An rud is annamh – gaiscí an chraobhchomórtais go dtí seo

Táimid fíorbhuíoch de na fir agus na mná go léir a chuir an tsiamsaíocht agus an spleodar iontach ar fáil dúinn d’ainneoin na ndúshlán go léir a bhí le sárú acu

An rud is annamh – gaiscí an chraobhchomórtais go dtí seo

Andrew Mackin ag scóráil cúil do chontae Lú i gcluiche ceannais Lory Meagher. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Tá sos ó chluichí iomána an deireadh seachtaine seo agus seans againn dá bharr labhairt faoi chuid de bhuaicphointí na tréimhse gairide iomána a thosnaigh ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair.

Dar ndóigh is é comórtas Chorn Mhic Cárthaigh is mó a fuair aird ar na meáin agus na bealaí teilifíse.

Agus is iontach an tseirbhís a thug RTÉ, Sky agus GAA Go dúinn i rith na diantréimhse sin.

Agus bhí cuid maith buaicphointí sa phríomhroinn. Is dócha gurb é an t-éacht ba thábhachtaí gur imríodh na cluichí go léir in ainneoin na drochaimsire agus an víris.

Ar pháirc na himeartha bhí chuid maith cluichí iontacha againn, cual mór scóranna agus iad ar ardchaighdeán.

Thuill foireann na nDéise na ceannlínte mar an fhoireann is mó a rinne dul chun cinn. Ach beidh tuilleadh fúthu san agus Luimneach, seaimpíní na sraithe agus na Mumhan, againn an Satharn seo chugainn.

An buaicphointe is eisceachtúla agus ba mhó suntas is dócha ná na ceithre chúilín a fuair Joe Canning ó phocanna sleasa seachtain ó shin. Éacht den chéad scoth a bhí ann. An rud is annamh…

Is minic gurb iad na tosaithe, go háirithe na tosaithe a bhíonn ag tógaint na bpocanna saora, a fhaigheann an chuid is mó den mholadh. B’amhlaidh an scéal i mbliana ag leithéidí Tony Kelly, TJ Reid, Stephen Bennett, Patrick Horgan, Dónal Burke agus Joe Canning.

Ach sheas beirt eile amach domsa agus b’in iad na ‘scuabadóirí’ nó cosantóirí le cois, Mark Coleman agus Tadhg de Búrca. Bhíodar beirt ar fheabhas.

Tá an-séasúr curtha isteach ag De Búrca sa ról dúshlánach seo agus tuilleadh le teacht uaidh. Is an-fhear é chun an imirt a léamh agus a bheith san áit cheart ag an am ceart. Tá sé iontach chun an liathróid a smachtú leis an gcéad teagmháil aige agus tá sé thar a bheith cruinn freisin ag dáileadh an tsliotair.

Conor Prunty agus Tadhg De Burca. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Fad is a bhí gaiscí de Búrca agus a leithéidí ar an scáileán againn gach deireadh seachtaine, bhí na comórtais shinsir iomána eile ag treabhadh leo agus na himreoirí sin ag streachailt chomh maith i gcoinne na drochaimsire, easpa tacaíochta, easpa lucht leanúna agus easpa clúdaigh ar na meáin.

Ach bhí a mbuaicphointí féin ag baint leis na comórtais dhifriúla go dtí seo.

I gcomórtas Lory Meagher, an cúigiú roinn, is iad Fear Manach agus Lú a bhí i gcoinne a chéile sa chluiche ceannais seachtain ó shin agus ba iad fir Lú a thuill na ceannlínte agus a thug leo an corn.

Ba iad na cúil sa dá leath ó Andrew Mackin a d’fhág go raibh an corn acu den dara huair. (Is dócha go mbeidh níos mó brú ar an iománaíocht sa chontae le teacht an tslánaitheora Mickey Harte chun iarracht a dhéanamh cúrsaí peile a thabhairt chuig leibhéal níos airde ná mar atá siad faoi láthair.)

I comórtas Nicky Rackard (an ceathrú roinn), is iad iománaithe Dhún na nGall (agus a gcuid peileadóirí críochnaithe don bhliain seo) a bhuaigh an corn i gcoinne Mhaigh Eo (tá peileadóirí an chontae sin fós san iomaíocht, go dtí amárach pé scéal é).

Sa tríú roinn, ba iad iománaithe Chill Dara a thug leo Corn Christy Ring i ndiaidh a mbua stairiúil ar chontae an Dúin.

Sa dara roinn agus corn Joe McDonagh mar luach saothair, is iad fir Chiarraí agus Aontroma a bheidh in adharca a chéile an Domhnach seo chugainn i bPáirc an Chrócaigh.

Ag tús na bliana caithfidh go raibh mórán dóchais ann go mbeadh foireann na Ríochta ag imirt sa gceannáras i mbliana. Seans gur beag a cheap gurb iad iománaithe an chontae a bheadh ann agus go mbeadh na peileadóirí críochnaithe.

Bhí an-bhua acu i gcoinne Cheatharlach trí seachtaine ó shin. Tá an Déiseach Fintan O’Connor ina bhainisteoir acu agus is ard-imreoir é Shane Conway, tosaí iontach UCC, a bheadh maith a dhóthain d’aon chontae sa tír .

Ach níl Aontroim gan a réalta féin agus is tosaithe cumasacha iad Ciarán Clarke agus Michael Bradley.

Beidh coimhlint cheart eatarthu roimh an bpríomhchluiche idir Luimneach agus Port Láirge.

Tá sé thar a bheith deacair ag na contaetha sin nach bhfuil istigh ar Chomórtas Chorn Mhic Cárthaigh an iomáint a fhorbairt taobh istigh dá gcontaetha féin agus dul chun cinn a dhéanamh. Mar sin is maith an rud é go bhfaigheann siad seans imirt i bPáirc an Chrócaigh agus a dtraidisiún agus a mbuaicphointí féin a chruthú.

Éacht agus údar ceiliúrtha ann féin é gur éirigh linn cluichí a bheith againn in aon chor tráth seo an ghátair.

Táimid fíorbhuíoch de na fir agus na mná go léir a chuir an tsiamsaíocht agus an spleodar iontach ar fáil dúinn d’ainneoin na ndúshlán go léir a bhí le sárú acu.

Fág freagra ar 'An rud is annamh – gaiscí an chraobhchomórtais go dtí seo'