An rud is measa gur cogadh é seo arbh fhurasta é a sheachaint

Is léir ó na heachtraí is deireanaí i dtaobh ghéarchéim na hÚcráine gur cuma sa sioc leis an Rúis faoi na smachtbhannaí a bhfuiltear ag maíomh astu san Iarthar 

An rud is measa gur cogadh é seo arbh fhurasta é a sheachaint

Is mór an trua é go bhfuil sé ina chogadh san Úcráin, cé gur dócha go raibh sé dosheachanta nuair a dhiúltaigh NATO glacadh leis go mba chóir don Úcráin a bheith ina stát neodrach. Ach cén mhaith an chaint dhána anois faoi smachtbhannaí is eile?

Is léir ó na heachtraí is deireanaí i dtaobh ghéarchéim na hÚcráine gur cuma sa sioc leis an Rúis faoi na smachtbhannaí a bhfuiltear ag maíomh astu san Iarthar, agus in Éirinn neodrach freisin.

Is léir freisin go mbeidh praghas mór le híoc againn san Eoraip agus abhus as na smachtbhannaí céanna. Thug an Taoiseach Micheál Martin an foláireamh sin dúinn.  Beidh costas breosla ag dul in airde go mór.  Creideann Putin go mbeidh dúbailt ar an gcostas, ach feicfimid.

An rud is measa ná go bhféadfaí an cogadh seo a sheachaint ón tús. Ní raibh éilimh as cuimse ag an Rúis.  Dá ndéarfadh NATO nach rachaidís isteach san Úcráin, is dá nglacfadh rialtas na hÚcráine leis nach mbeadh an tír ina hionad míleata agus diúracáin ag NATO ann, ní bheadh an ghéarchéim seo ann.

Go deimhin, sin é i ndáiríre a aontaíodh i Mionsc, sna cainteanna idir an Rúis, an Úcráin, an Ghearmáin agus an Fhrainc: bheadh féinriail ag Luhansk agus Donetsk, agus cosc orthu dul isteach i NATO, ach bheadh an dá réigiún fós mar chuid den Úcráin.

Shínigh an Úcráin an comhaontú, ach níor chuir siad i bhfeidhm riamh é.  Níos tábhachtaí, níor shínigh na Stáit Aontaithe an comhaontú, is ní raibh aon pháirt acu sa scéal.

Ar ndóigh tá fianaise ann nach í an Úcráin is mó a bhí ina n-aigne ag na Meiriceánaigh ach an Eoraip.  Níor thaitin sé leo go raibh an Eoraip, agus an Ghearmáin go háirithe, ag éirí róghar don Rúis, is bhí na Poncánaigh meáite go ndéanfaidís gach iarracht le stop a chur leis an bpíblíne gáis Nord Stream 2.

Dhein siad iarracht bac a chur ar chomhlachtaí Gearmánacha a bhí páirteach sa bhfiontar Nord Stream, ach sa deireadh ba bhealach níos éifeachtaí é géarchéim na hÚcráine a spreagadh agus an Eoraip a chur ar ais faoi ordóg na Meiriceánach.

Go deimhin, dúirt Biden go lom go gcuirfeadh sé stop le Nord Stream, bealach amháin nó bealach eile.

Agus sin mar atá.

Maidir leis an Rúis, ní dóigh liom go dteastaíonn uathu smacht a fháil ar an Úcráin ar fad.  Ceapaim go socróidís ach na ceantair atá fabhrach don Rúis a shaoradh ó bhagairt an rialtais i gCív – Donetsk, Luhansk, Mariupol agus Odessa.

Go hidirnáisiúnta, is cosúil go gcreideann Putin gur áit naimhdeach í an Eoraip anois agus nach fiú bacadh léi. Beidh an Rúis ag breathnú soir feasta.

Cuir i gcás an soláthar gáis, tá éileamh mór ar ghás na Rúise – ón tSín, ón India agus í thíortha eile san Áise – is beidh sé éasca athrú ó ghás a sholáthar don Eoraip go dtí an gás a sholáthar don Áise.

Is í an Eoraip a bheidh thíos leis seo, agus drochthionchar mór ag a leithéid ar eacnamaíocht na Gearmáine, go háirithe.  Agus mar atá admhaithe ag Micheál Martin, beidh drochthionchar aige orainne in Éirinn freisin.

