An reachtaíocht Ghaeilge ina cnámh spairne idir páirtithe aontachtacha

Tá TUV ar a ndícheall ag iarraidh leas a bhaint as ceist na Gaeilge chun a thuilleadh dul chun cinn a dhéanamh in aghaidh an DUP

An reachtaíocht Ghaeilge ina cnámh spairne idir páirtithe aontachtacha

Tá cás na reachtaíochta Gaeilge ó thuaidh ina cnámh spairne idir páirtithe aontachtacha.

Tá ag géarú ar an mbrú atá á chur ar an DUP maidir leis an reachtaíocht Ghaeilge agus ionsaí déanta ag an TUV orthu mar gheall ar a seasamh i leith na teanga. 

Táthar buartha sa DUP faoin bhfás atá ag teacht ar thacaíocht an TUV sna pobalbhreitheanna agus tá an páirtí sin ar a ndícheall ag iarraidh leas a bhaint as ceist na Gaeilge chun a thuilleadh dul chun cinn a dhéanamh. 

Rinne an TUV iarracht inné teacht i dtír ar an scéal go raibh an DUP ag diúltú an reachtaíocht teanga a thabhairt isteach nó go bhfaighfí réidh le Prótacal an Tuaiscirt, scéal atá séanta ag an DUP.

Dúirt urlabhraí de chuid an TUV John Brennan gur “gal soip” a bhí sa scéal go raibh an reachtaíocht Ghaeilge “bainte den bhord” fad is a bheadh an Prótacal i bhfeidhm.

 “Níor cheart go nglacfadh aontachtóir ar bith le hacht Gaeilge ar chúis ar bith,” a dúirt urlabhraí an TUV. 

Dúirt an páirtí gur “díol spéise” é nach bhfuil daoine sa DUP “fiú ag cur i gcéill” a thuilleadh nach bhfuil glactha acu leis an reachtaíocht don Ghaeilge mar chuid den chomhaontú Ré Nua, Cur Chuige Nua [New Decade New Approach].

“Tá an TUV an-soiléir faoi seo. Fiú dá mba mholadh indéanta seo, ní ghlacfaidh an pobal aontachtach go deo le reachtaíocht de chineál ar bith don Ghaeilge,” arsa an TUV.

Shéan aire sinsearach de chuid an DUP tráthnóna inné go raibh an páirtí chun diúltú d’aon reachtaíocht teanga don Ghaeilge ó thuaidh mura bhfaighfear réidh leis an bPrótacal iarBhreatimeachta.

Tuairiscíodh ar an gclár The Nolan Show ar BBC Radio Ulster roimhe sin nach dtacódh an DUP leis an reachtaíocht teanga a thabhairt isteach fad is atá an prótacal ann. 

Tuairiscíodh an tseachtain seo caite go raibh baill shinsearacha sa DUP ag géilleadh go mbeidh reachtaíocht don Ghaeilge á tabhairt isteach an bhliain seo chugainn.

Dúirt Arlene Foster in Stormont le déanaí go dtabharfaí reachtaíocht Ghaeilge isteach faoi Bhealtaine na bliana seo chugainn. Dúirt sí gur bhain an reachtaíocht Ghaeilge leis an tacaíocht níos leithne atá geallta faoi chúrsaí cultúir agus féiniúlachta sa chomhaontú.

Tá beartais don Ghaeilge geallta ag an bhfeidhmeannas in Stormont mar chuid den phlean Ré Nua, Cur Chuige Nua, ach tá fearg léirithe ag lucht na Gaeilge ó thuaidh faoin moill atá le cur i bhfeidhm na mbeartas.

Cé nach acht teanga don Ghaeilge amháin, mar a bhí á éileamh ag lucht feachtais, atá sa phlean ‘Ré Nua, Cur Chuige Nua’, tá roinnt beartas ann a chuirfeadh le stádas na teanga ó thuaidh.

Tá beirt Choimisinéirí, ceann don Ghaeilge agus ceann don Ultais, agus oifig chultúir agus féiniúlachta mar chuid de phlean nua an dá rialtas d’athbhunú an fheidhmeannais in Stormont trí bliana ó thit sé.

Fág freagra ar 'An reachtaíocht Ghaeilge ina cnámh spairne idir páirtithe aontachtacha'