinín níos craiceáilte,’ nó ‘tá mé maraithe ag an leadrán’,  tá réiteach na faidhbe agam duit.

Mholfainn duit scaitheamh a chaitheamh in éineacht le gasúir réamhscoile agus ní fada nó go mbeidh tú ag fágáil slán ag an gciall, le do ghnáthnósanna iompair, agus leis an suaimhneas ar mhaithe le himeacht ar thuras go saol eile.

Sa saol eile seo atá ag an ngasúr réamhscoile níl thuas ná thíos, bun ná barr, sall ná anall ann.

An rud nach dtuigeann an duine fásta go minic, mé féin san áireamh, ná nach n-oibríonn an inchinn atá ag an ngasúr réamhscoile ar an mbealach céanna is a oibríonn inchinn an duine fásta.

Nach maith an rud é sin? a déarfá, seans. Nach gcaithfidh an saol gluaiseacht ar aghaidh agus cén mhaith don chine daonna a bheith ag déanamh na rudaí céanna glúin i ndiaidh glúine?

B’fhíor duit. Go pointe.

Tóg an lá cheana agus muid ag iarraidh dul amach an doras ar maidin. Bhí an mhaidin ag dul go maith go dtí go bhfaca mé go raibh an léine curtha os cionn an chóta ag an mBabaí, i leaba, is dóigh nár ghá dom é a rá, ach déarfaidh mé é, an léine a bheith air taobh istigh den chóta, mar a dhéanfadh an chuid is mó againn nach reibiliúnaithe réamhscoile muid.

‘Errr?’ a dúirt mé leis nuair a chonaic mé é ag déanamh ar an doras. ‘Ní fhéadfaidh tú an léine a chaitheamh os cionn an chóta,’ a dúirt mé. Ar mhaithe leis féin a bhí mé, nó sin a shíl mé.

‘Tuige?’ a deir sé.

‘Err’ eile a bhí mar fhreagra ar an méid sin mar nár tugadh aon réamhfhógra dom go mbeadh orm cosaint a dhéanamh an mhaidin áirithe sin ar mo sheasamh maidir le cótaí agus léinte.

Caithfidh tú greim láidir a choinneáil ar do chuid prionsabal in éadan loighic an reibiliúnaí réamhscoile nó ní fada nó go mbeidh tú gan ancaire buan ar fharraigí corracha an tsaoil.

Tháinig an crú ar an tairne an lá cheana. Bhain sé le ceapaire suibhe.

D’iarr an Babaí ceapaire ‘subh agus im’ orm. Réitigh mé na ceapairí agus leag mé aige iad. Bhain sé greim as ceann acu. ‘Ní maith liom é,’ a dúirt sé agus ba léir, ní hamháin nár thaitin na ceapairí leis, ach gur ghoill sé go trom air go leagfainn a leithéid roimhe.

‘Nach hin a d’iarr tú orm?’ arsa mise, agus mé séidte ag an gcor ba dheireanaí in eipic na gceapairí suibhe.

‘Ceapaire subh agus im a bhí mé a iarraidh,’ ar sé.

‘Ach céard é sin, más ea?’ a dúirt mé agus mé ag pointeáil ar an bpláta.

‘Ceapaire im agus subh atá ann!’ a deir sé agus é trína chéile, ‘bhí mé iarraidh an subh ar dtús agus ansin an t-im!’

Is beag nár thit mé as mo sheasamh.

‘Ach, ach, ní fhéadfaidh tú é sin a dhéanamh!’ a dúirt mé agus bolgam de rud éicint níos láidre ná subh ag teastáil uaim go géar.

‘Tá’s ag chuile dhuine… caithfidh an t-im a ghabháil ar an arán ar dtús agus ansin an subh!’

‘Tuige?’ a deir sé.

Fág freagra ar 'An saol beagáinín leamh agat? Téigh ag caint leis an reibiliúnaí réamhscoile'