Tá díomá ar lucht bhialanna agus thithe tábhairne na Gaeltachta faoin chinneadh moill a chur ar an tseirbhís lónadóireachta laistigh agus í a theorannú do dhaoine a bhfuil an vacsaín ar fad faighte acu.
Tháinig gnéithe de phlean nua athoscailte an rialtais don earnáil, a d’fhógair an Taoiseach tráthnóna inné, aniar aduaidh ar lucht na hearnála ar fud na Gaeltachta.
Dúradh go gcothódh an cinneadh nach mbeadh cead ithe agus ól taobh istigh ach ag daoine a bhfuil an vacsaín ar fad faighte acu go leor deacrachtaí agus éiginnteachta.
Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Diarmuid Ó Mathúna, úinéir Pota, caifé nua i mBaile na hAbhann i gConamara, gur cheap sé go mbeadh sé “beagnach dodhéanta” pleananna an rialtais a chur i bhfeidhm.
“An mbeidh muid ag feidhmiú ar nós aerfoirt agus daoine a scaoileadh isteach thar an tairseach a bhfuil pas nó rud éigin acu agus daoine eile a chur ó dhoras? Samhlaím go mbeadh sé sin an-deacair le cur i bhfeidhm.
“Plean ciotach” a bhí ann dar le Ó Mathúna, agus “go leor ceisteanna” gan freagraí go fóill.
“Cad mar gheall ar an bhfoireann, a bhfuil cead acu obair i mbialann amháin agus nach bhfuil cead acu ithe i mbialann eile? Céard faoi dhaoine atá ag fanacht in óstáin agus cead acu ithe i mbialann an óstáin ach gan a bheith in ann ithe i mbialanna eile? Cad é an chúis leis an idirdhealú sin?” arsa Diarmuid Ó Mathúna, úinéir Pota.
D’aontaigh Áine Uí Dhubhshláine, úinéir Tigh Áine, bialann ar an Ghráig i nGaeltacht Chorca Dhuibhne, go mbeadh dúshlán ar leith ann “teaghlaigh a scarúint óna chéile’ ag brath ar cé acu a raibh an vacsaín iomlán faighte acu nó nach raibh.
“Má thagann clann seisir agus triúr as an seisear ná fuil an vacsaín fachta acu, an gcaithfimid an triúr eile a chur abhaile?”
Dúirt Ní Dhubhshláine gur “buille mór” a bhí ann di agus do go leor gnóthaí sa cheantar a bhíonn ag brath ar an samhradh le hairgead a shaothrú don bhliain.
“Ó thaobh an tséasúir de, níl ach dhá mhí againne. Iúil agus Lúnasa a bhí againne riamh. Tá gnó againn ó 1975 agus níor tháinig aon athrú ar an séasúr. Déanaimse mo chuid airgid don bhliain iomlán le linn an dá mhí san. Muna bhfuil an dá mhí san agam beidh mé i dtrioblóid i dtaobh airgid de agus beidh an-chuid daoine eile chomh maith, bí cinnte de.
“Cruthaitheacht agus misneach a bhí ag teastáil le teacht timpeall ar na dúshláin,” a dúirt Áine Ní Dhubhshláine.
Dúirt Aodhán Ó Sé, atá i mbun an tí tábhairne An Chistin ar an Cheathrú Rua, go raibh “an-díomá” air faoin mhoill breise a bhí curtha leis an athoscailt.
“Tá áit mhór mhillteach againn anseo agus tá na custaiméirí taobh amuigh. An bháisteach a bhí againn an tseachtain seo caite, ní fhéadfaidís suí taobh amuigh i bhfad mar sin níl muid ag déanamh beatha go dtí go mbíonn rudaí ar ais mar a bhí siad.
“Níl sé ag déanamh mórán céille níos mó. Tuigim go bhfuil an Covid ag fairsingiú ach chloígh muid leis na rialacha ar fad agus bhí daoine á gcoinneáil an dá mhéadar óna chéile. Sin an rud is mó a chuireann múisiam orm.”
Dúirt Ó Sé go raibh cuairteoirí sa cheantar ach nach raibh sé ag súil le samhradh an-ghnóthach ar an Cheathrú Rua toisc nach bhfuil na cúrsaí Gaeilge á reáchtáil don dara bliain as a chéile.
Dúirt Hugh Ó Gallchóir, uinéir Theach Hiúdaí i nGaoth Dobhair i nGaeltacht Dhún na nGall gur mheas sé nach raibh mórán de rogha ag an rialtas ach an dáta d’athoscailt na dtithe tábhairne a chur siar tamall eile.
“Tá an cineál Delta den ghalar ag pórú agus ar mhaithe le sábháilteacht daoine sílim go ndearnadh cinneadh stuama chun deis a thabhairt an vacsaín a dháileadh ar níos mó daoine,” a dúirt úinéir Theach Hiúdaí ar an Bhun Beag.
Idir an dá linn, dúirt an t-Aire Stáit Ossian Smyth le RTÉ Raidió na Gaeltachta tráthnóna inné gur dócha gur bunaithe ar an bpas digiteach Eorpach a bheadh an córas nua do na bialanna agus tithe tábhairne.
Dúirt Smyth chomh maith ar an gclár Tús Áite go raibh sé i gceist ag an Rialtas tuairim neamhspleách eile a lorg ó fhoinse údarásach, leithéid an WHO, faoi na figiúirí a chuir NPHET ina láthair maidir le líon na gcásanna a d’fhéadfadh a bheith ann de thoradh scaipeadh chineál an Delta den víreas.
Fág freagra ar '‘An mbeimid ar nós aerfoirt ag lorg pasanna?’ – díomá ar lucht bia agus dí na Gaeltachta'