‘Is iad na daoine ar cheart don Phápa a bheith ag lorg maithiúnais uathu, ní Críost’ –íospartach Gaeltachta

Labhair Máirtín Ó Gallchóir, fear as Gort an Choirce a ndearna an tAthair Eugene Greene mí-úsáid ghnéis air agus é óg, le Tuairisc.ie faoi chuairt an Phápa ar Éirinn agus faoin méid a bhí le rá ag Proinsias faoin mí-úsáid

‘Is iad na daoine ar cheart don Phápa a bheith ag lorg maithiúnais uathu, ní Críost’ –íospartach Gaeltachta

Tá ráite ag Máirtín Ó Gallchóir, fear as Gort an Choirce a ndearna an tAthair Eugene Greene mí-úsáid ghnéis air agus é óg, gur léir ón mhéid a dúirt an Pápa agus é ar cuairt in Éirinn nach bhfuil aon réiteach sásúil i ndán d’íobartaigh a ndearna baill den chléir mí-úsáid astu. 

Cé gur aithin an Pápa gurbh ann do na cineálacha éagsúla mí-úsáide a tharla san eaglais Chaitliceach in Éirinn, dúirt Ó Gallchóir gur léirigh an Pápa go raibh sé ag iarraidh plé le ceist na mí-úsáide “faoi dhíon s’aige féin”.

“In áit seasamh suas agus a  rá, ‘seo go leor de seo, tagaigí isteach agus bígí [na húdaráis] ag comhoibriú linn agus déileálfaidh muid uilig le chéile leis’, lorg sé maithiúnas ó Chríost do lucht na mí-úsáide. Is iad na daoine ar an talamh ar cheart dó a bheith ag lorg maithiúnais uathu, ní Críost.”

Creideann Ó Gallchóir nach dtarlóidh sé “choíche go ligfí an dlí isteach sa Vatacáin” le dul i ngleic leis an mhí-úsáid ar fad a tharla in Éirinn agus ar fud an domhain, a raibh cléir na heaglaise Caitlicí freagrach aisti.

“Tá barraíocht salachair ann le duine ar bith a ligean isteach. Bheadh an eaglais scriosta ar fad mar go bhfuil an oiread lochta orthu nach dtig leo duine ar bith a ligean isteach.”

Dúirt Ó Gallchóir gur rud maith é gur aithin an Pápa na cineálacha éagsúla mí-úsáide a tharla san eaglais Chaitliceach in Éirinn ach gur theip air “leithscéal ceart a gabháil leis na híobartaigh ar son na heaglaise”.

Dúirt sé go raibh díomá air faoin mhéid “nár dhúirt” an Pápa le linn a chuairte ach nach raibh aon iontas air ach oiread. 

“Ní dúirt sé a dhath nach raibh muid ag dréim leis agus an méid a dúirt, mothaím go raibh sé furasta le rá.”

As an Bhealtaine i nGort an Choirce do Mháirtín Ó Gallchóir agus d’fhreastail sé ar Scoil Náisiúnta Chaiseal na gCorr. Bhíodh sé ina fhreastalaí Aifrinn nuair a bhí an tAthair Eugene Greene ina shagart i bParóiste Ghort an Choirce, tuairim is 40 bliain ó shin.

“Bhí cúigear nó seisear againn ón scoil ag gabháil den altóir, b’fhéidir níos mó. Mar dhuine óg, nuair a fhaigheann tú ról beag mar sin, bíonn achan duine do do choimhéad ar an altóir agus bíonn buzz beag ann. Ach dhíol muid go crua ar aon buzz beag a fuair muid.” 

Nuair a bhí ionsaithe gnéis á ndéanamh ag Eugene Greene air, dúirt Ó Gallchóir gur ghnách leis siúl thart “ceann thíos” agus náire air bualadh le muintir na háite mar nach raibh a fhios aige cé a bhí ar an eolas faoi iompar an tsagairt.

“Ar ndóigh ní raibh a fhios ag aon duine, ach ní raibh a fhios sin agamsa. Labhraím amach anois mar gur mhaith liom a rá le híobartaigh eile nár cheart aon náire a bheith orthu. Tagaigí amach, cuidiú a gheobhaidh sibh chan é bagairt,” ar sé.

Gearradh téarma 12 bliain príosúin ar Eugene Greene in 2000 as ionsaithe gnéis a dhéanamh ar 26 buachaill idir 1965 agus 1982 i bparóistí éagsúla i nGaeltacht Dhún na nGall, ina measc Gaoth Dobhair, Cnoc Fola agus Cill Mac Greannáin. 

Chuir Ó Gallchóir síos ar Greene mar “smál beag” den “salachar mór” san eaglais Chaitliceach.

An t-aon toradh maith a bheadh ar an scéal ná go gcuirfí an dlí ar na heaspaig agus ar chliarlathas na hardeaglaise a rinne an mhí-úsáid a cheilt,” a dúirt sé. 

Agus aird mhór tarraingthe ar scéal na mí-úsáide san eaglais Chaitliceach le roinnt seachtainí anuas, dúirt Ó Gallchóir go ndeachaigh cuairt an Phápa i bhfeidhm go mór air féin.

“An rud a tharla, tá sé i dtólamh ann. Is tine bheag atá ann nach dtig leat a mhúchadh. Cosúil leis an tine, ní ghlacann sé mórán len é a lasadh arís, croitheann tú suas é agus lasann sé suas arís.”

Fág freagra ar '‘Is iad na daoine ar cheart don Phápa a bheith ag lorg maithiúnais uathu, ní Críost’ –íospartach Gaeltachta'

  • Lillis Ó Laoire

    Tá uchtach agus misneach iontach ag Máirtín Ó Gallchóir, labhairt amach. Tá muid uilig faoi chomaoin aige.

  • Mairéad

    Fear cróga ar chóir éisteacht leis. Níl an scéal seo leath-thart fós. Tá plean á cur i bhfeidhm faoi láthair ag maorlathas eaglasta na Vatacáine sagairt as tíortha eile a chur isteach i bparóistí “Chaitliceacha” Rómhánacha na hÉireann toisc nach bhfuil fir Éireannacha ag dul le sagartóireacht níos mó.
    Ní bheidh de rogha ag tuismitheoirí óga Éireannacha ach a gcuid páistí a chur ag ceann de 92% de bunscoileanna na tíre atá ina mbunscoileanna phríobháideacha “Chaitliceacha” Rómhánacha ar a ghlaoitear go mícheart na “Scoileanna Náisiúnta”. Cé atá in ann a dhearbhú dóibh nach mbeidh a bpáistí i gcontúirt ó phéidifíleach eile i measc an tslua nua sagart seo atá fostaithe ag eaglais choiriúil atá taobh amuigh den dlí?