An sagart péidifileach as Gaeltacht Dhún na nGall Eugene Greene básaithe

Deimhníodh inniu gur mí na Samhna seo caite a bhásaigh Eugene Greene, sagart a ciontaíodh as ionsaithe gnéis a dhéanamh ar 26 buachaill

An sagart péidifileach as Gaeltacht Dhún na nGall Eugene Greene básaithe

Tá sé tagtha chun solais inniu gur bhásaigh an sagart péidifileach as Gaeltacht Dhún na nGall Eugene Greene ag deireadh na bliana seo caite.

Bhí sé 91 bliain d’aois.

Fuair na Gardaí amach mar gheall ar a chuid coireanna ar dtús i 1997 nuair a chuaigh Greene féin chucu agus é ag maíomh go raibh dúmhál á dhéanamh air ag fear.

Gearradh téarma 12 bliain príosúin ar Eugene Greene in 2000 as ionsaithe gnéis a dhéanamh ar 26 buachaill idir 1965 agus 1982 i bparóistí éagsúla i nGaeltacht Dhún na nGall, ina measc Gaoth Dobhair, Cnoc Fola agus Cill Mac Greannáin. 

Scaoileadh saor é tar éis ocht mbliana.

Tuairiscíodh ar Nuacht an Tuaiscirt ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu gur bhásaigh Greene ag deireadh mhí na Samhna ach nár cuireadh údaráis na hEaglaise ar an eolas.

Tuairiscíodh go bhfuil sé i gceist ag lucht Oifig Deoise Ráth Bhoth teagmháil a dhéanamh as seo go ceann cúpla lá leis na daoine a ndearna an sagart mí-úsáid orthu.

Cé nach eol cá raibh fód a bháis, tuairiscíodh anuraidh gur i gCorcaigh a bhí Greene ina chónaí i dteach altranais de chuid na heaglaise.

Tuairiscítear go ndearnadh corp Greene a chréamadh agus gur scaipeadh a luaithreach ar muir.

Scríobh Máirtín Mac Con Iomaire, as Casla i nGaeltacht Chonamara, iarbhleachtaire a raibh baint mhór aige le fiosrú Eugene Greene leabhar faoin gcás, Breaking the Silence.

Foilsíodh alt ar an New York Times an samhradh seo caite  inar maíodh gur i gContae Dhún na Gall a bhí an cruthúnas is soiléire ar fáil ar “the depth and depravity of child sexual abuse in the Roman Catholic Church” agus ar an bhfearg a bhraitheann muintir na hÉireann faoi. 

Rinneadh cur síos sa nuachtán ar choireanna Eugene Greene.

Labhair Máirtín Ó Gallchóir, fear as Gort an Choirce a ndearna an tAthair Eugene Greene mí-úsáid ghnéis air agus é óg, le Tuairisc.ie anuraidh faoin lorg a d’fhág an mhí-úsáid air agus faoina dhearcadh i leith lucht ceannais na heaglaise. 

Fág freagra ar 'An sagart péidifileach as Gaeltacht Dhún na nGall Eugene Greene básaithe'

  • Cillian

    Téigh go dtí ifreann. Fán fada air.