Ach sin é praghas na dílseachta do chóras rachmais an Iarthair.

Tá sé ródhéanach anois filleadh ar chomhaontú Mionsc, ach bíonn ról ag stát neodrach maidir le cabhrú leis na hiarrachtaí chun stop a chur lena thuilleadh cogaíochta. Ach is cinnte nach féidir neamhaird a dhéanamh ar chearta na ndaoine san Úcráin a dteastaíonn uathu a bheith cairdiúil leis an Rúis.

Bhí an ríméad a bhí ar dhaoine le feiceáil ar shráideanna Luhansk agus Donetsk nuair a thug an Rúis aitheantas dá gcuid poblachtaí, is ní féidir na pobail sin a ruaigeadh as an scéal.

Ach níl aon spéis ag Micheál Martin, ná ag an rialtas seo i neodracht, ná, ceapaimse, i síocháin ar bith nach Pax Americana é.

Mar shampla, dá mbeadh siad i ndáiríre sa gcaint sin faoi ionradh ar stáit eile, bheadh smachtbhannaí i bhfeidhm acu i gcoinne Iosrael mar gheall ar a gcuid ionsaithe ar na Palaistínigh, ar an Araib Shádach mar gheall ar chás na Yemen, agus ar NATO mar gheall ar na hionsaithe ar an Afganastáin, an Libia is an tSiria.

Déanfar a lán cainte dána agus déarfar gur chóir seo, siúd is eile a dhéanamh, ach ní athróidh an chaint an scéal.  Dá mbeadh ciall i réim, bheadh an rialtas ag iarraidh cabhrú leis an tsíocháin a chothú agus rud éigin a shábháil as praiseach na hÚcráine.

Ach ní bhíonn na chiall ar fáil i ngaoth na bolscaireachta.

Fág freagra ar 'An rud is measa gur cogadh é seo arbh fhurasta é a sheachaint'

  • Antain Mac Lochlainn

    “Is léir ó na heachtraí is deireanaí i dtaobh ghéarchéim na hÚcráine gur cuma sa sioc leis an Rúis faoi na smachtbhannaí a bhfuiltear ag maíomh astu san Iarthar…” a deir Eoin ar an lá a thit an tóin as an rúbal.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Tá PUTIN ag cur síochán na hEorpa i mbaol agus anois ag bagairt usáid a bhaint as a armlón nuiclíoch, nuair nach bhfuil an cogadh ag dul do réir a phlean. Is ait thú, Eoin, ag tacú le mianta Impiriúlachais PUTIN, chomh aontaobhach is go bhféadfadh do alt a bheith scríofa ag Ambasadóir na Rúise.

    Ionsaíonn PUTIN tír neamhspleách agus cuireann Eoin an locht ar NATO sa gcéad abairt den alt seo: “Is mór an trua é go bhfuil sé ina chogadh san Úcráin, cé gur dócha go raibh sé dosheachanta nuair a dhiúltaigh NATO glacadh leis go mba chóir don Úcráin a bheith ina stát neodrach. Ach cén mhaith an chaint dhána anois faoi smachtbhannaí is eile?”

    Do réir mo thuisceana ar an scéal, ní raibh NATO sásta glacadh leis an Ucráin. Dá mbeadh b’fhéidir nach mbeadh an cogadh ann, mar nach mbeadh an oiread misnigh ag PUTIN faoi thír i NATO a ionsaí.

    Ach ní mba leor do PUTIN nár glacadh leis an Ucráin isteach i NATO. Bhí sé ag iarraidh go dtarraingeodh NATO siar ó na tíortha a bhí faoi smacht ag an Aontas Sóibhéadach go dtí gur thit an córas lofa sin, a raibh EOIN an báiúl leis, as a chéile. Cosúil le PUTIN ní ghlacann Eoin leis go bhfuil sé de cheart ag an Ucráin a bheith ina thír neamhspleách. Ní raibh An Bhreatain sásta glacadh leis go raibh sé de cheart ag muintir na hÉireann cónaí i dtír neamhspleách. Sin é dearcadh PUTIN faoin Ucráin agus an cuma air nach bhfaigheann EOIN aon locht ar sin.

