AN SAIGHDIÚIR SAMHRAIDH: Is é an cineáltas ábhar shoiscéal na seachtaine seo…

Cineáltas sa spórt? Tig leat bheith cineálta ach ní i gcónaí a thugtar cúiteamh duit as an chineáltas chéanna..

AN SAIGHDIÚIR SAMHRAIDH: Is é an cineáltas ábhar shoiscéal na seachtaine seo…

Bainisteoir Chiarraí, Éamonn Fitzmaurice. INPHO/Ryan Byrne

Ciarraí cineálta ciallmhar críonna

Is é an cineáltas ábhar shoiscéal na seachtaine seo. Tosaíonn an chéad cheacht i gCiarraí. Is fíor nach mbíonn an cineáltas luaite i gcónaí le lucht caide Chiarraí. Beidh cuimhne ag léitheoirí ar thuairimí tréana a bhí ag iarlaoch de chuid an chontae – ar dheis Dé go raibh sé – faoi lucht leanúna an chontae. Beidh cuimhne ag lucht leanúna contaetha eile faoin dóigh mhíthrócaireach ar chuir Ciarraí deireadh lena seansanna féin sa chraobh bliain i ndiaidh bliana. Ní cineáltas an chéad fhocal a thagann chun béil ar ócáidí den tsórt.

Ach amharc go bhfuil ré nua ann. Bhí mise ag amharc ar an chluiche idir na Dubanna agus Ciarraí agus, oiread chéanna le Pat Spillane, bhí mé den tuairim ag a chríoch go mbeadh deireadh le ré Éamonn Fitzmaurice. Sin an chiall cheannaithe a bhí ann.

Ach ní raibh ciall leis an chéill cheannaithe; ciall Chiarraíoch atá acu sa Ríocht. Tá téarma eile le bheith ag Fitzmaurice. Chomh cineálta agus atá sé sin ag bord an chontae. Ní dóigh liom go raibh mórán daoine ag súil leis. Is é atá ciallmhar críonna mar chinneadh fosta. Tá fios a ghnó ag Fitzmaurice; is é is fearr a thuigeann cad é atá le déanamh le go mbeadh Ciarraí in ann dúshlán na nDubanna agus eile a thabhairt arís eile.

Is fíor nach raibh Tum Eoghain chomh cineálta céanna le Mickey Harte. Ní raibh siad toilteanach síneadh a chur lena théarma. Ach fan go fóill. Tá Harte ina bhainisteoir ó bhí 2002 agus tá trí chraobh uile-Éireann ag Tír Eoghain de bharr a chuid iarrachtaí. Tá bliain eile ag Harte agus cá bhfios cad é mar a dhéanfas an contae ar an bhliain seo chugainn?

Cineáltas Rangers

Bhí sé cineálta fosta ag Rangers bua chomh héasca sin a bhronnadh ar na Ceiltigh ag an deireadh seachtaine. Ná bac leis an tseafóid sin faoi sheicteachas agus naimhde agus eile. Cinnte, bhí duine nó beirt i measc lucht leanúna an dá fhoireann nach raibh iontach Críostaí ina n-iompar. Mar sin féin, creidim gur thuig peileadóirí Rangers go raibh cluiche mór eile ag na Ceiltigh i Sraith na Seaimpíní agus shíl siad gur chóir misneach a chur iontu. Ar an ábhar sin a lig siad do na Ceiltigh cúig chúl a aimsiú. Gníomh fial a bhí ann agus bíodh dóchas againn go mbainfidh na Ceiltigh gach tairbhe as agus iad sa Spáinn.

Cineáltas Froome

Bhí Chris Froome cineálta le Nairo Quintana sa Vuelta fosta. Lig sé do Quintana ruathar aonair suas sliabh a thabhairt ag céim 15 den rás. Thug an ruathar sin am sa bhreis do Quintana nach dtiocfadh le Froome a fháil ar ais in ainneoin a ghaisce le linn chéimeanna eile den rás.

Ach sin an rud is cineáltas sa spórt. Tig leat bheith cineálta ach ní i gcónaí a thugtar cúiteamh duit as an chineáltas chéanna.

Áiméan, a deirim, áiméan.

Fág freagra ar 'AN SAIGHDIÚIR SAMHRAIDH: Is é an cineáltas ábhar shoiscéal na seachtaine seo…'