An Roinn Gnóthaí Eachtracha i mbun fiosrúcháin faoi fhoirmeacha iarratais ar phas na hÉireann a bheith ar díol ar eBay

Díoladh ar a laghad 12 foirm iarratais ar phas na hÉireann, ar £1 an ceann, ar an leagan Sasanach den suíomh ceantála, eBay.co.uk

An Roinn Gnóthaí Eachtracha i mbun fiosrúcháin faoi fhoirmeacha iarratais ar phas na hÉireann a bheith ar díol ar eBay

Tá an Roinn Gnóthaí Eachtracha i mbun fiosrúcháin faoi láthair maidir le foirmeacha iarratais ar phas na hÉireann a bheith ar fáil ar an suíomh ceantála eBay.co.uk.

Bhí foirmeacha iarratais ar phas na hÉireann á ndíol ag an úsáideoir ‘clar_sharv’ ar an leagan Sasanach de eBay, an suíomh is mó ceantála ar líne, ar £1 an ceann. Tá ar a laghad 12 foirm díolta ag ‘clar_sharv’.

Dúirt urlabhraí de chuid na Roinne Gnóthaí Eachtracha, atá i gceannas ar Oifig na bPasanna, a bhíonn ag plé le hiarratais ar phas na hÉireann i measc rudaí eile, le Tuairisc.ie go bhfuil foirmeacha phas na hÉireann ar fáil “saor in aisce” agus nach bhfuil an cead ná an ceart ag duine ar bith foirm a dhíol.

Dúirt sé freisin go bhfuil an cheist á fiosrú faoi láthair ag an Roinn.

Tuairiscíodh go forleathan ar na meáin sa tír seo agus thar lear gur eisíodh níos mó pasanna Éireannacha in 2016 ná mar a eisíodh riamh cheana. Bhí méadú 41% ar líon na n-iarratas ón mBreatain agus méadú 27% ar líon na n-iarratas ón Tuaisceart. Bhí an-tóir freisin ar phasanna na hÉireann i Meiriceá. Eisíodh 7,205 pas trí Chonsal na hÉireann i Nua-Eabhrac.

Luaitear cúrsaí polaitíochta na dtíortha sin, go háirithe toradh an reifrinn ar imeacht na Breataine as an Aontas Eorpach agus toradh thoghchán na huachtaránachta sna Stáit Aontaithe, mar údar leis an ardú ar an éileamh. Go deimhin, ní raibh dóthain foirmeacha iarratais ar phas ar fáil in Oifig an Phoist ar Shráid an Droichid i mBéal Feirste le freastal ar an éileamh mór.

Tá cead ag saoránaigh na hÉireann, chomh maith leosan ar shaoránach de chuid na hÉireann a dtuismitheoirí nó a seantuismitheoirí, pas na hÉireann a fháil. Tugann an pas sin cead don sealbhóir cónaí agus obair i dtíortha an Aontais Eorpaigh.

Fág freagra ar 'An Roinn Gnóthaí Eachtracha i mbun fiosrúcháin faoi fhoirmeacha iarratais ar phas na hÉireann a bheith ar díol ar eBay'