    Bhí alt ag Eoin an tseachtain seo caite, inar ghlac sé gan cheist leis an leagan Rúiseach maidir le na fórsaí míleata a bhí bailithe faoin am sin ar teorannacha na Ucráine. An leithscéal ba áiféisí ar fad gur thug daoine in Iardheisceart na hUcráine tacaíocht do na Naisithe nuair a d’ionsaigh HITLER an Ucráin, amhail is gur leithscéal é sin leis an Ucráin a ionsaí 80 bhliain níos deireannaí. Nach raibh ceannasaíocht an IRA sa tír seo ag an am, sásta tacú leis An Ghearmáin chomh maith dá ndéanfadh HITLER ionsaí ar an tír seo?

    Tá HITLER nua againn, agus ní mian le Eoin aon locht a fháil locht air, ach ar na daoine atá sásta seasamh ina aghaidh!

  • Órlaith

    A Eoin, Ba chóir duit a bheith náireach faoin méid atá ráite agat. Ní aontaím leat ar chor ar bith. Is léir dom go naontaíonn tú leis an ollphéist Putin. Sílim go bhfuil barraíocht ama caite agat ag léamh RT. Ní raibh aon seans ann cogadh a sheachaint. Bhí iarracht ag Úcráin plé a bheith acu leis an Rúis ach ní raibh suim ar bith ag Putin air. Ba mhaith leis smacht a chur ar Úcráin agus Aontacht na bPoblacht Sóivéideach Sóisialta a chruthú arís. Tá na daoine i Úcráin chomh laidir agus iontach, ní bheith Putin ábalta sin a dhéanamh, le cuidiú Dé. Tá an domhain ar fad ag tabhairt tacaíocht do Úcráin. Tá tusa ar an taobh eile le Putin agus a chuid cairde. Le cuidiú Dé, beidh an lá leis Úcráin agus beidh siad cuid den Aontas Eorpach agus NATO gan mhoill.

  • Conchuhbar Ó Briain

    Ní miste ról NATO sa tubaist a ríomh agus fimínteacht iad san a dhéanann olagóin i dtaobh Putin ach nach gcáineann foréigean an Iarthair a nochtadh. Ach a Eoin, a chomradaí, is cogadh ionsaitheach é seo – an choir is tromchúisí de réir Binse Nuremberg – agus is mithid é cháineadh gan fiacal a chur ann.

  • Conchubhar Ó Briain

    Ar ndóigh, bhí Eire breá sásta traenáil “frith sceimhlitheoireachta” a thabhairt do forsaí Putin nuair a bhí sé ag déanamh scrois go talamh ar Grozhny.
    https://www.oireachtas.ie/ga/debates/debate/dail/2001-03-28/36/

  • Feargal Ó Béarra

    Go dtuga Dia ciall duit, a Eoin Uí Mhurchú, mar is mór de do chloigeann atá folamh. Nach deacair an drochnimh chumannach rúiseach frith-Eorpach a bhaint (ní háirím a ruaigeadh) asat? Chaill tú an ceann seo agus is ceart duit sin a admhachtáil. Is Hitler nua darb ainm Putin é an fear atá i mbun áir ar mhuintir na hÚcráine. Is mór an náire duit an seasamh meata atá agat i leith na ceiste seo; nach ort atá an t-ádh gur córas daonlathach (dá dhonacht é) atá i bhfeidhm in Éirinn agus nach córas do Phutin breá a thiúrfadh breithiúnas ar do leithéidí. Ceannaigh foclóir Gearmáinise agus féach ar an bhfocal Anschluss, maith an fear.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Tá cuid mhaith againn a cháin agus a cháineann ‘foréigin an Iarthair’ agus a mháirseáil in aghaidh foréigin Mheiriceá go minic. Ach níl muid, cosúil le Eoin, chomh claonta ar son na Rúise; chomh dall ar na firicí is chomh baoth is go gcreidfeadh muid bollscaireacht PUTIN. Tá ionradh uafásach déanta ag an Rúis ar thír neamhspleách, atá ag cur síochán an domhain i mbaol agus tá Eoin ag déanamh leithscéalta do Vladamir agus ceannasaíocht na Rúise.

  • Seán Cinnsealach

    Cosúil le na Stalinista’s go léir is cuma leat cé mhéid daoine a mharófar de bharr ionraidh na Rúise ar an Úcráin nó an dochar don bhonneagar na tíre. An rud is tábhactaí dóibh ná tíortha daonlathacha a scrios agus na tíortha soe a chur faoi chos.

