AN POD GAEILGE: Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Maighread Ní Dhomhnaill: ‘Bhí ár gcroí istigh sna hamhráin Ghaeilge… sin an dúchas a bhí againne’

San ardchathair atá Helen san eagrán seo chun paiste cainte a dhéanamh leis an amhránaí Maighread Ní Dhomhnaill

AN POD GAEILGE: Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Maighread Ní Dhomhnaill: ‘Bhí ár gcroí istigh sna hamhráin Ghaeilge… sin an dúchas a bhí againne’

Saolaíodh Maighread i gCeannanas i gcontae na Mí ach is i Rann na Feirste i dTír Chonaill, ceantar dúchais a hathar, atá a croí.

Is ann a chuir sí barr slachta ar a cuid Gaeilge agus is ann a tháinig sí ar thobar na n-amhrán a chan sí i gcaitheamh a saoil. Ní raibh sí ach cúig bliana déag d’aois nuair a chuir Gael Linn amach i 1971 albam léi féin, a deirfiúr Tríona, a ndeartháir Mícheál agus Dáithí Sproule.

Tá trácht fós ar an mbuíon cheoil sin – Skara Brae. Níor thaitin sé le daoine áirithe gur chuir siad tionlacan ceoil le hamhráin thraidisiúnta ach níor chuir sé sin aon bhac orthu agus maireann a gcáil inniu mar cheannródaithe.

Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.

Fág freagra ar 'AN POD GAEILGE: Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Maighread Ní Dhomhnaill: ‘Bhí ár gcroí istigh sna hamhráin Ghaeilge… sin an dúchas a bhí againne’'