An ráta cruthaithe fostaíochta níos ísle ag Údarás na Gaeltachta ná eagraíochtaí fiontraíochta eile

Idir 2015-2017, tháinig ardú 12.5% ar an nglanmhéadú fostaíochta i gcás an IDA, ardú 8.9% a bhí i gceist i gcás Fiontraíocht Éireann agus ardú 3% a bhí i gceist i gcás Údarás na Gaeltachta

An ráta cruthaithe fostaíochta níos ísle ag Údarás na Gaeltachta ná eagraíochtaí fiontraíochta eile

Tá an ráta ag a bhfuil fostaíocht ag fás i measc comhlachtaí a fhaigheann tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta níos ísle ná mar atá i gcomhlachtaí sa chuid eile den tír atá faoi chúram Fiontraíocht Éireann agus an IDA.

Léiríonn comparáid atá déanta ag Tuairisc.ie idir figiúirí maidir le cruthú fostaíochta sa Ghaeltacht agus sa chuid eile den tír le trí bliana anuas go bhfuil an ráta ag a bhfuil fostaíocht á cruthú ag Údarás na Gaeltachta cuid mhaith taobh thiar de ráta na bpríomheagraíochtaí fiontraíochta eile.

Idir 2015-2017, tháinig ardú 12.5% ar an nglanmhéadú fostaíochta i gcás an IDA agus ardú 8.9% a bhí i gceist i gcás Fiontraíocht Éireann. 3% de ghlanmhéadú a bhí i gceist i gcás Údarás na Gaeltachta le linn na tréimhse trí bliana céanna.

Cé gur difríocht shuntasach é sin, níor mhór a chur san áireamh gur deineadh ciorruithe móra ar bhuiséad caipitil an Údaráis i gcomparáid le buiséid na n-eagraíochtaí eile le linn na géarchéime eacnamaíochta.

Chomh maith leis sin, tá an tÚdarás i mbun cruthú fostaíochta i gceantair atá níos iargúlta ná cuid mhaith de na ceantair a mbíonn na heagraíochtaí eile ag plé leo.

Idir 2007 agus 2013, thit buiséad caipitil an Údaráis ó €25.5 milliún go dtí €6 milliún, nó 73%, cé gur tháinig ardú 4% ar bhuiséad an IDA agus ardú 20% ar bhuiséad Fiontraíocht Éireann le linn na tréimhse céanna.

Agus Athbhreithniú 2017 Údarás na Gaeltachta á sheoladh an tseachtain seo, dúirt Príomhfheidhmeannach an Údaráis Mícheál Ó hÉanaigh go raibh an rath a bheadh ar straitéisí cruthaithe fostaíochta an Údaráis sna blianta amach romhainn ag brath ar acmhainní breise a bheith ar fáil.

Dúirt sé nach bhféadfaí “an tairbhe is fearr” a bhaint as “an téarnamh eacnamaíoch náisiúnta” sa Ghaeltacht mura gcuirfí na hacmhainní cuí ar fáil.

Dúirt an Seanadóir agus fiontraí aitheanta Pádraig Ó Céidigh inné nach raibh ach oiread áirithe a d’fhéadfadh Údarás na Gaeltachta a dhéanamh toisc acmhainní “an-teoranta” a bheith acu i gcomparáid le Fiontraíocht Éireann agus an IDA. Dar leis an Seanadóir, áfach, gur beag seans go ndéanfar aon ardú mór ar bhuiséad an Údaráis sna blianta amach romhainn.

“Ba bhreá liom a rá go mbeinn dóchasach nó go bhfuil mé dóchasach go dtiocfaidh ardú ar an tacaíocht nó an méid airgid a fhaigheann an tÚdarás ach ní dóigh liom go dtarlóidh sé sin. Ní fheicim é sin beag ná mór,” a dúirt an Seanadóir Ó Céidigh.

Dúirt Ó Céidigh chomh maith nach raibh dóthain “joined-up thinking” i gceist le cruthú fostaíochta sa Ghaeltacht agus gur údar “díomá” dó nach bhfuil ceangal níos láidre ag Údarás na Gaeltachta le leithéidí Fiontraíocht Éireann agus an IDA.

De réir Athbhreithniú 2017 Údarás na Gaeltachta, a foilsíodh Dé Luain, cruthaíodh 630 post nua lánaimseartha i gcliantchomhlachtaí Údarás na Gaeltachta in 2017. Glanmhéadú 155 post a bhí i gceist ón mbliain roimhe sin,  agus bhí glanmhéadú fostaíochta i gceist i ngach ceantar Gaeltachta, an chéad uair ar tharla a leithéid ó 1996.

7,503 post lánaimseartha agus 606 post páirtaimseartha a bhí i gcomhlachtaí a fuair tacaíocht ón Údarás ag deireadh na bliana seo caite.

Tá an anailís atá déanta ag Tuairisc.ie ar fhigiúirí maidir le cruthú fostaíochta i gcás Údarás na Gaeltachta, Fiontraíocht Éireann agus an IDA bunaithe ar fhostaíocht lánaimseartha agus pháirtaimseartha i gcomhlachtaí a bhfuil tacaíocht faighte acu ó na heagraíochtaí sin le trí bliana anuas.




Fág freagra ar 'An ráta cruthaithe fostaíochta níos ísle ag Údarás na Gaeltachta ná eagraíochtaí fiontraíochta eile'