An mise amháin atá ina hóinseach ag lucht an tsiopa DIY?

Chuaigh muid anonn is anall mar sin ar feadh trí lá agus trí oíche agus ar deireadh d’imigh mé as an siopa gan aon séala

An mise amháin atá ina hóinseach ag lucht an tsiopa DIY?

‘Tá barúil agamsa go mbíonn an siopa DIY ag caitheamh liom ar nós gur óinseach mé!’ a dúirt mé le Fear an Tí an oíche cheana agus scéal fada leanúnach an sceitheadh uisce ón gcithfholcadáin á phlé arís againn. ‘An liomsa amháin a bhíonn siad ag caint mar seo?’

‘Ara ní cheapaim é,’ a deir Fear an Tí, ‘déarfainn go bhfuil paranóia ort.’

B’fhéidir é, a chuimhnigh mé. B’fhéidir go raibh paranóia orm.

Ní ag déanamh gaisce atá mé, ach ba mhaith liom a cheapadh go mbeinn in ann an chuid is mó de na jabanna DIY a dhéanamh sa teach dá dtiocfadh orm. An t-aon choinníoll a chuirfinn leis an ráiteas sin ná go bhfuil mé i gcónaí ag súil is ag guí nach dtiocfaidh orm is go ndéanfaidh Fear an Tí an obair sin.

Níl aon leithscéal anois agam agus físeáin YouTube ar fáil ar mhórán gach ábhar faoin spéir a bhaineann le cúrsaí DIY.

Foghlaimeoidh tú rud ar bith má tá sé d’fhoighid agat suí tríd an chéad deich nóiméad den fhíseán. Feicim gur sna deich nóiméad sin a mhíníonn an DIY-aire cén fáth go bhfuil sé ag déanamh an fhíseáin, na rudaí a thriail sé nár oibrigh agus céard a bhí aige don bhricfeasta an mhaidin sin.

An ‘intro’ is dóigh a thabharfá air, iarrfaidh sé ort neamhaird a dhéanamh den ghadhar atá ag tafann go fiáin sa gcúlra agus fanacht go gcuirfidh sé amach an gadhar is go dtiocfaidh sé ar ais go dtí an físeán. Ina dhiaidh sin ar fad, taispeánfaidh sé duit cén chaoi leis an gcomhla liathróide a dheisiú sa dabhach uisce ar an leithreas. Seánra ann féin atá ann, is tá a nósmhaireacht insealbhaithe féin aige.

‘Más paranóia atá orm,’ a dúirt mé le Fear an Tí an oíche cheana, ‘inseoidh mé an scéal seo duit agus abair liom céard a cheapfá.’

‘Abair leat,’ a deir sé.

Tharla gur chuir mé an séala atá ar dhoras an chithfholcadáin isteach sa niteoir soithí cúpla lá roimhe sin ag iarraidh é a ghlanadh. Níor oibrigh sé amach rómhaith dom. Chuaigh bata isteach is tháinig búmarang amach. Caithfear dul sa seans sa saol seo scaití, in amanna gabhfaidh sé do bhealach agus in amanna eile, bhuel, gheobhaidh tú búmarang.

‘Chuaigh mé isteach sa siopa agus d’iarr mé séala don chithfholcadán agus chuir sé míle ceist orm,’ a dúirt mé.

‘Cén sórt dorais atá agaibh?’ a d’fhiafraigh Fear an tSiopa díom.

‘Gnáthdhoras gloine,’ a dúirt mé.

‘Ó tá go leor cineálacha gloine ann bíodh a fhios agat.’ a deir sé.

‘An bhfuil dháiríre?’ a d’fhiafraigh mé dhe. ‘Gnáth-thiús gloine, abair ceathrú orlaigh,’ a deir mé.

‘Ceathrú orlaigh,’ a deir sé go machnamhach. ‘Agus abair é seo liom, cén tomhas atá idir barr an fholcadáin agus an doras féin?’

Chuaigh muid anonn is anall mar sin ar feadh trí lá agus trí oíche agus ar deireadh d’imigh mé as an siopa gan aon séala.

‘Ar tharla tada mar sin duitse nuair a chuaigh tú isteach?’ a d’fhiafraigh mé d’Fhear an Tí agus mo scéal truamhéalach á aithris agam dhó.

‘Inseoidh mé duit céard a tharla domsa,’ a deir sé. ‘D’iarr mé an séala, fuair sé dom é, cheannaigh mé é agus chuaigh mé abhaile!’

Fág freagra ar 'An mise amháin atá ina hóinseach ag lucht an tsiopa DIY?'