  • Peter Gilmore

    Seo an t-alt is fearr a léigh mé fós. Gan dabht, “An rud is measa ná go bhféadfaí an cogadh seo a sheachaint ón tús.” Theip ar NATO agus Biden an síochán a fháil nuair a dhiúltaigh siad an coincheap Úcráin neodrach fiú. Ionradh uafásach ann, ar ndóigh—ionradh chomh olc (nó níos measa) ná ionradh Mheiriceánach ar an Iaráic, an Afganastáin, nó an Libia. Maith thú féin, a Eoin.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Peter Gilmore, an amhlaidh go gceapann tú gur faoi Biden agus NATO a shocrú ar cheart don Ucráin a bheith ‘neodrach’ nuair atá an Rúis tar éis seilbh a ghlacadh ar chuid den tír i 2014 agus ag gríosadh daoine i gcuid eile den tír briseadh leis an Ucráin? Nach faoin Ucráin agus muintir na hUcráine a shocrú an bhfuil siad le bheith ‘neodrach’ nó nach bhfuil? An amhlaidh go bhfuil an oiread droch mheas agat ar an Ucráin mar thír neamhspleách agus ar an daonlathas, nach ligfeá dóibh a bpolasaithe féin a shocrú faoin gceist?

    Dála an scéil, do réir mo thuisceana NÍOR thug NATO ballraíocht don Ucráin, cé go raibh an tír ag iarraidh sin, le NACH mbeadh cúis ghearáin ag an RÚIS. Seans maith go dtabharfar ballraíocht NATO don tír anois, mar tá sé léirithe ag PUTIN go bhfuil údar maith ag an tír a bheith sa i gcomhghuaillíocht mhíleata, dá dhonacht é.

  • Trish

    Wow, rinne mé dearmad gur muintir na hÚcráine is cúis don gcogadh seo. A Eoin b’fhéidir go gcaithfidh gach tír glacadh le pé éileamh atá ag na tíortha atá níos cumhachtaí.
    Dá mba rud é gur gheall NATO an Úcráin a dhiúltú ní fhéadfaimis a bheith cinnte nach mbeadh sé ar seo ar siúl. Ghabh sé smacht ar crimea de bharr níos mó cúiseanna ná an cheist NATO agus ná bí amaideach faoi, tá duine amháin ag iarraidh an ghlóir a bheith ag an Rúis arís, admháladh é sa tuairisc a foilsíodh ‘prematurely’ mar gheall ar bhua na hoibríochta speisialta mar a ghlaoitear air sa Rúis, áit a bhfuil seafóid cosúil leis seo ar chuile news feed.

  • Dirk Brevoord

    Mar eolas don té go bhfuil suim aige/aici i gcóras na bolscaireachta cogaidh:

    https://de.wikipedia.org/wiki/Anne_Morelli

    Tá achoimre agus córasú déanta ag Anne Morelli ar obair chlasaiceach Arthur Ponsonby fé bholscaireacht cogaidh i “deich n-aitheanta na bolscaireachta cogaidh”, gurb ionann iad agus 10 gcinn de theicnící riachtanacha na bolscaireachta.

    1. Níl cogadh uainn-ne.
    2. Is é an namhaid amháin atá freagrach as an gcogadh.
    3. Is é an namhaid an t-olc, tá sé cosúil leis an ndiabhal.
    4. Cosnaímíd cúis uasal, ní ár leas féin.
    5. Déanann an namhaid ainghníomhartha; d’ár n-ainneoin na damáistí comhthaobhacha a dheinimídne.
    6. Úsáideann an namhaid airm mhídhleathacha.
    7. Ní maraítear ach fíorbheagán dár saighdiúirí ach is ollmhór an méid saighdiúirí a chailleann ár namhaid.
    8. Tacaíonn ealaíontóirí agus intleachtóirí lenár gcúis.
    9. Is naofa é ár gcúis.
    10. An té atá in amhras faoinár gcuid bolscaireachta, is tréatúir é.

    Agus táid go léir in úsáid anois sna meáin agus baintear an-úsáid as uimhir a deich ach go háirithe ar an leathanach so, mo léan géar…