AN SAOITHÍN AERÁIDE: Sín chugam an bainne coirce, le do thoil!

Colún míosúil nua faoi chúrsaí aeráide. An mhí seo: agus a thuilleadh is a thuilleadh daoine ag iompú ar stíl bheatha veigeánach d’fhonn srian a choinneáil leis an athrú aeráide, tá súil ghéar á caitheamh ag an Saoithín Aeráide ar a bhiachlár féin

AN SAOITHÍN AERÁIDE: Sín chugam an bainne coirce, le do thoil!

Chaith an Saoithín Aeráide tamall ina thír dhúchais, an Ísiltír, le gairid. Níor luaithe sa bhaile é nó thuig sé go bhfuil saoithíní aeráide níos saoithíní ar an saol ná an Saoithín Aeráide féin.

Bhí an Saoithín ar cuairt i dteach a dheirféar móire, ag maíomh as aistear fada  a chuir sé de ar an traein (in ionad ar eitleán) d’fhonn srian a choinneáil lena aschur C02, nuair a chuir a dheirfiúr a dhá lámh trasna ar a chéile.

‘Ní dada é sin. Níl feoil, táirgí déiríochta ná uibheacha á n-ithe sa teach seo ó mhí Meán Fómhair seo caite.’

Agus caife á réiteach aici a raibh ionadach bainne veigeánach éigin ann, mhínigh deirfiúr mhór an tSaoithín dá deartháir óg, amhail nach raibh a fhios aige é, go bhfuil eallach, ba thar aon dream eile, chomh dona céanna ó thaobh aschur CO2 de agus atá eitleáin – agus go mbaintear foraoiseacha luachmhara chun féarach a chur ar fáil do na beithígh chéanna, amhail is nach raibh a fhios ag a deartháir óg, a bhfuil cónaí air sa Bhrasaíl, an méid sin ach an oiread.

Shín an Saoithín Aeráide a mhéar i dtreo an chupáin chaife a bhí réitithe dó ag a dheirfiúr mhór.

‘Tá na foraoiseacha céanna á mbaint chun na pónairí as a ndéantar an bainne soighe sin a fhás, an raibh a fhios agat?’

Chuir an deirfiúr mhór straois shárshaoithíneach uirthi féin.

‘Bainne coirce atá ansin, bíodh a fhios agat – agus déantar an coirce a fhás sa tír seo d’fhonn an lorg carbóin a choinneáil chomh híseal agus is féidir.’

Thaispeáin sí an paca bainne coirce dom. Bhí an praghas fós air: 3 euro ar lítear.

In ainneoin an chostais agus in ainneoin na ndúshlán a bhaineann leis an athrú, is léir don dall go bhfuil a thuilleadh is a thuilleadh daoine ag iompú ar stíl bheatha veigeánach: téigh isteach i mbialann ar bith agus feicfidh tú an fhianaise ar an mbiachlár. 

Eagraíodh ‘An tSeachtain Náisiúnta Gan Feoil’ san Ísiltír an mhí seo caite – iarracht na buntáistí a bhaineann le stíl bheatha veigeatórach nó veigeánach a chur ina luí ar an saol mór. Ghlac na scórtha míle teaghlach, scoileanna, ollmhargaí, bialanna agus comhlachtaí bia páirt ann. 

Gan amhras, ní san Ísiltír amháin atá an-tóir ar stíl bheatha gan feoil. Chaith an Saoithín Aeráide trí lá in Éirinn an mhí seo caite. Béilí gan feoil a tugadh dó in dhá cheann de na trí theach inar chaith sé béile iontu – ní toisc gurbh é féin a d’iarr, ach toisc gur líonta tí ‘gan feoil’ iad líonta tí na gcairde Éireannacha sin. (Dá mba feirmeoir Éireannach é an Saoithín Aeráide, ní hé an Breatimeacht ná go deimhin aon cháin charbóin a chuirfí ar bhreosla a thiocfadh idir é agus codladh na hoíche, ach an t-ardú as cuimse atá ag teacht ar líon na ndaoine atá ag diúltú scun scan do tháirgí de bhunús ainmhíoch.)

Ní feoilséantóir é an Saoithín Aeráide féin, gan trácht ar é a bheith ina veigeánach. Itheann sé sicín agus iasc, bíonn braon bainne aige i mbrachán na maidine agus tá dúil mhór aige in uibheacha. Ach ní itheann sé mairteoil, muiceoil ná go deimhin feoil aon cheithrechosach eile ach go hannamh. Tar éis na léachta a fuair sé i dteach a dheirféar móire, tá súil ghéar á caitheamh aige ar a bhiachlár féin. Cá bhfios nach é bainne na bó an chéad rud eile a bhainfear de; ní raibh blas ródhona ar an mbainne coirce sin ar chor ar bith.

Fág freagra ar 'AN SAOITHÍN AERÁIDE: Sín chugam an bainne coirce, le do thoil!'