An Rúis agus An Danmhairg ag snámh in aghaidh easa ag Corn an Domhain

Imreofar dhá chluiche eile sa 16 Deiridh inniu nuair a thabharfaidh an Rúis aghaidh ar An Spáinn agus casfaidh an Danmhairg ar An Chróit anocht

An Rúis agus An Danmhairg ag snámh in aghaidh easa ag Corn an Domhain

Imreoir na Danmhairge, Christian Erkisen. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Gach seans go bhfágfaidh an Rúis slán le Corn an Domhain tráthnóna agus iad ag tabhairt aghaidh ar An Spáinn i Moscó. Ní rabhthas ag súil le mórán ó na Rúisigh sa chomórtas ach d’éirigh leo a gcéad cúpla cluiche a bhuachan, i gcoinne na hAraibe Sádaí agus arís in aghaidh na hÉigipte.

Faraor, baineadh cuid den mhisneach den lucht tacaíochta baile nuair a chaill an Rúis 3-0 i gcoinne Uragua, an chéad fhoireann a d’imir siad a bhí réasúnta maith.

Níorbh aon chuidiú é do na Rúisigh go bhfuair Smolnikov cárta dearg sa chéad leath den chluiche. Tá imirt na Rúiseach ag brath go mór ar rith agus fuinneamh agus chuir sé as go mór dóibh nuair a bhí siad fear gann.

Tabharfaidh sé misneach éigin don fhoireann baile nach raibh an Spáinn thar mholadh beirte i rith bhabhta na ngrúpaí. Bhí na Spáinnigh i bhfad níos láidre ná An Phortaingéil ina gcéad chluiche agus bheadh sé buaite go héasca acu murach gaiscí Cristiano Ronaldo.

Is ar éigean a fuair an Spáinn an ceann is fearr ar an Iaráin ina dhiaidh sin áfach agus bhí an t-ádh dearg orthu comhscór a fháil i gcoinne Mharacó sa chluiche deireanach.

Níl Sergio Ramos nó Gerard Piqué ar a seanléim sa chosaint agus d’fhéadfadh an luas atá ag Aleksandr Golovin na Rúise deacrachtaí a chruthú dóibh.

Mar sin féin, tá imreoirí na Spáinne i bhfad níos fearr ná a gcéilí comhraic agus fiú agus an slua ag tacaíocht leis na Rúisigh, beidh sé deacair orthu tráthnóna.

Tuar Tuairisc.ie: An Spáinn

Cluiche crua eile a bheidh sa gceann seo. Bhí an Chróit ar cheann de na foirne ab fhearr dá bhfacamar sa gcomórtas go dtí seo ach ní dhéanfaidh na gaiscí sin mórán maitheasa dóibh mura n-éireoidh leo An Danmhairg a bhualadh anocht.

Foireann chosantach go maith iad na Danmhargaigh, go háirithe i gcoinne foirne atá níos láidre ná iad. Beidh a mbainisteoir, Åge Hareide, ag iarraidh a chinntiú nach bhfágfar aon spás i lár na páirce ag imreoirí na Cróite.

Is maith is eol do Hareide a fheabhas agus a bhí An Chróit i mbabhta na ngrúpaí agus beidh sé ag díriú ar Luka Modric, go háirithe. Tá fear Real Madrid ar dhuine de na himreoirí lár páirce is fearr ar domhan agus bhí an-tionchar aige ar na cluichí a bhuaigh siad i gcoinne na Nigéire agus i gcoinne na hAirgintíne, cluiche inar scóráil sé cúl den scoth.

Is imreoir cumasach é Christan Eriksen na Danmhairge ach seans go mbeidh cluiche crua roimhe anocht agus chuile sheans go gcoinneoidh an Chróit seilbh ar an liathróid ar feadh tréimhsí fada.

Tuar Tuairisc.ie: An Chroit

Fág freagra ar 'An Rúis agus An Danmhairg ag snámh in aghaidh easa ag Corn an Domhain'