Cothrom an lae seo, an 14 Iúil 2003, chuir Uachtarán na hÉireann a lámh le hAcht na dTeangacha Oifigiúla.
Lá stairiúil a bhí ann don Ghaeilge. Cé go raibh forálacha in achtanna éagsúla eile a dhaingnigh stádas na Gaeilge i ngnéithe den státchóras, ba é seo an chéad uair ó bunaíodh an stát go raibh acht sonrach againn chun cearta teanga an tsaoránaigh a chosaint agus a chur chun cinn.
Níor bheag an méid sin.
An t-iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív is mó atá luaite leis an reachtaíocht agus be é a stiúir é trí chóras stáit agus polaitiúil a bhí patuair go maith faoi chearta phobal na Gaeilge an lá is fearr é. Cor dea-chinniúna é gur tháinig aire sinsearach Gaeltachta a thuig an tábhacht le cearta teanga ar an bhfód ag an am ceart.
Tá an-chreidiúint ag dul chomh maith do gach duine a choimeád beo ceist na reachtaíochtana, na státseirbhísigh, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus Conradh na Gaeilge agus daoine díograiseacha tuisceanacha amhail Peadar Ó Flatharta, trócaire air.
In ainneoin doicheall agus útamáil comhlachtaí poiblí áirithe, níl aon amhras ach go ndein an tAcht difríocht mhór le 20 bliain anuas. Deineadh dul chun cinn i réimsí áirithe, go háirithe san áit go raibh na dualgais a leagadh ar chomhlachtaí poiblí beacht soiléir.
Tháinig feabhas mór, mar shampla, ar chúrsaí ó thaobh na comharthaíochta i nGaeilge, ó thaobh comhfhreagras i nGaeilge agus ó thaobh cáipéisí áirithe a bheith á n-aistriú.
Agus níl aon amhras ach oiread ach gur dea-scéal a bhí i mbunú agus i bhforbairt Oifig an Choimisinéara Teanga. Tá folúntas ann do phost an choimisinéara le tamall agus a luaithe is a líonfar é sea is fearr é do stádas na hoifige, stádas a chinntigh an bheirt choimisinéirí ionraice neamhspleácha agus neamheaglacha a bhí againn go nuige seo – Seán Ó Cuirreáin agus Rónán Ó Domhnaill.
Ach in ainneoin fholáirimh leanúnacha na beirte sin, teip ghlan a bhí i gceist fad is a bhain sé le cuid de na gnéithe is tábhachtaí den reachtaíocht.
Léiriú gléineach ar an teip sin córas na scéimeanna teanga, córas faoina n-aontaíonn comhlachtaí poiblí ina gceann agus ina gceann scéim teanga le Roinn na Gaeltachta.
Léiríonn tuarascálacha bliantúla an choimisinéara ó 2007 i leith gur chóras a bhí ag dul in aimhréidh an-tapaidh a bhí ann. Moladh go minic fáil réidh leis ach an chluas bhodhair a fuair an moladh sin agus leanadh den chur i gcéill go raibh an córas ag obair.
In 2017 léirigh tuarascáil speisialta de chuid an choimisinéara ar fheidhmiú chóras na scéimeanna teanga gur minic a dhéanann an córas sin “laghdú” ar “líon agus caighdeán na seirbhísí atá ar fáil trí mheán na Gaeilge” seachas a bheith ag cur leo.
Rud eile a chuir bac mór ar chur i bhfeidhm an achta le fiche bliain anuas ná teip iomlán rialtas i ndiaidh rialtais dul i ngleic le ceist na hearcaíochta.
Léirigh scéal i ndiaidh scéil ar Tuairisc féin le nach mór 10 mbliana anuas an cur i gcéill agus an magadh a bhaineann le hiarrachtaí an stáit cur le líon na gcainteoirí Gaeilge sa tseirbhís phoiblí. Agus is fánach an rud a bheith ag trácht ar chearta ná ar reachtaíocht teanga mura mbíonn daoine ann chun seirbhís i nGaeilge a chur ar fáil.
Nuair a d’fhógair an chéad choimisinéir teanga Seán Ó Cuirreáin in 2013 go raibh sé ag éirí as mar agóid in aghaidh fhaillí an stáit i leith na teanga – gníomh dána fiúntach – luaigh sé go sonrach ceist na hearcaíochta agus córas na scéimeanna teanga.
Deich mbliana níos déanaí, tá iarracht á déanamh faoi dheireadh dul i ngleic leis an dá mhórfhadhb sin sna leasuithe a deineadh ar an Acht in 2021 agus atá á gcur i bhfeidhm de réir a chéile.
Tá na trí phríomhéileamh a bhí ag an gcoimisinéir teanga deireanach ar fad san Acht leasaithe – córas nua in áit chóras na scéimeanna teanga, sprioc agus spriocam maidir le hearcú Gaeilgeoirí sa státchóras, agus dualgas reachtúil seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge sa Ghaeltacht.
Gealltar san acht leasaithe gur cainteoirí Gaeilge a bheidh in 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoi 2030 agus go gcinnteofar gur trí Ghaeilge a dhéanfaidh gach oifig phoiblí sa Ghaeltacht a cuid gnó.
In áit chóras na scéimeanna teanga tabharfar isteach scéim na gcaighdeán faoina leagfar dualgais chaighdeánacha ar ghrúpaí comhlachtaí poiblí ag brath ar an teagmháil a bhíonn acu leis an bpobal.
Más mall is mithid.
Bíodh níos mó ná gothaí móra gan aon chur leis againn an uair seo agus in áit géilleadh go maolchluasach do lucht an doichill, seastar leis an tuiscint gurb é an dlí an dlí agus an rud atá ceart, tá sé ceart.
Colmcille Ó Monacháin
Ní dhéanfaidh an t-ordaitheach “bíodh” as béal Tuairisc aon difear is fiú. Nuair a bhíothas ag dréachtú an Achta, níor seasadh leis an tuiscint ‘gurb é an ceart an ceart’; cad é a thabharfadh ar dhuine ar bith a shílstean go seasfar leis an tuiscint sin anois?
Teipfidh ar an Acht deireanach seo a chuspóirí teoranta a bhaint amach. Agus sin é is príomhchuspóir dó.
Sibéal
Transport for Ireland – lógó aonteangach ceadaithe ag an reachtaíocht
Sibéal
@Colmcille
Bíodh = ba chóir.
Le cur chuige praiticiúil ag cúpla meitheal beag stuama is féidir comharchumainn tithíochta le haghaidh Gaeilgeoirí a bhunú.