An mbeidh praghas le híoc ag na Glasaigh as seasamh lena gcomhghleacaithe?

Déantar ceap milleáin go minic den Chomhaontas Glas i ndíospóireachtaí polaitíochta agus is minic a mbíonn siad sásta gur suas leis

An mbeidh praghas le híoc ag na Glasaigh as seasamh lena gcomhghleacaithe?

Bhí Ard-Fheis an Chomhaontais Ghlais ar siúl ag an deireadh seachtaine, agus polaiteoirí an pháirtí is lú sa chomhrialtas tagtha le chéile chun féachaint siar ar an gcéad leath den téarma Dála agus ar conas a d’éirigh leo.

Dar leis na Glasaigh, is iomaí cúis cheiliúrtha atá acu – d’éirigh leis an Aire Comhshaoil Plean Aeráide uaillmhianach a chur trí Thithe an Oireachtais, le tacaíocht stuama ón dá pháirtí comhrialtais eile. Tá cosc le cur ar ghual deataigh (agus ar dhíolachán móna, leis) agus tá laghdú 25% le cur ar astaíochtaí carbóin in earnáil na talmhaíochta as seo go ceann ocht mbliana – céim mhór chun tosaigh ó thaobh na timpeallachta de, agus freagracht glactha ag an earnáil is mó astaíochtaí sa tír seo faoi dheireadh.

Tá infheistíocht ollmhór déanta sa gcóras poiblí iompair go náisiúnta, agus praghas ticéid laghdaithe go mór – an córas níos tarraingtí anois ná riamh de bharr ardú suntasach a bheith ar chostas peitril agus díosail. Tá béim ollmhór curtha ar fhoinsí nua fuinnimh. Dar lena gceannaire Eamon Ryan, faoi dheireadh an téarma rialtais, beidh sé d’acmhainn ag Éirinn dóthain fuinnimh a ghiniúint ó chumhacht na gréine – lá gréine – chun an tír a choinneáil ag imeacht, gan brath ar aon fhoinse fuinnimh eile.

Ach dá mbeadh soineann go Samhain, bheadh breall ar dhuine éigin. In ainneoin na n-éachtaí atá bainte amach ag an gComhaontas Glas, ní gach duine atá sásta lena leithéid. Bhí go leor de na gníomhaithe óga radacacha an-mhísásta go ndeachaigh na Glasaigh isteach sa gcomhrialtas an chéad lá – d’imigh comhairleoirí óga amhail Peadar Caomhánach agus Lorna Bogue ón bpáirtí.

Tá go leor de lucht na haeráide den tuairim nach bhfuil a dhóthain déanta ag an bpáirtí ó shin; gur ghéill siad do na feirmeoirí agus an idirbheartaíocht faoi na hastaíochtaí idir lámha acu.

Ansin tá sciar áirithe den phobal tuaithe a easaontaíonn go láidir lena bpolasaithe – cúrsaí pleanála, baint móna, rásaí na gcon, agus go leor eile.

Déantar ceap milleáin go minic den Chomhaontas Glas i ndíospóireachtaí polaitíochta – fiú an tseachtain seo, agus é fógartha go dtiocfaidh méadú ar phraghas na ndolaí ar bhóithre na tíre, tá ráite ag Fine Gael agus Fianna Fáil go mba bhreá leo an méadú seo a chur ar ceal, ach go gcaithfeadh an Comhaontas Glas a bheannacht a thabhairt dó sin i dtosach.

Bheartaigh Caroline Conroy, Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath agus comhairleoir de chuid an Chomhaontais Glas, nach mbeadh Beithilín Beo os comhair Theach an Ardmhéara an Nollaig seo, toisc imní faoi shábháilteacht na n-ainmhithe.

Níor thóg sé i bhfad ar Fhine Gael preasráiteas agus físeáin a chur amach á cháineadh sin, agus ag cur tús le feachtas chun an Beithilín Beo a thabhairt ar ais. Is léir gur éirigh leis an bhfeachtas sin mar beidh an Beithilín Beo traidisiúnta i bhFaiche Stiabhna i mbliana.

Cheapfá go gcuirfeadh sé seo isteach ar Eamon Ryan agus a chomhghleacaithe. Cheapfá go mbeidís bréan den siar is aniar, agus go mbeadh cloch sa mhuinchille acu agus iad réidh le dul i mbun troda ar son a bhfíse.  Ach níl.

Cuireadh ceist ar Eamon Ryan faoin méid atá á thuairisciú faoi Shinn Féin agus an bhaint a bhí ag daoine áirithe sa bpáirtí sin le mangairí drugaí de chuid The Hutch, atá os comhair na cúirte faoi láthair.

Do dhiúltaigh Eamon Ryan aon cáineadh a dhéanamh, ag rá go ndéanann ráflaí agus scéalta mar seo damáiste don pholaitíocht trí chéile, seachas d’aon pháirtí ar leith.

Ní shamhlóinn go mbeadh polaiteoirí i bpáirtithe eile chomh gnaíúil céanna – agus ní dóigh liom go gcuimhneoidh Sinn Féin air sin an chéad uair go mbeidh cic sa tóin le tabhairt acu don chomhrialtas.

Deirtear gur minic a bhris béal duine a shrón. An léiríonn cás na nGlasach go bhféadfadh cairdeas dochar a dhéanamh chomh maith?

Fág freagra ar 'An mbeidh praghas le híoc ag na Glasaigh as seasamh lena gcomhghleacaithe?'

  • Antóin

    Gan Beithilín Beo os comhair Theach an Ardmhéara an Nollaig seo, toisc imní faoi shábháilteacht na n-ainmhithe! An ag séideadh fúm atá tú?