An mbeidh freagra ag na Leoin ar an gceacht rugbaí a múineadh dóibh?

Tá bunchloch iontach againn do shárchluiche rugbaí, sin más féidir le himreoirí an limistéir seo na deacrachtaí a tháinig chun solais sa dara cluiche a shárú

An mbeidh freagra ag na Leoin ar an gceacht rugbaí a múineadh dóibh?

Beidh aird dhomhan an rugbaí dírithe ar Cape Town tráthnóna inniu chun freagra Warren Gatland agus na Leon ar an gceacht rugbaí a thug curaidh an domhain dóibh a mheas. Ar fhianaise an chur chuige a chonaic muid ó na Springboks seachtain ó shin is deacair bealach ar ais sa gcomórtas trí chluiche a thuar do na Leoin.

Bhí bearna ocht bpointe dhéag i bhfabhar fhoireann an bhaile ag deireadh an dara tástáil,  bua a d’fhág an comórtas cothrom agus bua amháin an taobh ag chaon fhoireann agus chuile rud ag brath anois ar thoradh an lae inniu.

Cúis ollmhór imní do na Leoin an chaoi go raibh chuile ghné d’imirt na hAfraice Theas chomh snasta, cuimsitheach agus fisiciúil sin. Go deimhin ní thugann an scór 27 – 7 léargas ceart dúinn ar an dúshlán atá roimh na Leoin inniu.

Ba léir go ndearna na Springboks dianstaidéar ar imreoirí na Leon idir an chéad agus an dara cluiche agus gur chuidigh Gatland leo nuair nár athraigh sé ach triúr imreoirí a thosaigh sa dá chluiche. Mar a chonaic muid sa dara tástáil bhí léamh iontach déanta ag na Boks ar imreoirí na Leon, seachas ar Henshaw agus ar Itoge, b’fhéidir.

Ní haon iontas go ndearna Gatland sé athrú i measc na n-imreoirí atá ag tosnú an chluiche seo, agus Bundee Aki Chúige Chonnacht ina measc siúd atá ag tosú an geábh seo. Seans go bhfuil an t-ádh ar Conor Murray a bheith fós i measc na n-ionadaithe agus fuair leithéidí Owen Farrell Shasana agus Stuart Hogg na hAlban bata is bóthar.

Is beag rogha eile a bhí ag Gatland seachas athrú cuimsitheach a dhéanamh ar a fhoireann.  Tá a dhroim le balla.  Caithfidh na Leoin troid ó thús an chluiche seo agus caithfidh siad leibhéal fisiciúlachta nach bhfaca muid uathu fós a thabhairt chun páirce.

Beidh go leor ag brath freisin ar chruinneas Bigger agus Russell leis an mbróg agus iad ag iarraidh a chinntiú go bhfanfaidh na Leoin san áireamh agus iad ar thóir na n-úd sin atá chomh deacair a aimsiú i gcoinne churaidh an domhain. Ní hamháin sin ach caithfidh na Leoin teacht ar chúpla cleas chun dul i ngleic le síor-ionsaí agus fisiciúlacht thosaithe na hAfraice Theas. Fiú má úsáideann Gatland an cúigear tosaithe atá roghnaithe aige i measc ionadaithe na Leon is deacair a dhéanamh amach an mbeidh siad in ann an fód a sheasamh thar ochtó nóiméad.  Níl scuad chomh láidir sin acu.

Seachas lucht leanta na Leon, bhí chuile dhuine eile ag súil le bua do na Springboks sa dara cluiche, díreach mar a tharla. Tá bunchloch iontach againn anois do shárchluiche rugbaí, sin más féidir le himreoirí an limistéir seo na deacrachtaí a tháinig chun solais sa dara cluiche a shárú.

Má theipeann orthu sin a dhéanamh beidh an t-ochtó nóiméad lán de phian agus d’fhulaingt.

Fág freagra ar 'An mbeidh freagra ag na Leoin ar an gceacht rugbaí a múineadh dóibh?'