AN RÚIS 2018: Óró sé, níl sé ag teacht abhaile…

Caitheann Tuairisc.ie súil ar chuid de na scéalta is déanaí ó Chorn an Domhain sa Rúis

Roy Keane. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Roy Keane v Sasana

Ba mhór an spórt an babhta áitimh idir Roy Keane agus Ian Wright ar ITV an oíche cheana. Nuair a chaill Sasana i gcoinne na Cróite, chuir Keane i leith Wright agus na Sasanach gur ag rith le brothall a bhí siad le tamall anuas agus gur bhotún é a bheith ag trácht ar an gcluiche ceannais agus gan an cluiche leathcheannais féin buaite fós acu.

B’fhéidir go ndéarfadh Eamon Dunphy gur sampla eile a bhí anseo de Keane a bheith ag déanamh seó bóthair de féin agus é i mbun anailíse, ach gach seans go ndéarfadh Luka Modric na Cróite go raibh an-éirim ag baint le caint an Chorcaígh.

Go gairid ina dhiaidh sin, dúirt Modric féin gur mhór an spreagadh d’fhoireann na Cróite easpa “measa” agus “easpa umhlaíochta” na dtráchtairí Sasanacha roimh an gcluiche.

Cháin Modric ‘pundits’ na teilifíse go háirithe.

“Mheas siad faoina cumas an Chróit anocht agus ba mhór an botún sin,” arsa Modric.

Níor spáráil Keane a chomhghleacaithe ar uair a mbris oíche Dé Céadaoin, fiú nuair a thosaigh siad ag brionglóideach faoin todhchaí. Bhí foireann óg ag Sasana agus bheadh siad i bhfad níos fearr in 2020, a dúirt na Sasanaigh.

Ar eagla go dtosódh siad ag rith leo féin arís, dúirt Keane go mb’fhéidir go bhfuil imreoirí óga maithe freisin ag leithéidí na Brasaíle agus gur ag dul i bhfeabhas a bheidh siadsan ag dul chomh maith.


 

 

Gaeil Twitter v Sasana

Tá ardmholadh go deo ag dul do Cholm Ó Duiffin, duine de Ghaeil Twitter, as a fhreagra lán ceoil ar theip na Sasanach i gcoinne na Cróite…


An AE v Sasana

Thug iarstiúrthóir nuachta RTÉ Kevin Bakhurst suntas don chaithréim a bhí ar dhuine de na státseirbhísigh is sinsearaí san Aontas Eorpach nuair a chuir an Chróit foireann Gareth Southgate de dhroim seoil.

Meas tú céard a bheadh le rá ag an Sasanach faoi na atvuíteanna seo de chuid Mháire Geoghegan-Quinn, an t-iarchoimisinéir Eorpach as Gaeltacht Chonamara, áit ar thug Bakhurst féin cuairt go minic le linn dó a bheith ag obair in Éirinn?


Mick Jagger v Sasana

Ná bac le Gareth Southgate, John Stones nó Kyle Walker, má tá lucht tacaíochta Shasana ag iarraidh ceap milleáin a dhéanamh de dhuine éigin tar éis dóibh cailleadh i gcoinne na Cróite Dé Céadaoin, is féidir an locht a chur ar Mick Jagger.

Bhí Jagger sa slua don chluiche leathcheannais agus sheol sé tvuít ag guí gach rath ar fhoireann Shasana. Cén dochar, a deir tú? Bhuel, faoin am seo ba cheart go mbeadh a fhios ag amhránaí The Rolling Stones go gcuireann sé mallacht ar gach foireann a dtugann sé tacaíocht dóibh ag Corn an Domhain.

Tháinig mallacht Mhick chun solais in 2010 san Afraic Theas. D’fhreastail Jagger ar chluiche Mheiriceá i gcoinne Ghána in éineacht lena chara Bill Clinton agus chaill na Meiriceánaigh. Bhí sé ann chun tacú le Sasana ina gcluiche in aghaidh na Gearmáine, agus chlis ar na Sasanaigh. Bhí sé sa slua lena mhac, a rugadh sa Bhrasaíl, don chluiche ceathrú ceannais idir An Bhrasaíl agus An Ísiltír agus, iontas na n-iontas, bhuaigh an Ísiltír.

Sa Bhrasaíl in 2014, ní raibh sé in ann a bheith i láthair do chluichí Shasana i mbabhtaí na ngrúpaí ach sheol sé tvuíteanna ag guí gach rath orthu ina gcluichí i gcoinne na hIodáile agus ansin i gcoinne Uragua. Chaill Sasana an péire acu.

Bhí an oiread sin clú ar mhallacht Mhick an t-am sin go raibh gearrthóg de Jagger i ngeansaí na Gearmáine ag cuid de lucht tacaíochta na Brasaíle ag an gcluiche ceannais idir an Bhrasaíl agus an Ghearmáin,. Ar an drochuair do na Brasaíligh, bhí Jagger féin sa slua arís lena mhac agus bhí bua 7-1 ag na Gearmánaigh.


 ©INPHO/James Crombie

An Fhrainc ag treabhadh leo gan tosach

Ag breathnú chun cinn ar chluiche ceannais Chorn an Domhain idir An Fhrainc agus An Chróit, déarfá go bhfuil Olivier Giroud ar cheann de na laigí is mó atá ag na Francaigh.

D’imir Giroud i ngach cluiche don Fhrainc go dtí seo. Thosaigh sé i ngach ceann díobh seachas an chéad chluiche i gcoinne na hAstráile, ach fós níl aon chúl aimsithe aige. Ní hamháin sin, ach as an 13 iarracht a bhí aige ar chúil go dtí seo sa Rúis, níor bhain sé an sprioc amach oiread agus uair amháin féin.

Go hiondúil, más faoi fhoireann seans ar bith a bheith acu Corn an Domhain a bhuachan, bíonn tosach den scoth ag teastáil. Spreag cúil leithéidí Thomas Muller, David Silva agus Ronaldo a bhfoirne chun Corn an Domhain a bhuachan. Le 40 bliain anuas, níor tharla sé ach uair amháin nach raibh tosach ag na buaiteoirí a d’aimsigh ar a laghad cúig chúl.

Agus an t-aon eisceacht amháin sin? An Fhrainc, i 1998. Ba é Stéphane Guivarc’h an príomhthosach a bhí acu agus níor scóráil sé cúl ar bith i rith an chomórtais. Seans gur droch-chomhartha do na Francaigh a bheadh ann dá n-éireodh le Giroud cúl a scóráil Dé Domhnaigh.

Fág freagra ar 'AN RÚIS 2018: Óró sé, níl sé ag teacht abhaile…'

  • Des O Murchu

    Socraid Stait do sacar Shasana zzzz!