D’fhoilsigh Charles Darwin On the Origin of Species by Natural selection in 1859 agus thug sé léargas dúinn faoin dóigh a thagann speicis éagsúla ar an fhód. Ní minic a chítear an roghnú nádúrtha agus é ar siúl. Ach in alt a foilsíodh san iris eolaíochta Nature an tseachtain seo caite, tá cur síos ar cad é mar a d’fheidhmigh an roghnú nádúrtha ar neacha áirithe nuair a bhuail spéirlingí Irma agus Maria oileáin sa Chairib an bhliain seo caite.
Tá éagsúlacht i measc gach speiceas. Bíonn daoine ard nó íseal, rua nó fionn agus tá an éagsúlacht chéanna le feiceáil i measc ainmhithe eile.
Léirigh Darwin go roghnaíonn an ‘nádúr’ tréithe áirithe ó am go chéile. Thángthas ar shampla maith den roghnú nádúrtha cúpla bliain i ndiaidh do Darwin bás a fháil.
Bhíodh an bhrocóg, saghas leamhan geal, go forleathan sa Bhreatain roimh an réabhlóid thionsclaíoch. Bhí pór dorcha den bhrocóg ann fosta ach is go hannamh a thagtaí air. Ach ag deireadh an 18ú haois ní raibh fáil ar an phór geal, cuma dhorcha a bhí ar an gcuid is mó díobh. Tháinig an t-athrú seo ar an leamhan de réir mar a tháinig athrú ar an gcomhshaol.
Le linn na réabhlóide tionsclaíche bhí cuma dhorcha ar chrainn agus ar fhoirgnimh na Breataine de bharr an oiread sin súiche a bheith ag teacht as na monarchana a raibh gual á dhó acu. Bhí na crainn clúdaithe le súiche.
Meastar go raibh sé níos deacra d’éin an pór dorcha a fheiceáil ar chrainn a bhí clúdaithe le súiche agus níos éasca an pór geal a fheiceáil agus iad ag seilg. Dá bharr sin bhíodh an pór dorcha níos torthúla ná an pór geal sa timpeallacht a bhí lán le súiche.
Léiríonn sé seo an dóigh gur roghnaigh an nádúr an pór dorcha nuair a d’athraigh an timpeallacht le linn an ochtú haois déag.
Is fíorannamh a chítear roghnú nádúrtha ag tarlú os ár gcomhair amach. Ach b’in a tharla anuraidh nuair a bhí Colin Donihue ó Ollscoil Harvard sna Stáit Aontaithe, ag déanamh taighde ar mhéad agus éagsúlacht na laghairteanna ar Oileáin na dTurcach agus Caicos sa mhuir Chairib.
Chríochnaigh siad obair pháirce ag bailiú sonraí na laghairteanna (Anolis scriptus) ceithre lá sular bhuail spéirling Irma. Coicís ina dhiaidh sin bhuail spéirling Maria na hoileáin.
Chuaigh na taighdeoirí ar ais chun na n-oileán sé seachtaine i ndiaidh Maria. Rinneadh anailís ar na laghairteanna a tháinig slán ó na spéirlingí. Fuair go leor de na laghairteanna bás idir an dá linn.
Ar an mheán, bhí sciatháin (géaga tosaigh) níos faide agus cosa (géaga deiridh)níos giorra ag na laghairteanna a bhí ann i ndiaidh na spéirlingí ná mar a bhí roimh na spéirlingí. Ciallaíonn sé seo go bhfuair na laghairteanna a raibh sciatháin ghearra agus cosa fada orthu bás.
Anuas air sin, ar an mheán, bhí boinn ladhracha, an struchtúr faoin ladhar a thugann greim don laghairt, níos mó ar ná na laghairteanna a tháinig slán ná mar a bhí ar na laghairteanna a bhíodh ag cur fúthu ar na hoileáin sular tháinig Irma agus Maria i dtír.
Chun fáil amach an raibh buntáiste ag baint le boinn ladhracha mhóra, chuir na taighdeoirí laghairteanna le boinn ladhracha mhóra agus laghairteanna le boinn ladhracha bheaga i dtollán gaoithe. Rinneadh tomhas ar an luas gaoithe a ghlac sé chun iad a scuabadh de ghéag.
Bhí laghairteanna a raibh boinn ladhracha mhóra orthu i bhfad níos fearr ag coinneáil a ngreim ar ghéag ná mar a bhí na laghairteanna a raibh na boinn bheaga orthu.
Meastar gur tháinig na laghairteanna a raibh sciatháin fhada agus boinn ladhracha mhóra orthu slán toisc go raibh greim níos fearr acu. Bhí siad in innimh greim a choinneáil in aghaidh na gaoithe. Chaill laghairteanna eile a ngreim agus cailleadh iad.
Taispeánann na sonraí seo an dóigh a roghnaíonn an nádúr tréithe faoi leith i speiceas nuair a athraíonn an timpeallacht thart orthu.
Fág freagra ar 'An ‘Roghnú Nádúrtha’ le feiceáil os comhair ár gcuid súl i dtaighde nua'