An Paróiste Theas – dán do Liam Ó Muirthile cothrom lae a bháis

Cothrom an lae seo dhá bhliain ó shin a bhásaigh an file Liam Ó Muirthile. Seo dán a dhein Louis de Paor dó…

An Paróiste Theas – dán do Liam Ó Muirthile cothrom lae a bháis

An Paróiste Theas

Don’t go in there, adúirt an governess leis an gcailín
a raibh 32 crann úll i ngairdín a muintire.
Ach bhís age baile sa chúlsráid sin
plódaithe ag na beo is na mairbh
mar ar bhuail an tuath is an chathair
anois is anallód le chéile
i dtigh tábhairne binn do mháthar.

Chaithis do shaol ag tochailt
gur nochtaigh guthanna báite
sa láib réamhurlabhra:
Nóra Priocsmut agus Virgie Ryan,
Walter Vigilans is fear na habhann
a dhiúltaigh gifte do chuid focal:
Fuck off with your Irish. Gimme my voice, like.

Mhaireadar ionat agus tríot:
The Russian a chuir iarthar Chorcaí
trí lasadh le mórtas a thórraimh,
John Hart is Maggie Howley,
Miss Paris 1903, a giall ite ag ailse,
Michael agus Finbarr dod leanúint
go bhfuaireadar an ní a bhí uathu.

Saolaíodh tusa idir dhá linn, a Liam,
greim an dá bhruach agat
ar no man’s langue a shaothraigh tú
le fuil agus allas do phinn
gur aimsigh do stáitse féin sa ghabhal
idir dhá shruth na habhann,
droichead guagach déanta d’fhocail
gur féidir a shiúl anois id theannta.

Is linne feasta an chuid sin dínn fhéin
a nochtaigh tú dúinn i bhfoirm bhéarsaí
sarar chuais le searc na laoch don scoil
mar a bhfuilimidne fós ag foghlaim port
is léinn agus sibhse ag iompar cré is cloch:
Ó Riada, Ó Ríordáin, Ó Muirthile,
Corcaigh.

Fág freagra ar 'An Paróiste Theas – dán do Liam Ó Muirthile cothrom lae a bháis'

  • alan titley

    Álainn, Louis, cruinn ceart agus Corcaíoch chomh maith! Airímid uainn é…

  • L.Uí Shúilleabháin

    álainn ar fad, Corcaigh go smior ann, cosúil le saothar Uí Mhuirthile

  • Caitriona Ni Chleirchin

    Go hálainn ar fad, a Louis.

  • Aodh Ó Coileáin

    Beireann ‘An Paróiste Theas’ ar Liam.
    Go raibh maith agat, a Louis.
    Ina dhán, An Seanduine, a scríobh Liam d’Iarla Ó Lionaird, dúirt sé:

    An garsún ag canadh
    Aisling Gheal
    is é chomh hiomlán
    laistigh den amhrán,
    bhí a oiread den aisling
    á chanadh súd

    is a bhí de féin
    ag gabháil amhráin.
    Sheol an aisling tríd,
    is d’ardaigh ár gcoscéimne
    go buan oiread na fríde
    os cionn talún.

    (Ón gcnuasach: Sanas, LÓM, 2007)

    D’fhéadfadh sé gur fé Liam féin na línte.
    Ó Riada, Ó Riordáin, Ó Muirthile,
    Corcaigh.