‘An Rialtas tiomanta d’Acht Gaeilge don Tuaisceart’ — an tAire Gnóthaí Eachtracha

Dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha Charlie Flanagan sa Dáil go bhfuil ‘gá le meas agus aitheantas don Ghaeilge i dTuaisceart Éireann’ agus go bhfuil an Rialtas ó dheas ag obair ar son Acht Gaeilge

‘An Rialtas tiomanta d’Acht Gaeilge don Tuaisceart’ — an tAire Gnóthaí Eachtracha

An tAire Gnóthaí Eachtracha, Charlie Flanagan. Pictiúr: Photocall Ireland

Tá an Rialtas tiomanta d’Acht Teanga a bheith ann sa Tuaisceart, a deir an tAire Gnóthaí Eachtracha Charlie Flanagan. Agus é ag labhairt sa Dáil an tseachtain seo, thug an tAire Flanagan le fios gur tharraing sé ceist an Achta Gaeilge anuas ag cruinniú le hionadaithe ó Rialtas na Breataine agus ceannairí pháirtithe Stormont i mí na Nollag.

“Bhí an deis agamsa aird a tharraingt ar na gealltanais nach bhfuil curtha i bhfeidhm, ina measc iad siúd a bhaineann leis an nGaeilge, agus d’iarr mé go bhfanfadh siad ar an gclár oibre i gcomhair cruinnithe athbhreithnithe sa todhchaí,” a dúirt sé.

Thagair sé don fhoráil i gComhaontú Chill Rímhinn, a síníodh in Albain in 2006, go dtabharfaí isteach Acht Gaeilge ó thuaidh. Dúirt sé gur thacaigh Rialtas na hÉireann leis an Acht agus go bhfuiltear ag leanúint ar aghaidh “ag obair ar a shon”.

Dúirt sé go bhfuil “gá le meas agus aitheantas don Ghaeilge i dTuaisceart Éireann” agus gur chuimhnigh Rialtas na hÉireann ar an méid sin agus Comhaontú Theach Stormont (2014) á phlé le Rialtas na Breataine.

“Leanfaidh an Rialtas ar aghaidh ag dul i ngleic le Rialtas na Breataine agus na páirtithe polaitiúla i dTuaisceart Éireann le cur i bhfeidhm iomlán na bhforálacha de Chomhaontú Aoine an Chéasta agus na Comhaontuithe comharba, ina measc, iad siúd atá ag baint leis an nGaeilge.”

Tá ceist na Gaeilge agus an Achta Gaeilge go mór i mbéal an phobail ó thuaidh ó bhain an t-iarAire Pobal, Paul Givan an maoiniú den scéim Ghaeltachta ‘Líofa’ faoin Nollaig seo caite. Cé gur cuireadh an t-airgead ar fáil arís ag tús na míosa seo caite, bhí go leor agóidí agus feachtasaíochta ar bun le dhá mhí anuas ag grúpaí teanga, ó thuaidh agus ó dheas, agus Acht Teanga á éileamh acu.

Cuireadh 12,000 aighneacht faoi bhráid an iarAire Cultúir, Carál Ní Chuilín in 2015 nuair a bhí próiseas comhairliúcháin ar bun faoi Acht Gaeilge a thabhairt isteach ó thuaidh agus léiríodh tacaíocht don reachtaíocht teanga i 90% acu sin.

An samhradh seo caite, mhol na Náisiúin Aontaithe gur cheart Acht Gaeilge a thabhairt isteach agus gur údar imní a laghad “beartas éifeachtúil” atá ag an Stát leis an nGaeilge a chur chun cinn. Dúirt an Coiste um Chearta Eacnamaíochta, Sóisialta agus Cultúir gur údar imní freisin é go bhfuil cosaint dlí ag an nGàidhlig agus ag an mBreatnais ach go bhfuil an Ghaeilge fós fágtha gan an chosaint chéanna aici.

Tá ráite ag iarAire Cultúir eile, áfach, nár aontaigh a pháirtí, an DUP, riamh le hAcht Gaeilge a thabhairt isteach, ainneoin an gealltanas i gComhaontú Chill Rímhinn go ndéanfaí a leithéid.

Dúirt Edwin Poots gur rud a d’aontaigh ceannaire Shinn Féin, Gerry Adams, agus iarPhríomh-Aire na Breataine, Tony Blair, lena chéile a bhí sa ghealltanas Acht Gaeilge a thabhairt isteach. Dúirt Poots gur cuireadh isteach an gealltanas  faoin Acht “ag an nóiméad deireanach”.

Fág freagra ar '‘An Rialtas tiomanta d’Acht Gaeilge don Tuaisceart’ — an tAire Gnóthaí Eachtracha'