AN SAIGHDIÚIR SAMHRAIDH: Cad is ‘manliness’ ann sa lá atá inniu ann?

A tháille aistrithe, a manliness agus cás na n-Ultach atá ag déanamh imní dár Saighdiúir an tseachtain seo

AN SAIGHDIÚIR SAMHRAIDH: Cad is ‘manliness’ ann sa lá atá inniu ann?

Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

Is cosúil go raibh an cluiche sin idir Arggh Mhacha agus Cill Dara go maith. Deirim ‘is cosúil’ mar gur ar SKY a bhí sé agus ní íocann an saighdiúir seo as cúrsaí spóirt. Tá SKY ag fáil go leor airgid uaim cheana féin as cúrsaí teilifíse agus idirlín! (Lena cheart a thabhairt do SKY, tá Ballers ar ais agus neart droch-chainte agus aicsin ann. Tá Spencer (aka Dwayne Johnson) ag dul go Vegas, a bhabaí!)

Mhol tráchtaire conspóideach RTÉ agus iarpheileadóir Dhoire, Joe Brolly, an cluiche go mór ar na meáin shóisialta, á rá go raibh neart “manliness” ann. Ar ndóigh, chuaigh daoine ag spochadh as Brolly as focal Béarla ón 17ú haois a úsáid. Cé a labhraíonn ar “manliness” sa lá atá inniu? Cad is “manliness” ann sa lá atá inniu ann?

Sea, cluiche breá, lán spraoi agus aicsin, a bhí ann. Is cosúil. Deirim ‘is cosúil’ mar gur ar SKY a bhí sé agus ní íocann an saighdiúir seo as cúrsaí spóirt.

Ach ná bíodh imní ort. Bhí ábhar eile le fáil ar an teilifís oíche Shathairn. Chaith an saighdiúir leathuair phléisiúrtha ag amharc ar Dad’s Army. Á, an Captaen Mainwaring sin agus a bhuachaillí sa Hómgharda, is iad atá cróga calma.

Bhain an t-eagrán áirithe seo le gabhar i bpáirc agus paráid. Ach tá mórán le foghlaim as Dad’s Army. Cad é an ceacht is tábhachtaí, mar shampla? Tá, is cuma cén aois thú, ní bhíonn sé rómhall an geansaí a tharraingt ort féin, an fód a sheasamh:

Who do you think you are kidding Mr. Pundit,
If you think we’re on the run?
We are the boys who will stop your little game.
We are the boys who will make you think again.
‘Cause who do you think you are kidding Mr. Pundit,
If you think old Armagh’s done?

An mbeidh na Fir Bhuí in ann an Lámh Dhearg a chur ó mhaith?

Tagann athrú ar an am agus ní thagann athrú ar an am. Mothaím go bhfuil an tarraingt a rinneadh Dé Domhnaigh i ndiaidh dornán blianta a ghearradh de m’aois. Níl mé go díreach chomh meánaosta agus a bhí mé Dé Sathairn nó seo mé ag caint arís ar sheanchoimhlint m’óige: Arggh Mhacha v Tum Eoghain.

Ba iad Arggh Mhacha a chuir borradh faoi athbheochan na peile in Ulaidh agus bhain aon chraobh uile-Éireann amháin. Bhí mé den bharúil i gcónaí (agus tá go fóill) go mbainfeadh Arggh Mhacha craobh amháin eile uile-Éireann (ar a laghad) murach go ndearnadh athrú ar an chóras agus cluiche breise cáilithe a chur leis an chomórtas. Bhí an cluiche sa bhreis sin ródhúshlánach ag foireann bheag – agus foireann a bhí ag dul anonn in aois gach aon uile bhliain.

Tum Eoghain a bhain an fómhar, gan amhras. Trí chraobh uile-Éireann! Éacht dochreidte ag contae ar bith Ultach agus mé i m’fhear óg. Is iad a bheas mar rogha na coitiantachta agus iad ag tabhairt aghaidh ar Arggh Mhacha. Ach cá bhfios nach mbeadh na Fir Bhuí in ann an Lámh Dhearg a chur ó mhaith?

Agus dá mba Dub thú, ba cheart go mbeadh imní ort roimh Mhuineachán. (Imní, ní eagla, gan amhras.) Ní chreidfidh mórán daoine go dtabharfaidh Muineachán dúshlán na nDubanna. Mar sin féin, is seanríocht peile iad muintir Mhuineacháin agus is iad atá bródúil as a stair. An dúshlán atá anois ann caibidil nua chomhaimseartha a chur leis an stair agus creach gan choinne a dhéanamh i nDuibhlinn.

Tá na peileadóirí acu ach an bhfuil an toil?

Níl deireadh leis an rómáns go fóill

Mo leathmhallacht ar Mhaigh Woe inniu agus mo leathmhallacht eile don lá amárach. Bhí siad ar tí aisling Ros Comáin a chur ó mhaith ach d’éirigh le fir eile Chonnacht an cúilín a mhealladh ó dhéithe na peile agus beidh lá eile acu uilig go léir. Níl deireadh leis an rómáns go fóill. Tá mo chroí le Ros Comáin go fóill, cibé faoin cheann. Ciarraí, Muineachán, Arggh Mhacha agus Ros Comáin sna cluichí leathcheannais? Cá mhéad turas a bheadh le déanamh go Cnoc Mhuire agam lena leithéid a fheiceáil? Míorúilt a bheadh ann. Ach nár dheas agus ródheas contaetha nua a fheiceáil sna cluichí leathcheannais – sula mbainfeadh Ciarraí an chraobh arís?

Táille aistrithe an saighdiúra

Chuirfeadh na suimeanna atá caite ag cumainn i bPríomhroinn Shasana mearbhall ort. Chuirfeadh na suimeanna atá luaite le peileadóirí aonair as do mheabhair thú. Tá £200 milliún caite ag Manchester City ar pheileadóirí cheana féin. Man City! Airgead. Amadán. Imithe.

Tá bainisteoir Man U, Jose Mourinho, ag caint ar £90 milliún a chaitheamh ar réalt mhór Real, Gareth Bale, agus tá suim €200 milliún, á lua mar phraghas ar fhear mór Barcelona, Neymar.

€200 milliún? Suim mhór ar pheileadóir – bíodh is gur ar éigean go gceannódh an méid sin bothóg i mBaile Átha Cliath duit!

(Dála an scéil, níl bunús ar bith leis na ráflaí gur ofráil Seachtain €10 d’Eagarthóir Tuairisc.ie mar tháille aistrithe dom chun an Indo. Dá mbíodh €5 féin i gceist, ghlacfadh an tEagarthóir leis.)

Fág freagra ar 'AN SAIGHDIÚIR SAMHRAIDH: Cad is ‘manliness’ ann sa lá atá inniu ann?'