Séanta ag an DUP go gcuirfear tuilleadh moille ar reachtaíocht Ghaeilge ó thuaidh mura bhfaighfear réidh leis an bPrótacal

Dúirt an tAire Oideachais in Stormont, Peter Weir go raibh mearbhall air faoin scéal go bhfuil an DUP ag iarraidh go bhfaighfí réidh leis an bPrótacal iarBhreatimeachta sula dtabharfaí reachtaíocht Ghaeilge isteach

Séanta ag an DUP go gcuirfear tuilleadh moille ar reachtaíocht Ghaeilge ó thuaidh mura bhfaighfear réidh leis an bPrótacal

Tá séanta ag Aire sinsearach de chuid an DUP go bhfuil an páirtí chun diúltú d’aon reachtaíocht teanga don Ghaeilge ó thuaidh mura bhfaighfear réidh leis an bPrótacal iarBhreatimeachta.

Dúirt an tAire Oideachais in Stormont, Peter Weir, go raibh mearbhall air féin agus ar dhaoine eile sa pháirtí faoin scéal a tuairiscíodh ar maidin.

Tugadh le fios ar an gclár The Nolan Show ar BBC Radio Ulster inniu nach dtacódh an DUP leis an reachtaíocht teanga a thabhairt isteach fad is a bheadh an prótacál ann. Tuairiscíodh go raibh ráite ag foinse ón DUP nach mbeadh aon ní dá shórt á thairiscint acu fad agus a bheadh an prótacal i bhfeidhm.

Deir an DUP anois, áfach, nach bhfuil gléas troda déanta den Ghaeilge ag Aontachtaithe ina gcath in aghaidh an Phrótacail iarBhreatimeachta.

Fágann an Prótacal iarBhreatimeachta go bhfuil rialacha trádála an Aontais Eorpaigh fós i bhfeidhm sa Tuaisceart in ainneoin an Bhreatimeachta agus tá Aontachtaithe buartha go bhfágann a leithéid go bhfuil teorainn ar muir Éireann.

Dúirt an tAire Weir go raibh athruithe ar an bprótacal ag teastáil ón DUP ach go raibh an páirtí tiomanta don chomhaontú Ré Nua, Cur Chuige Nua [New Decade, New Approach].

I ráiteas a chuir an DUP amach mar fhreagra ar an gconspóid, dúradh go raibh an páirtí tiomanta don chomhaontú agus go raibh plé agus díospóireacht ag teastáil chun na fadhbanna a leigheas.

Dúirt Michelle O’Neill, ceannaire Shinn Féin ó thuaidh agus LeasChéad-Aire an Tuaiscirt ar maidin, nach bhféadfadh an DUP dul siar ar an méid a aontaíodh sa chomhaontú Ré Nua, Cur Chuige Nua.

Dúirt sí go gcaithfí na gealltanais a tugadh mar chuid den chomhaontú a chomhlíonadh agus nach mbeadh aon ath-idirbheartaíocht ná dul siar i gceist i gcás na ngealltanas a tugadh.

Tugadh gealltanas sa chomhaontú maidir le reachtaíocht agus straitéis Ghaeilge.

D’fhógair Arlene Foster le gairid go dtabharfaí reachtaíocht Ghaeilge isteach faoi Bhealtaine na bliana seo chugainn agus tuairiscíodh an tseachtain seo caite go raibh baill shinsearacha sa DUP ag géilleadh go mbeidh reachtaíocht don Ghaeilge á tabhairt isteach an bhliain seo chugainn.

Fág freagra ar 'Séanta ag an DUP go gcuirfear tuilleadh moille ar reachtaíocht Ghaeilge ó thuaidh mura bhfaighfear réidh leis an bPrótacal'