An luach saothair is mó dá bhfuair siad riamh faighte ag CAB sa Ghaeltacht

Thángthas ar eolas faoi €52 milliún den chriptea-airgeadra Bitcoin le linn cuardach ar theach fáis cannabais i gCorr na Móna

An luach saothair is mó dá bhfuair siad riamh faighte ag CAB sa Ghaeltacht

Fuair CAB an luach saothair is mó dá bhfuair siad riamh nuair a ghabh siad breis is €50 milliún i Bitcoin i ruathar a rinne siad ar theach sa Ghaeltacht.

San Ard-Chúirt inné ordaíodh d’fhear a raibh teach aige i gCorr na Móna i nGaeltacht Chonamara an Bitcoin a thabhairt ar láimh don Bhiúró um Shócmhainní Coiriúla.

Thángthas ar an gcriptea-airgeadra le linn fiosrúcháin sa cheantar Gaeltachta faoi dhíol agus soláthar drugaí trí bliana ó shin.

Ghabh na Gardaí seilbh i mí Feabhra 2017 ar luach €450,000 de channabas i dteach fáis i bhFarnocht i gCorr na Móna sa Ghaillimh.

Thug an Garda Síochána le fios ag an am go raibh an teach fáis agus ar bhain leis “an-sofaisticiúil go deo”.

Thángthas ar an teach fáis i ndiaidh do na Gardaí luach €2,000 de channabas a aimsiú i gcarr a stopadh i mBearna Bhealach Sailearnáin i gContae Chill Mhantáin, carr a bhí á thiomáint ag Clifton Collins as Cromghlinn i mBaile Átha Cliath.

Le linn an chuardaigh inar aimsíodh an cannabas i gCorr na Móna thángthas ar eolas faoi chual Bitcoin a bheith ag an bhfear, atá anois 49 bliain d’aois, agus cuireadh fios ar CAB. 

Fuair CAB amach go raibh 6,000 Bitcoin ag Collins a shíltear a cheannaigh sé saor nuair a thosaigh an criptea-airgeadra.

Mí Iúil seo caite chuir CAB ordú calctha i bhfeidhm ar an gcuntas Bitcoin faoin Acht Um Fháltais ó Choireacht.

Rialaigh an Breitheamh Alex Owens sa chúirt inné gur luach saothair ar choiriúlacht a bhí sa Bitcoin agus go gcaithfí é a thabhairt ar láimh do CAB a choinneoidh é ar feadh seacht mbliana sula dtabharfar don Roinn Airgeadais é le cur sa státchiste.  

Ní dhearna Clifton Collins aon agóid i gcoinne iarratas CAB. 

Fág freagra ar 'An luach saothair is mó dá bhfuair siad riamh faighte ag CAB sa Ghaeltacht'