Cé a thógfadh ar na toscairí ag comhdháil bhliantúil an DUP a bheith in isle brí? Nó ar Gavin Robinson a bheith ag caint ar athrú is ar chur chuige nua ina chéad óráid mar cheannaire? Sé mhí ó shin ghlac feisire Bhéal Feirste Thoir ceannas ar an bpáirtí faoi chúinsí anásta. Trí mhí ó shin chaill siad trí shuíochán Parlaiminte agus ba dhóbair dóibh péire eile a chailliúint
Mór idir na laethanta nuair a d’fháiltigh teachtaí roimh a gceannaire Ian Paisley amhail dia beag. Nó nuair a chan siad ‘Arlene is on fire’ fiú má ba mhí-ámharach an rogha an t-amhrán i bhfianaise a dtáinig chun solais ina dhiaidh sin faoi róchaiteachas ar scéim fuinnimh inathnuaite an RHI. Bhí an tinreamh ar an gcomhdháil i mBéal Feirste Dé Sathairn níos lú ná mar ba ghnách, é suntasach nach raibh Paisley ar bith ina measc den chéad uair ariamh. Bhí seanfhondúirí i láthair ach sean agus óg ag iarraidh a dhul i ngleic le mífhortún an olltoghcháin.
Chuir siad fáilte roimh Gavin Robinson; taitníonn sé le daoine agus ba léir go dtuigeann siad gur dhúshlán ollmhór é glacadh leis an gceannaireacht i ndiaidh imeacht Jeffrey Donaldson atá cúisithe i gcionta gnéis a shéanann sé. Ní raibh blas ar bith ann de spleodar nó buaileam sciath na seanaimsire. Ní raibh aon rian ach an oiread den easaontas a chothaigh guagacht ag deireadh mhí Eanáir nuair a chinn Jeffrey Donaldson go n-éireodh an páirtí as an mbaghcat faoi theorainn i Muir Éireann chun Stormont a athnuachan.
D’aontaigh ionadaithe tofa agus an chosmhuintir le Gavin Robinson go raibh an ceart acu filleadh ar Stormont. Ní hiontas é sin. Má tá téarnamh i ndán dóibh is in Stormont a leagfar an bhunchloch. Dé Luain d’inis Robinson don BBC nach dtarraingeodh an DUP amach as Stormont arís. Ba chosúil gur ghlac baill an pháirtí leis nár mhór tarraingt le chéile le díriú ar atógáil. Dúirt Robinson ina aitheasc go ngabhfadh siad chun cinn le dóchas ach níor léir céard iad na pleananna chuige sin.
Dúirt sé gur chuir sé na feisirí parlaiminte agus na teachtaí Tionóil ar an eolas cheana féin faoin a leagan amach ach níor roinn sé sonraí leis na toscairí. Labhair sé faoi leasú inmheánach ar an bpáirtí, cumarsáid laistigh agus lasmuigh a fheabhsú agus comhoibriú le haontachtaithe eile. Teastaíonn uaidh an ceangal leis an gcosmhuintir a neartú.
An gciallaíonn sé sin go mbogfaidh an DUP i dtreo an TUV? Nó an UUP nó Alliance. Sin iad na páirtithe a bhain suíocháin díobh san olltoghchán; fuair Jim Allister TUV an ceann is fearr ar Ian Paisley óg in Aontroim thuaidh, bhain Robin Swann UUP an suíochán a bhí ag Paul Girvan in Aontroim Theas agus bhí an lá le Sorcha Eastwood Alliance i nGleann an Lagáin áit a raibh Jeffrey Donaldson ina fheisire le blianta. Thairis sin ba bheag nár bhain Sinn Féin Doire Thoir, áit ar choinnigh Gregory Campbell a shuíochán ar éigean agus in Aontroim Thoir bhí laghdú ollmhór ar mhóramh Sammy Wilson.
Cibé anailís atá déanta ag Gavin Robinson ar an gcúlú forleathan sin, bhí an chaint teibí. Tá go leor sioscadh i measc na n-ionadaithe faoi alt a scríobh Lee Reynolds, iarchomhairleoir ag Arlene Foster nuair a bhí sí sa chéad-aireacht. Dúirt sé san iris pholaitiúil The Critic gur laige ar an eagraíocht an iomarca cumhachta a bheith ag ionadaithe tofa; mhol sé leasuithe inmheánacha agus athruithe ó bhonn ar fheachtasaíocht. Thar aon ní dúirt sé nár mhór dóibh a bheith straitéiseach agus fáil réidh leis an íomhá mar pháirtí an diúltachais.
Seans gur chéim rómhór é an moladh deiridh sin do pháirtí a raibh ‘Níl’ de dhlúth agus d’inneach ann ó lá a bhunaithe ,ach beidh tábhacht nach beag ag an gcúrsa a roghnóidh an DUP san tréimhse seo romhainn do thodhchaí polaitiúil Thuaisceart Éireann. Más biseach nó a thuilleadh meatha atá i ndán dóibh tá breis is dhá bhliain go leith acu roimh thoghchán Tionóil eile agus cúig bliana roimh olltoghchán.
Fág freagra ar 'An ndéarfaidh an DUP ‘níl’ leis an téarnamh? '