An raibh aonad tosaithe chomh maith ag aon fhoireann club riamh? 

Tarlaíonn an rud nach bhfuil súil leis ó am go ham ach is deacair a shamhlú nach mbeidh Seamróga Bhaile Héil róláidir do Ghaeil Uí Lochlainn

An raibh aonad tosaithe chomh maith ag aon fhoireann club riamh? 

Eoin Cody. Pictiúr: INPHO/Brian Reilly-Troy

Níl a leithéid de rud ann is drochaimsir ach a bheith gléasta ina comhair, a dúirt saoi éigin. Bhuel bhí drochaimsir againn an Domhnach seo caite agus bhí an fear seo fliuch fuar báite ag féachaint ar iomáint á himirt beo. Níos déanaí sa lá bhí an fear céanna ag féachaint ar chluiche leathcheannais Átha Cliath ar an scáileán agus an bháisteach ag séideadh trí Pháirc Pharnell formhór an chluiche.

Ní raibh mórán a bhí taitneamhach don imreoir ná don leantóir a bhí ag freastal ar na cluichí sin nó mórán cluichí eile ar an lá céanna. Agus ní i bhfeabhas a rachaidh cúrsaí sna laethanta amach romhainn. N’fheadar in aon chor faoi chluichí tábhachtacha club a bheith á n-imirt an t-am seo bliana.

Pé scéal é, tá an club is láidre sa tír ag dul chun páirce amárach chun a gcraobh shinsir chontae a chosaint, craobh atá buaite acu ocht n-uaire déag ó 1978, nuair a bhuadar é den chéad uair. Bhí seisear imreoirí leis an sloinne Fennelly ar an bhfoireann bhuacach sin, cúigear acu sna tosaithe agus Seán i lár na páirce.

Ó, agus dála an scéil tá foireann an lae inniu ar thóir a gceathrú craobh as a chéile. Tá seilbh acu freisin ar choirn Laighean agus na hÉireann le dhá bhliain anuas. Dar ndóigh táim ag caint faoi Sheamróga Bhaile Héil Chill Chainnigh atá ag dul chun páirce i gcoinne foireann as cathair Chill Chainnigh, Gaeil Uí Lochlainn.

Is cosúil go bhfuil na réalta go léir ag na Seamróga, agus tá TJ Reid acu, duine de na tosaithe is fearr sa chontae agus is fearr a d’imir an spórt iontach seo riamh. Taobh leis ar an bhfoireann club tá Imreoir Óg 2020, Eoin Cody (atá óg agus maith go leor le bheith ar an ngearrliosta arís i mbliana). Tosaí speisialta eile é captaen Cill Chainnigh na bliana seo, Adrian Mullen.

Ná déanaimis dearmad ar Colin Fennelly a dhéanfadh scrios ar aon lánchúlaí. Chaith Richie Reid geansaí uimhir a naoi leis an bhfoireann contae i mbliana agus bhí Joey Holden agus Darragh Corcoran i measc na bhfear ionaid i gcoinne Chorcaí sa chluiche leathcheannais ag tús mhí Lúnasa. Ach na tosaithe sin, an raibh nó an bhfuil aonad tosaithe chomh maith ag aon fhoireann club riamh?

Dar ndóigh tá a réalta contae féin ag na Gaeil ach b’fhéidir nach bhfuil a ndóthain acu. Chaith Huw Lawlor geansaí a trí agus Paddy Deegan uimhir a ceathair i gcoinne Chorcaí sa chraobh.

Amárach beidh orthu a bheith os cionn a mbuille go maith agus iad ag gríosú na gcúlaithe eile ina dtimpeall.

An uair dheireanach ar bhuadar cluiche ceannais ba iad na Seamróga a bhí ina gcoinne freisin.

Bunaíodh an club i 1969 agus tá ceithre chraobh contae buaite acu, iad go léir sa mhílaois seo.

Sa cluiche leathcheannais, bhuadar ar Thulach Ruáin a bhuíochas do chúl Owen Wall agus naoi gcúilín ó chamán Mark Bergin, fear a scóráil 11 cúilín sa chraobh dheireanach a bhuadar in 2016. Ach ní rabhadar go hiontach sa chluiche sin coicís ó shin agus bhí siad in am cúiteamh gortuithe nuair a scóráil siad na trí chúilín dhéanacha a d’fhág an bua acu.  Ní dóigh go raibh an bainisteoir, an t-iar-réalta contae Andy Comerford, róshásta leis an taispeántas.

Caithfidh siad imirt i bhfad níos fearr amárach agus caithfidh na déithe agus na réalta a bheith leo.

Dar ndóigh tarlaíonn an rud nach bhfuil súil leis ó am go ham ach is deacair dom cás dearfach a dhéanamh dos na Gaeil.

Tá an iomad cumhachta ar fad ag tosaithe na Seamróg agus mura dtarlaíonn míorúilt éigin beidh an lá leo.

Fág freagra ar 'An raibh aonad tosaithe chomh maith ag aon fhoireann club riamh? '