An PSNI fágtha sa dorchadas faoi cheist na teorann agus an Bhreatimeachta

Scannal is ea é go bhfágfaí seirbhís phóilíneachta a bheidh ag déileáil le ceist chomh híogair leis an teorainn ar an aineolas

An PSNI fágtha sa dorchadas faoi cheist na teorann agus an Bhreatimeachta

Pictiúr: Rollingnews.ie

Ba cheart dúinn go léir a bheith imníoch faoi eolas a tháinig chun solais nuair a thug Príomh-Chonstábla an PSNI, George Hamilton fianaise do Choiste Parlaiminte Thuaisceart Éireann in Westminster le gairid.

Dúirt an Príomh-Chonstábla agus a chomhghleacaí, an Príomh-Chonstábla Cúnta, Stephen Martin, nach raibh eolas dá laghad ag an PSNI faoi na riachtanais slándála a bhainfidh leis an teorainn i ndiaidh an Bhreatimeachta. Ina theannta sin, dúradar nach raibh a fhios acu fiú amháin cén duine nó cén t-údarás atá freagrach as na dúshláin a gcaithfidh an PSNI a dhul i ngleic leo i dtaca leis an teorainn.

Liosta le háireamh iad na cúraimí stáit a bhfuil faillí déanta iontu ó thit Stormont. Is iomaí ceist phráinneach ar deineadh neamart uirthi nuair a bhí Stormont i réim, ach ábhar do lá eile é sin. Bliain go leith ó cuireadh deireadh leis an bhFeidhmeannas agus an Tionól níl d’obair déanta ag rialtas Theresa May ach dhá bhuiséad a sholáthar do Thuaisceart Éireann agus córas na rátaí a fheidhmiú. Is léir go raibh leisce ar an Státrúnaí James Brokenshire agus a chomharba Karen Bradley aon ní a dhéanamh a chuirfeadh isteach ar an DUP atá ag coinneáil a rialtais i gcumhacht. Bhí an DUP míshásta, áfach, nach raibh dlús á chur le tograí a roghnaigh siadsan, go háirithe i gcúrsaí sláinte agus oideachais. Tá a rogha féin ag gach duine ar ndóigh, ach ba dheacair ceist níos práinní ná ceist na póilíneachta a áireamh.

Dúshlán don PSNI is ea é pleanáil chuí a dhéanamh le haghaidh na teorann agus le haghaidh aerfoirt agus calafoirt i ndiaidh an Bhreatimeachta. Beidh dualgais nua i gceist, bíodh an teorainn crua nó bog, mar gur críochdheighilt idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach a bheas inti. Agus na póilíní os comhair an Choiste Parlaiminte ní raibh ach naoi mí fágtha go dtí spriocdháta na Ríochta Aontaithe chun an AE a fhágáil. Dúradar go raibh brú ama orthu chun pleananna a thionscnamh ach cheal eolais go raibh siad i bponc.

Bhí os cionn 4,000 duine curtha le foireann custaim HMRC agus 2,000 le hÁisíneacht na dTeorainneacha chun déileáil leis an mBreatimeacht, a dúirt siad. Theastódh 400 earcaí sa bhreis ón PSNI, ach cé a cheadóidh? Faigheann an PSNI ‘éisteacht’ agus léirítear ‘comhbhá’ leo, arsa Hamilton, ach níl ainm an duine atá freagrach as an gcur chuige i leith na teorann acu. Tá feidhmeannaigh shinsearacha freagrach as cásanna éagsúla a shamhlaítear leis an ré iar-Bhreatimeachta, ach níl samhail ar bith acu do Thuaisceart Éireann. “Airimíd gur dílleachtaí sinn,” arsa fear an PSNI.

Tá “barúlacha réasúnta” ag an PSNI faoi cad a bheidh i gceist a dúirt George Hamilton. Tá stocáireamh déanta acu agus a dtuairisc seolta acu chuig Ard-Rúnaí na Roinne Cirt i Stormont, chuig Cathaoirleach Bhord na Póilíneachta agus chuig An Státrúnaí Karen Bradley.

Deirtear sa tuairisc:

1. Go mbeidh rialú inimirce riachtanach ach ó tharla go mbeidh an comhlimistéar taistil i réim i gcónaí tá amhras ann go mbeidh na póilíní idir dhá thine Bhealtaine.

2. Go mbeidh siad siúd ar mian leo dochar a dhéanamh in ann aimhleas a bhaint as an teorainn – coirpigh agus easaontóirí poblachtacha, cuir i gcas.

3. Go bhfuil baol ann go n-ionsófaí infreastruchtúr ach fiú d’uireasa an bhaoil sin cruthóidh an Breatimeacht deacrachtaí ó thaobh chomhoibriú slándála. (Tá an comhoibriú leis an nGarda Síochána ar fheabhas, a deirtear, agus d’fhéadfadh gur amhlaidh a bheidh amach anseo, a deir Hamilton, go háirithe agus a chara Drew Harris ina Choimisinéir.) Tá sé ina imní chomh maith faoina bhfuil i ndán don Bharántas Gabhála Eorpach. Má imíonn sé sin, an gcuirfear a mhacasamhail de shocrú idirnáisiúnta i bhfeidhm?

I measc na n-údar buartha eile a bhí ag an bPríomh-Chonstábla bhí an ghuagacht a d’fhéadfaí a chothú de bharr an Bhreatimeachta toisc náisiúnaithe a bheith ag éirí míshocair faoin mbaol dá bhféiniúlacht agus dílseoirí a bheith ag éirí corraithe de bharr éilimh ar reifreann faoin teorainn. Bheadh ar phóilíní daoine ó áisíneachtaí eile a thionlacan agus a chosaint agus iad i mbun a gcúraim ar eagla go mbeidís i gcontúirt ó pharaimíleataigh nó coirpigh eile.

Scannal is ea é go bhfágfaí seirbhís phóilíneachta a bheidh ag déileáil le ceist chomh híogair leis an teorainn ar an aineolas, ach tá a leithéid ag teacht le cur chuige amscaí rialtas na Breataine go dtí seo. Díol suntais é go bhfuil roinnt oibre déanta i dtaca le lucht custaim agus inimirce sa Bhreatain Mhór, rud nach bhfuil déanta abhus. Comhartha sóirt eile ar Thuaisceart Éireann a bheith gan aon ghlór nuair a bhíonn Airí ag ullmhú don Bhreatimeacht.

Iarnóta

Fuair Coimisinéir nua an Gharda Síochána, Drew Harris, ardmholadh ag an éisteacht den Choiste Parlaiminteach ach dhearbhaigh an Príomh-Chonstábla nach féidir comharba Drew a cheapadh d’éagmais Bord Póilíneachta. Fágfaidh imeacht Harris go mbeidh seisear den naonúr póilíní is sinsearaí san PSNI ag feidhmiú ar bhonn eatramhach, cor eile sa scéal nach bhfuil sásúil ó thaobh na bhfostaithe féin ná ó thaobh na seirbhíse. Bhí léas dóchais amháin ag an éisteacht, áfach. Dúirt George Hamilton go raibh sé tugtha le fios dó go ngníomhódh an Bhreatain – an Státrúnaí Karen Bradley is cosúil – chun an Bord Póilíneachta a chur ar bhonn feidhmiúil, fiú gan bonn a bheith curtha athuair faoi thionól Stormont. Tuigeadh don Phríomh-Chonstábla go dtarlódh sé an mhí seo nó, ar a dheireanaí, sa bhfómhar. Is mithid.

Fág freagra ar 'An PSNI fágtha sa dorchadas faoi cheist na teorann agus an Bhreatimeachta'