Labhair Helen Ní Shé an tseachtain seo le Louise Ní Fhiannachta, an scríbhneoir agus stiúrthóir scannáin ó Bhaile an Chótaigh i bParóiste Fionntrá i gCorca Dhuibhne, faoina saol agus saothar.
Labhraíonn siad faoi cad a thug go dtí Béal Feirste Louise agus faoi cad ina thaobh go bhfuil sí chomh sásta ag cur fúithi sa chathair sin. Pléann sí an traidisiún drámaíochta i gCorca Dhuibhne agus a cuid oibre le TG4 ó laethanta luatha an stáisiúin. Labhraíonn Louise faoin draíocht a bhaineann le hobair mheithle scannáin, faoi chaidreamh an stiúrthóra leis an aisteoir agus faoi scannán faisnéise a dhéanamh a bhaineann le do phobal féin.
Labhraíonn sí óna croí chomh maith faoina cinneadh 19 bliain ó shin cúl a thabhairt leis an ól agus ar an tsaoirse a lean an cinneadh sin.
Ar deireadh thiar tráchtann sí ar mhisneach Kneecap agus ar na hathruithe sna meáin ó thosaigh sí féin ag plé le TG4 30 bliain ó shin.
Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.
Fág freagra ar 'AN POD GAEILGE: Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Louise Ní Fhiannachta: ‘Dá gcoimeádfainn orm ag ól mar sin, ní bheinn anseo leatsa’'